Take part in our latest brand partnership survey

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí an óige go mór chun tosaigh ag an agóid CEARTA i lár Bhaile Átha Cliath inniu. Liam Murphy

Na mílte 'dearg le fearg' ag éileamh cearta teanga ag geataí na Dála

Ceaptar go raibh suas go 25,000 ag freastal ar mhórshiúl i lár Bhaile Átha Cliath inniu ar son cearta teanga don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

Is féidir leagan as Béarla den alt seo a léamh anseo. 

AGUS AN RIALTAS ag cur snas ar fhorálachana Cáinaisnéise atá le foilsiú go luath, fuair siad teachtaireacht láidir ó na mílte Gaeil, cainteoirí Gaeilge agus gníomhaithe Gaeilge ó gach cuid den tír chun bheith pairteach i gceann de na hagóidí Gaeilge is mó riamh sa phríomhchathair inniu.

Ní ó bhí 2014 ann go raibh mór shiúl chomh mór le seo ag na Gaeil i lár Bhaile Átha Cliath, agóid a thosaigh ag Cearnóg Pharnell agus a chríochnaigh ar Shráid Molesworth os comhair geataí na Dála.

Cé go raibh éilimh láidre le déanamh ag na hagóideoirí agus ag na cainteoirí ón ardán, ba cheiliúradh é an ócáid freisin ar chomh bríomhar is atá gluaiseacht na teanga sa tír faoi láthair le ceol beo ó ghrúpaí is oirfidigh ar nós Huartán, Ispíní na hÉireann, Breandán Ó Beaglaoich agus Niamh Ní Dhubhgháin.

B’í Niamh agus amhránaithe eile a thug ceann de na príomh theachtaireachtaí ar an lá lena hamhrán, leagan Ghaeilge de Killeagh le Kingfishr, a éilíonn cearta tithíochta d’aos óg na Gaeltachta a mhothaíonn nach bhfuil aon todhchaí acu ina gceantair dhúchais féin mar gheall ar ghanntanas tithe agus constaicí maorláthacha roimh chead pleanála a lorg.

Ag comhcheol le Niamh bhí Adhna Ní Bhraonáin ón ngrúpa feachtais Bánú agus bhí a teachtaireacht siúd in óráid a thug sise don slua neamhbhalbh freisin agus í ag trácht ar an mbagairt atá ann don saibhreas teanga, cultúir is ceoil de bharr an easpa soláthar atá ann di féin agus a glúin ó thaobh tithíochta de:

Tá daoine óga á ndíbirt mar nach féidir leo tithe a fháil ina bpobail féin. Gan tithe, ní féidir pobail a bheith ann agus gan pobail Ghaeltachta, ní mhairfidh an teanga. Ní géarchéim tithíochta amháin atá anseo – is géarchéim í do thodhchaí na Gaeltachta agus dár dteanga féin.

Bhí béim láidir ar an óige le linn na hagóide agus grúpaí páirteach ann ó gach cearn den tír, tuismitheoirí lena bpáistí, daltaí bunscoile, meánscoile agus is scoláirí tríú leibhéal, óg chlubanna agus daoine óga le drumaí, uirlisí eile ceoil agus bladhmanna a scaoil siad chun deatach dearg agus bán a chuir san aer os comhair Ard Oifig an Phoist.

Ar an ardán freisin bhí cainteoirí óga freisin agus iad san ag leagadh béime ar an oideachas. Dar le hEibhlín Ní Bhroin, dalta sa chúigiú bliain i nGaelcholáiste de hÍde i dTamhlacht, bhí a croí istigh sa Ghaeilge ó thosnaigh sí ar aistear na gaelscolaíochta i 2013 ach bhí go leor deacrachtaí freisin.

Táimse ag staidéar bitheolas don Ard Teist ach níl aon téacsleabhar Gaeilge ann don ábhar, bíonn ar mo mhúinteoir an téacs sa leabhar scoile Béarla a aistriú go Gaeilge. Ní hamháin sin ach tá deacrachtaí ann múinteoirí le Gaeilge a fhostú chun na hábhair éagsúla a mhúineadh.

Mhínigh Ronán Ó hIcí, mac léinn le dlí i gColáiste na hOllscoile Átha Cliath ná raibh a dhóthain cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge le cinntiú go mbeadh an Rialtas ábalta an sprioc de 20% d’earcaithe úra sa Stát Chóras faoi 2030 a bhaint amach. Dúirt sé freisin go raibh an córas tar éis teip ar an mbreis is 50,000 dalta a fhaigheann díolúine ón nGaeilge sa chóras oideachais mar nach bhfágann sé aon rogha acu ach éirí as an teanga. Mhol sé go mbainfí úsáid as an bhFráma Tagartha Eorpach chun cuidiú le nós mó daltaí leanúint leis an nGaeilge.

Ag labhairt do ón ardán, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, eagraithe na hagóide, ná raibh rialtais sa dhá dhlínse ar oileán tar éis a háit ceart a thabhairt don Ghaeilge riamh.

Níor fíor riamh fís na Gaeilge mar a leagadh amach í sa Bhunreacht, nó mar a gealladh í i gComhaontú Aoine an Cheasta. Fágadh muid arís agus arís eile in áit na leathpinge, ó thaobh oideachais de, ó thaobh maoinithe de agus ó thaobh na reachtaíochta teanga de.

D’éiligh sé ar an Rialtas an port sin a athrú agus dúirt sé go mbeadh na Gaeil ag tabhairt na sráideanna orthu féin arís is arís eile go dtí go mbeadh cothrom na Féinne acu.

D’ardaigh sé ceist an mhaoinithe don Ghaeilge is don Ghaeltacht agus thug sé le fios go raibh laghdú de 45% i luach an mhaoinithe atá á fháil ag Foras na Gaeilge, an institiúid teanga tras teorainn, i mbliana i gcomparáid le 2004. Dúirt sé ná raibh ach 0.1% de chaiteachas an Stáit ag dul don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

75c92fa0-fb52-45ae-b603-b5a099fb9e17

Bhí cainteoir ann ón mBreatain Bheag freisin, Heulyn Rees, Príomhfheidhmeannach Menter Caerdydd, ag léiriú dlúthpháirtíocht gluaiseacht teanga na tíre sin leis an ngluaiseacht in Éirinn.

Bhí sé suntasach an méid daoine óga a tháinig amach don agóid agus chuaigh sin go mór i bhfeidhm orm. Tá spriocanna uaillmhianacha againn sa Bhreatain Bheag go mbeadh 40% de dhaltaí ag foghlaim trí mheán na Breatnaise faoi 2050 – an teist ná, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn, cad é an plean chun sin a bhaint amach.

Léiriú ar an suim idirnáisiúnta atá á léiriú i scéal na teanga in Éirinn go raibh criú ann ón Nua Shéalainn ag tuairisciú ar an mórshiúl. Measann lucht eagraithe go raibh breis is 25,000 ar an mórshiúl. Is cinnte gurb é an mórshiúl ba mhó ag Gaeil sa phríomh chathair.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds