Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
GAN ACH CÚPLA lá caite ó foilsíodh plean nua tithíochta an Rialtais, is cosúil go bhfuil Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta ar mhalairt tuisceana maidir le cén uair a fhoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála i leith na Gaeltachta.
Tháinig an mhalairt tuisceana chun solais nuair a raibh Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, faoi agallamh ar Ádhmaidin ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta maidin Dé Luain ar Adhmhaidin tráth go raibh sé ag tagairt do “threoirlínte pleanála” nach mbeadh “ar fáil roimh na Nollag”.
Tá treoirlínte pleanála Gaeltachta a thabharfadh comhairle d’údaráis áitiúla maidir leis an riachtanas cúrsaí teanga bheith san áireamh agus iarratais phleanála á meas i bpobail Ghaeltachta á ngeallúint ag Airí Gaeltachta agus Tithíochta ó 2022.
Is minic gur gealladh go mbeadh siad ar fáil laistigh de chúpla seachtain nó roimh na Nollag – ach níor foilsíodh iad go fóill in ainneoin éilimh ar a son bheith imithe i ngéire.
Tógadh an cheist leis an Aire le linn an agallaimh go raibh sé tar éis geallúint go mbeadh na treoirlínte pleanála Gaeltachta ar fáil roimh san Fhómhar agus/nó roimh dheireadh na bliana.
Idir an dá linn, áfach, tá aisghairm déanta ar an reachtaíocht a ligfeadh don Aire Tithíochta treoirlínte pleanála ar ábhar ar leith a eisiúint.
Sa cháipéis, Delivering Homes, Building Communities 2025-30, a foilsíodh Déardaoin le leagan as Béarla gan a chomhionann i nGaeilge, ní raibh aon tagairt do threoirlínte pleanála Gaeltachta ach bhí coimitmint go bhfoilseofaí ráiteas náisiúnta pleanála i leith na Gaeltachta sa chead leath de 2027.
I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dúradh i ráiteas ón Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta go mbíodh treoirlínte pleanála maidir le hábhair ar leith á eisiúint ag airí faoi Mhír 28 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 ach go raibh aisghairm déanta ar an mhír sin ó 5 Deireadh Fómhair 2025, “de réir mar a athraíonn an córas pleanála chun dul in oiriúint don Acht Pleanála agus Forbartha 2024″.
Sa ráiteas ón Roinn Tithíochta dúradh go raibh Mír 25 den Acht nua ag cur ar fáil bealach nua don Aire chun polasaí agus treoir maidir le pleanáil a chur ar fáil agus b’é seo an raiteas náisiúnta pleanála.
“Tháinig feidhm leis an mhír seo ar 2 Deireadh Fómhair 2025 agus mar gheall ar seo beidh polasaithe pleanála agus comhairle ón Aire á eisiúint le húdaráis pleanála trí Ráiteas Náisiúnta Pleanála,” dúradh sa ráiteas.
Tagraíodh sa ráiteas ón Roinn Tithíochta don choimitmint sa phlean tithíochta nua go n-eiseofaí “Ráiteas Náisiúnta Pleanála” sa chéad leath de 2027.
Ina agallamh ar Adhmhaidin, lean an Aire Calleary le tagairtí do threoirlínte pleanála seachas na ráitis náisiúnta atá le soláthar faoin reachtaíocht nua.
Thug sé le fios go raibh sé den tuairim nach bhfoilseofaí “treoirlínte pleanála roimh dheireadh na bliana” agus chur sé an locht ar easpa dhaoine is acmhainní sa Roinn Tithíochta mar go raibh na hoifigigh sin ag obair ar an bplean nua tithíochta.
“Tuigim go mór an mhífhoighne atá an, tuigim go mór go bhfuil sé ag cur as do dhaoine, tuigim go mór go bhfuil daoine ag iarraidh dul ar aghaidh lena saol agus cé chomh tábhachtach is atá tithíocht do dhaoine.”
“Sin an fáth go mbeimid ag coimeád an brú is mó ar an Aire Tithíochta chun go mbeidh sé in ann na treoirlínte a fhoilsiú agus an straitéis a fhoilsiú.”
Dúirt an Aire Calleary go raibh cruinniú aige le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta díreach tar éis dos na treoirlínte bheith foilsithe ar an Déardaoin seo cáite chun ról an eagrais sin a phlé agus go raibh sé ag casadh freisin le hUisce Éireann chun cúrsaí a phlé leo.
“Gan Údarás, gan Uisce Éireann,agus gan iad a bheith ábalta agus tosnaithe ar an talamh, ní bheidh na treoirlínte in ann oibriú.
‘Tá mé ag cuir gach rud le chéile, tá mé ag obair leis an Aire Tithíochta agus tá an fhoireann i Roinn na Gaeltachta ag obair an crua ar seo ach caithfimid oibriú leis an Aire Tithíochta freisin is tuigeann an Aire Tithíochta cé chomh tábhachtach is atá sé agus tá soiléir ó cad atá foilsithe sa straitéis nua ag an bpointe seo.”
D’iarr The Journal soiléiriú ar an Aire tar éis an agallaimh ar maidin maidir leis an léargas malartach a bhí tugtha le fios aige agus é ag caint i gcomparáid leis an ráiteas ón Roinn Tithíochta.
Dúradh ná raibh an Aire ar fáil d’agallamh agus seoladh ráiteas inar tugadh le fios go raibh an Aire ar bís go mór go n-eiseofaí “ráiteas” chun tosaigh ar an amlíne a bhí tugtha le fios sa phlean tithíochta an tseachtain seo cáite.
“Tá an Aire Calleary ag teagmháil go rialta leis an Aire Browne maidir le foilsiú na Ráitis Phleanála Náisiúnta (na Treoirlínte Pleanála mar a bhí) i leith ceantair Gaeltachta.
“Tá béim curtha ag an Aire Calleary ar an tábhacht go gcuirfí acmhainní breise i dtreo an phróisis seo.”
Ina agallamh ar Adhmhaidin, thug an Aire Calleary le fios freisin nach raibh an Roinn ullamh chun toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil ar an lá céanna leis an bhfothoghchán do Ghaillimh Thiar atá riachtanach mar gheall ar thoghchán Catherine Connolly mar Uachtarán.
“Ag an bpointe seo tá bord an Údaráis ag obair an crua, go háirithe faoi chúrsaí tithíochta. Tá muinín mhór agam i sa bhord atá againn ag an bpointe seo. Nílim ag ceapadh, leis an fírinne a insint, go mbeimid réidh chun toghchán a chur ar siúl faoi sé mhí. Sin an amlíne atá againn.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say