Tá cumhacht dlithiúil maidir leis an Ghaeilge ag an Acht Féiniúlachta agus Teanga, de réir ordú a leagadh ós comhair Westminster inniu. Alamy Stock Photo

Teipfidh ar iarrachtaí cur síos ar cur chun cinn na Gaeilge mar rud deighilteach - Coimisinéir

Tháinig an ordú a leagadh ós comhair Teacht na dTeachtaí i Westminister agus an Ghaeilge ina chonspóid i gcásanna cúirte ó thuaidh.

LAST UPDATE | 28 Jan

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

CREIDEANN AN COIMISINÉAR Gaeilge ó thuaidh nach n-eireoidh le h-iarrachtaí atá á dhéanamh ag líon bheag daoine chun cur síos ar chur chun cínn na teanga mar rud deighilteach tar éis gur thugadh do na cumhachtaí atá de dhith ón lá a thosaigh sé sa phost i mí na Samhna.

B’é seo a bhí le rá i ráiteas ó oifig an Choimisinéara Ghaeilge a éisíodh tar éis gur chuir Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, ordú ós comhair Phairlimint na Breataine trathnóna inniu a chuir tús dlithiúil le feidhm cumhachtaí an Choimisinéara Ghaeilge ó thuaidh.

Mar gheall ar seo, tá stadas dlithiúil faoi dheireadh thiar ag an Ghaeilge ó thuaidh faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga. 

Thug an Stat Rúnaí Benn léargas ar an amlíne a bhain le dul chun cinn na Gaeilge i ráiteas scríofa a chuir sé ar fáil shuíomh Westminster tráthnóna. 

“Bhí creatlach aontaithe chun coimitmintí maidir le féiniúlacht agus teanga a bhrú chun chinn san áireamh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a aontaíodh i 2020 chun Feidhmeannas Thuaisceart Éireann a thabhairt ar ais tar éis trí bliana,” dúirt an Stat Rúnaí.

“Fuair an Act Féiniúlachta agus Teanga an Faomhadh Ríoga i mí na Nollaig 2022.”

Sa ráiteas chuir an Stat Rúnaí fáilte roimh chinneadh Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i mí Dheireadh Fómhair 2025 Pól Deeds a cheapadh ina Choimisinéir Ghaeilge mar aon le coimisinéir don dTraidisiún Albainis Uladh agus Briotánach agus stiurthóir don oifig. 

POL DEEDS INTERVIEW 006 Ceapadh Pól Deeds ina Choimisinéir Ghaeilge ó thuaidh anuraidh ach bhí ar fánacht go dtí an tseachtain seo caite le h-aghaidh na cumhachtaí riachtanacha. Colm Linehan Colm Linehan

I ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Ghaeilge, Pól Deeds, dúradh gur ‘forbairt thar a bheith dearfach’ abea teacht i bhfeidhm ‘formhór na bhforálacha  eile den Acht Féiniúlachta agus Teanga (TÉ) 2022′.

“Tá príomhchuspóir an Achta – mar atá aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar an Ghaeilge, go háirithe trí ról an Choimisinéara Teanga Gaeilge – tá sé sin i bhfeidhm go hiomlán anois.”

 ”Cuirfidh sé seo le cumas an Choimisinéara leanúint lena chlár comhairliúcháin agus idirphlé.”

Thug an Coimisinéar le fios sa ráiteas go raibh sé i gceist aige meas a léiriú do gach cultúr  ina chur chuige mar a bhí déanta aige go dtí seo.

“Ní ligfidh sé dó féin a bheith curtha ar seachrán ag iarrachtaí líon beag daoine le cúpla seachtain agus mí anuas chun cur síos ar chur chun cinn na Gaeilge mar rud deighilteach nó chun feachtasaíocht a dhéanamh in aghaidh Oifig an Choimisinéara Gaeilge,” dúradh sa ráiteas.

“Is cosúil go bhfuil roinnt de na hiarrachtaí seo dírithe ar chur i gcoinne feidhmiú an Achta Féiniúlachta agus Teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeilge.

“Ní éireoidh leo.”

Is minic go raibh an focal stairiúil luaite leis an nGaeilge ó thuaidh le blianta beaga anuas agus thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, amach é dá ráiteas siúd ag cur fáilte roimh an fhorbairt. 

“Níl aon amhras ach gur clochmhíle stairiúil eile í seo agus forálacha tosaithe inniu a aithníonn stádas na Gaeilge ó thuaidh go foirmiúil sa dlí,” dúirt sé.

“Don chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil agus dlíthiúil don Ghaeilge i bhfeidhm sa dlí.

“Is toradh é sin uilig ar ghníomh agus ar fheachtasaíocht phobal na Gaeilge a d’éiligh cearta, cothromas agus cóir riamh anall.

“Níl anseo ach an tús.”

Chuir Mac Giolla Bhéin fáilte ar leith roimh tús a bheith curtha le feidhm na gcumhachtaí don gCoimisinéir Ghaeilge. 

“Tugann na forálacha seo cumhacht don Choimisinéir na caighdeáin dea-chleachtais don Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú.

“Beidh na caighdeáin sin le cur i bhfeidhm ag achan uile cheann de bhreis agus 100 údarás poiblí ó thuaidh san am atá romhainn.”

Tháinig an scéal seo inniu agus dhá chás chúirte ar bun i mBéal Feirste ag Conradh na Gaeilge. I gcás amháin, thug an Breitheamh le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh ar dhúshlán a bhí tugtha ag an ghníomhaí aondachtach Jamie Bryson ar chinneadh an Aire Bhonneagair ó Shinn Féin, Liz Kimmins, ordú a thabhairt go gcuirfí comharthaí dhá theangacha le Gaeilge san áireamh sa staisiun iompair i lár Bhéal Feirste, Grand Central Station. 

Sa chás eile bhí argóinti le déanamh ag dlíodóirí an Aire Phobail de chuid an DUP, Gordon Lyons, faoin údar a raibh aige moill a chuir ar straitéis Ghaeilge a chuir ós comhair an Fheidhmeannais.  Is é seo an tríú uair do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú bhreithiúnach a lorg faoin teip seo. 

Sa chás faoin Mhór Stáisiúin Lárnach, thug an Choimisinéir Ghaeilge a bharúil ná raibh sé conspóideach go mbeadh comharthaíocht dhá theangach sa bhfoirgneamh.  Dar leis gurb é comharthaíocht dhá theangach sampla den chleachtas is fearr go h-idirnáisiunta. 

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds