We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá an Fheisire Eorpach, Cynthia Ní Mhurchú(FF), tar éis a rá go bhfuil na polasaithe don nGaeloideachas a sheol an Aire Oideachais Helen McEntee (FG), 'gan fís gan uaillmhian" RollingNews

Polasaí oideachais Ghaeilge an Rialtais gan 'fís ná uaillmhian' dar le Feisire Eorpach Rialtais

Tá pairtithe an Rialtais ag teacht salach ar a chéile faoi pholasaí nua i leith an oideachais trí mheán na Gaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

CÉ GUR FÉIDIR go raibh súil éigean ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, leis an bhfreagra a fuair sí ós na heagrais Ghaeilge agus oideachais don dá pholasaí san earnáil Ghaeloideachais a sheol sí inné, is beag an seans go raibh sí ag súil le cáineadh ó Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach in Éirinn ó Dheas ar son Fianna Fáil, céilí comhrialtais Fhine Gael.

Sheol an tAire McEntee dhá mhór pholasaí, ceann faoin oideachas trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht agus ceann eile, plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán Bhéarla, ag ócáid ar champas comhroinnte Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil Náisiúnta Sord Educate Together maidin Déardaoin.

I measc na moltaí atá sa pholasaí maidir le múineadh trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht, tá sé ráite gur cheart go mbeadh rochtain ar “oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suímh oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha”.

Tá coimitmint freisin sa pholasaí seo go gcuirfear “uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí” ar fáil chun tacú le fíorú na haidhme seo. Luaitear freisin go mbeadh deis ag daltaí níos mó ama a chaitheamh ag cur snas ar a líofacht trí shealanna ama a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Cé gur fháiltigh na mór eagrais san earnáil an méid a bhí sa dá cháipéis ó thaobh tacaíochtaí do mhúineadh trí Ghaeilge agus cur chun cinn na teanga i scoileanna meán Bhéarla, bhí siad cáinteach ar an easpa físe agus a laghad uaill mhéin a bhí sna cáipéisí freisin.

Anois tá an Fheisire i bparlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil, tar éis a glór a chur leis an gcáineadh atá déanta ag Gaeloideachas, an Foras Pátrúnachta agus Conradh na Gaeilge ar na polasaithe a d’eisigh an Aire.

Cé gur chuir Ní Mhurchú fáilte mar a rinne na heagrais le “haon iarracht nó infheistíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn”, dúirt sí freisin go raibh an beartas a d’fhógair an tAire Oideachais Helen McEntee “gan an uaillmhian atá riachtanach chun fíorathrú a bhaint amach”.

Dúirt sí gur chóir “díriú níos mó ar líofacht agus spéis sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge a fhorbairt – idir cheol is drámaíocht”.

Agus dúirt sí freisin gur “deis caillte a raibh ann chun aghaidh a thabhairt i ndáiríre ar an ngéarchéim in oideachas na Gaeilge inár scoileanna” agus dhírigh sí a méar ar an ardú i líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge, breis is 73,000 dalta bunscoile is meánscoile i mbliana, mar fhianaise nach raibh an córas reatha ag feidhmiú.

Dar le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, nach raibh go leor sa dá cháipéis a sheol an Aire McEntee inné “chun dul i ngleic leis an gcruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair”.

Tá an curaclam Gaeilge sa chóras oideachais reatha dolúbtha, míthaitneamhach agus tá sé ag teip ar breis is 60,000 dalta ar an dara leibhéal a bhfuil díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge acu.

Tá breis is 13,000 daltaí bunscoile ag fáil diolúin ó staidéar na Gaeilge freisin, tuigtear ó fhigiúirí a tugadh chun solais an tseachtain seo.

“Le linn an chomhairliúcháin ar an bPlean Gnímh, éilíodh córas nua solúbtha, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a bheadh in ann freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise, ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras agus a chuirfeadh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta.”

Ciarán Mac Giolla Bhéin Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Conradh na Gaeilge Conradh na Gaeilge

Dar le Mac Giolla Bhéin, gur cheart go bheith ag díriú ar sprioc uaillmhianach maidir leis an líon daltaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge a bheadh bunaithe ar an sprioc sa Bhreatain bheag go mbeadh 40% ag fáil oideachas trí mheán na Breatnaise faoi 2050.

“Níl ach 6% de dhaltaí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge, breis agus 100 bliain ó bunaíodh an Stát.”

“In ainneoin go luaitear sa Pholasaí nua don Ghaeloideachas gur ‘fís’ í go mbeadh ‘oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách’, níl aon sprioc intomhaiste ná uaillmhianach leagtha amach acu chun líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a mhéadú go suntasach.”

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mbunófaí “coiste saineolach chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille”.

Mar chuid den pholasaí a seoladh ar an Déardaoin, dúradh go cmbunófaí tascfhórsa a thabharfadh “páirtithe leasmhara agus oifigigh na roinne le chéile chun bealach chun cinn a chomhdhearadh chun an earnáil a fhás agus é mar aidhm aige deiseanna a leathnú do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge”.

Gealladh go dtionólfaí an chéad chruinniú den tascfhórsa níos déanaí an mhí seo.

I ráiteas ó Chumann Mhúinteoirí Éireann (CMÉ/INTO) moladh gur cheart don Roinn Oideachais is Óige na h-acmhainí cuí a chuir ar fáil chun gur féidir an polasaí a chur i bhfeidhm, thug urlabhraí le fios. I measc na dtacaíochtaí atá an CM ag díriú airde air, tá siad den tuairim go mbeadh filleadh na liúntais do mhúineadh i múineadh i scoileanna Gaeltachta, oileáin agus Gaelscoileanna.

“Tá an CMÉ ag lorg go mbeadh polasaí na luath bhlianta ag teacht leis an tsonraíocht céad teanga le go mbeadh aistriú réidh ó na timpeallachtaí luathbhlianta go dtí an bhunscoil.

“Tá an CMÉ ar son polasaí a chumadh don Ghaeilge ós na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal a bheadh bunaithe ar an gCreatlach Comónta Tagartha Teangacha.

Éilímid ar an Rialtas fráma ama a leagadh amach dá bpleananna clár tacaíochta forásach don Ghaeilge a chur i bhfeidhm le linn a réim.

Dúradh freisin sa ráiteas ón CMÉ go raibh an fhigiúir de 13,000 – daltaí bunscoile a fhaigheann diolúin ón nGaeilge – ró ard.

Dar leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, cathaoirleach ar an bhForas Pátrúnachta, gurb é a bhí i gceist leis an méid a d’fhógair an Aire ná “tascfhórsa chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt” agus dúirt sé gan spriocanna intomhaiste go mbeadh an tascfhórsa ag obair i bhfolús.

“Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.”

Tá iarratas déanta le h-aghaidh ráiteas ón Aire ag tabhairt freagra ar an gcáineadh atá déanta ar a fógra.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds