We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc. EMILIJA JEFREMOVA

'Is le gach duine An Taibhdhearc': borradh ar amharclannaíocht na Gaeilge i mbliana

Ag féachaint siar ar an mbliain atá thart, dúirt stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce go bhfuil siad ag iarraidh fáilte a chur roimh pobal níos leithine sa bhliain seo chugainn.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BHÍ BORRADH AR amharclannaíocht na Gaeilge i mbliana agus tá An Taibhdhearc, an amharclann náisiúnta Gaeilge atá lonnaithe i nGaillimh, ag iarraidh freastal ar an níos mó daoine in 2026.

Sin céard atá ráite ag Muireann Kelly, stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce agus í ag labhairt le The Journal faoin bliain atá thart. 

“I rith na mbliana seo, rinne An Taibhdhearc cúig taispeántas,” a d’inis sí do The Journal.

“Rinne muid camchuairt i Mí Bealtaine, leis an seó Dathanna Geala Amháin. Thaistil muid ar fud na tíre, ó Ghaoth Dobhar go Béal Feirste agus thíos go Baile Átha Cliath, agus bhí an lucht féachana ann.

“Sílim go bhfuil tóir ar dhrámaíocht Ghaeilge anois mar gheall ar rudaí cosúil leis an gCailín Ciúin, ach caithfidh an caighdeán a bheith ard agus caithfidh an rannpháirtíocht a bheith soiléir idir an lucht féachana agus an amharclann.”

Tá an Taibhdhearc ag obair ar modhanna inrochtaineachta cosúil le fotheidil beo láithreach a chur ar fáil do dhaoine agus ateangaireacht Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) a bheith mar chuid de na seónna a chuireann siad ar siúl. 

“Mar amharclann náisiúnta, caithfimid a bheith oscailte agus caithfidh an obair féin atá ar an stáitse a bheith ar fáil do chách.

“Thosaigh muid ag baint úsáide as an aip Sibrwd, a d’fhorbair an Theatr Cymru sa Bhreatain Bheag chun fotheidil a chur ar fáil. Is aip é Sibrwd ar d’fhón ina mbíonn tú in ann aistriúchán beo a fháil ar an dialóg atá ag tarlú ar an stáitse,” a dúirt sí. 

“Is le muintir na cathrach agus is le muintir na hÉireann An Taibhdhearc cosúil leis an teanga agus táimid ag iarraidh an deis a thabhairt do dhaoine teacht agus tacaíocht a thabhairt dúinn.”

Ní amháin go bhfuil siad ag iarraidh an lucht féachana a mhealladh isteach, a dúirt sí, ach tá súil aici go mbeadh ealaíontóirí ag iarraidh teacht agus a bheith ag obair leo chomh maith.

“Táimid ag iarraidh ealaíontóirí a fhorbairt agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine a bheith in ann obair trí mheán na Gaeilge sna healaíona,” a dúirt Kelly. 

An Fathach Leithleasach 

B’é An Fathach Leithleasach an seó deireanach a chuir An Taibhdhearc ar siúl i mbliana, aistriúchán a rinne an scríbhneoir ó Chonamara Bríd Ní Dhonnacha ar an scéal draíochta The Selfish Giant le Oscar Wilde.

Is faoi Fhathach cantalach leithleasach a ruaigeann páistí óna ghairdín álainn, agus ansin castar a shaol bun os cionn é an scéal.

“Bhí muid ag iarraidh go mbeadh na dathanna iomlán atá sa scéal a bheith i nGaeilge – focail cosúil le smóilín mar shampla – agus go mbeadh siad le cloisteáil ar an stáitse. Sílim gur rinne Brídín an-jab leis sin,” a dúirt Kelly. 

photo Emilija Jefremova -14 Eoin Ó Dubhghaill agus Séamus Hughes ar an stáitse. EMILIJA JEFREMOVA EMILIJA JEFREMOVA

“Nuair a tháinig na páistí isteach, bhí siad ag cur ceiste faoi céard is brí le Fathach agus is dócha nach raibh an focal sin ar eolas acu cheana féin. 

“Agus nuair a thosaigh an carachtar Oscar, an scéalaí, ag léamh an scéil, bhí na páistí ag foghlaim agus ag béicíl amach mar athfhreagairt do na rudaí a bhí ag tarlú ar an stáitse. Bhí siad sáinnithe isteach sa scéal.”

Bhí neart páistí mar chuid den chliar a bhí ar an stáitse agus rinneadh ceardlanna dráma i Mí na Samhna chun foirne na n-aisteoirí a chur le chéile. 

“Táim an-dóchasach go mbeadh na páistí a ghlac páirt sa léiriú seo ag iarraidh a bheith ag scríobh agus a bheith ar an stáitse sa todhchaí,” a dúirt sí. 

“Is iad an chéad ghlúin eile agus tá sé tábhachtach go mbeadh inspioráid acu chun a bheith ag obair sna healaíona, agus tá súil agam gur tháinig an inspioráid sin ón Taibhdhearc agus muid ag foghlaim agus ag obair le chéile.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds