We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá an easpa tithíochta i gceantair Gaeltachta ina bhagairt do chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail, tá sé ráite ag eagrais Ghaeilge. Concubhar Ó Liatháin

'101 bliain ag fanacht ar theach nua sa Ghaeltacht, 41 bliain i mbaile sheirbhíse Gaeltachta'

In aighneacht Chonradh na Gaeilge faoi ‘Ár dTodhchaí Tuaithe” tá sé molta go mbeadh faoiseamh cánach suas go €200,000 thar cúig bliana ar fáil do dhaoine óga cónaí sa Ghaeltacht.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) 

GLACFAIDH SÉ BREIS is 100 bliain do dhaoine óga sa Ghaeltacht teach a fháil má leanann an ráta tógáil tí sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga laethúil mar atá, tá sé ráite in aighneacht a chuir Conradh na Gaeilge go dtí an próiseas comhairliúcháin faoi ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’.

Chun dul i ngleic le sin, tá an t-eagras abhcóideachta ar son pobal na Gaeilge is na Gaeltachta ag moladh go gcuirfí an Ghaeltacht san áireamh sa scéim ‘Tionscnamh na Cathrach Beo’, scéim faoina bhfaigheann rannpháirtithe creidmheas cánach arbh fhiú suas €300,000 é thar cúig bhliana chun iad a mhealladh chun tithe a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht.

Tá sé aitheanta ag eagrais ar nós an Chonradh go bhfuil dúshláin roimh dhaoine óga – daoine idir 18 agus 44 bliain d’aois – a dteach féin a cheannach nó fiú a fháil ar chíos ar fud na tíre ach go bhfuil tosca eile arís i gceist sa Ghaeltacht mar go bhfuil inmharthanacht na Gaeilge mar teanga bheo i mbaol. 

De réir na haighneachta a rinne Conradh na Gaeilge, glacfaidh sé 101 bliain ar dhaoine óga teach a fháil sa Ghaeltacht agus níos lú ná leath de sin, 41 bliain, tigh a fháil i mbaile sheirbhíse Gaeltachta.

Tá an fhigiúir seo bunaithe ar anailís ar an bhfíor líon tithe atá á sholáthar, á dtógáil nó á n-athchóiriú agus an líon daoine nach bhfuil teach acu.  Ní ioncam ná inamhainneacht atá i gceist seachas iomlan na dtithe a thógtar agus a chuirear ar fáil. tithe shóisíalta agus tithe inacmhainne san áireamh.

Deir údair na haighneachta go raibh cuid de bunaithe ar thuairisc a rinne Údarás na Gaeltachta a choimisiúnú ó chomhlacht i bPort Láirge, Irish Sustainable Homes, atá láimh tar éis bheith acu i bhforbairtí suntasacha tithíochta in Éirinn agus i gcéin.

Deirtear sa cháipéis gurb iad an aois grúpa 18-44 an sciar is tábhachtaí den daonra ó thaobh tógáil clainne de agus maítear go bhfuil líon an íséal de thithe nua á dtógáil sna ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile sa tír. Dúnadh an phróiseas chomhairliúcháin an Aoine seo chaite agus tá cóip d’aighneacht an Chonartha léite ag The Journal.

De réir figiúirí dhaonáirimh 2022, tá 62,949 duine 18-44 nach bhfuil teach ceannaithe nó ar cíos acu sna Bailte Sheirbhíse Gaeltachta, agus 26,333 duine sa Ghaeltacht. Leagtar amach sa tuarascáil seo an anailís atá déanta ar an riachtanas tithíochta sa Ghaeltacht sna deich bliain amach romhainn.

“Chun sprioc meánlíon tithe san AE a bhaint amach; glactar leis go bhfuil 50 teach do gach 100 duine faoi 2034, ciallaíonn sé seo go bhfuil 13,000 teach de dhíth sa Ghaeltacht faoi 2034: 1,300 teach in aghaidh na bliana thar 10 mbliana,” deirtear san aighneacht.

“Má táthar ag cloí le fás 30% ar phoist sna 10 mbliana atá romhainn fosta, bheadh 18,500 teach eile de dhíth le haghaidh 37,000 post nua; 1,850 teach in aghaidh na bliana. 13,000+ 18,500 = éileamh ar 31,500 teach thar na 10 mbliana atá romhainn; meán de 3,150 sa bhliain.”

Tá na figiúirí seo bunaithe ar na sonraí sa Daonáireamh 2022 agus ar na spriocanna atá sa Chreatlach Náisiúnta Pleanála ag an Rialtas féin.

De réir na hanailíse atá luaite ag Conradh na Gaeilge ina aighneacht agus sa tuarascáil ó Irish Sustainable Homes d’Údarás na Gaeltachta, níl ach dornán ceantair sa toghranna sa tír ina bhfuil soláthar tithíochta i ngiorracht de bheith leor dhóthanach.

Is iad seo Mullach Eadrad agus Baile Bhlainséir i bhFine Gall in Átha Cliath áit a bhfuil feitheamh 8 mbliana ag breis is 10,000 daoine idir 18-44 atá ina gcónaí sa cheantar, Droichead Átha (Tuath) mar a bheidh an 5,015 daoine óga ag feitheamh naoi mbliana ar theach.

I gCill Iníon Léinín/An Sean Chill in Átha Cliath is é 10 mbliana an fad a caithfidh 9,945 fanacht agus ar an dTrá Mhór/iarthar chathair Phort Láirge, beidh ar an slua de 9,930 idir 18-44 fánacht ar feadh sé bliana is fiche dá dteach.

Screenshot 2025-12-15 at 11.59.30 An líon blianta a chaithfidh daoine idir 18-44 bliain d'aois fánacht chun teach a fháil. Conradh na Gaeilge Conradh na Gaeilge

In aighneacht an Chonartha tá roinnt moltaí déanta chun dul i ngleic le heaspa tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, fadhb a cheanglaíonn an Conradh le dúshlán d’inmharthanacht na Gaeltachta. Tagann an aighneacht seo sna sála ar thuarascáil a d’eisigh Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo cáite inar tugadh le fios go raibh laghdú beag ar an líon teaghlaigh sa Ghaeltacht a raibh ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Moltar freisin go mbeadh comhoibriú leis an Roinn Tithíochta agus an Roinn Airgeadais chun creidmheas cánach a chuir ar fáil do dhaoine óga atá cónaí orthu sa Ghaeltacht faoi láthair.

Deirtear san aighneacht gur cheart go mbeadh Gaeilge labhartha ag caighdeán B2 de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach ag na daoine óga seo. Is ionann seo agus leibhéal na hArd Teiste.

Tá sé ráite freisin san aighneacht ná raibh soláthar leor dhothanach thithe sa Ghaeltacht le deich mbliana anuas agus tá sé ag tuar go gcuirfidh sé srian ar fhás agus ar fhorbairt phobail Gaeltachta sa deich mbliana romhainn má leantar leis an easpa soláthar.  Dá mbeadh a dhothain tithe chun an éileamh a shásamh sa deich mbliana go dtí seo, bheadh sa bhreis ar 37,000 páiste breise sa Ghaeltacht.  Seo figiúir atá bunaithe ar dhá pháiste i ngach teach. 

Is iad na bailte seirbhíse Gaeltachta bailte ar nós An Daingean i gCorca Dhuibhne, Gaillimh láimh le Conamara agus Leitir Ceanainn i dTír Chonaill. Tá sé i gceist sa reachtaíocht go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta. Tá roinnt bailte ar nós Maigh Chromtha i gCo Chorcaí atá ainmnithe mar bhailte sheirbhíse Gaeltachta ach nach bhfuil a stadas dearbhaithe go fóill.

Deirtear sa reachtaíocht go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil tríd leithéidí na h-údaráis áitiúla agus An Post dóibh san ón nGaeltacht a bhíonn ag siopadóireacht agus baincéiréacht ann. Bheadh maoiniú ar fáil freisin chun oifigeach forbartha a fhostú chun an Ghaeilge a chur chun cínn sa bhaile i measc an phobail agus ghnóanna eile.

 I measc na mbeartas eile a moltar san aighneacht, tá an Conradh ag lorg go bhfoilseofaí Ráiteas Náisiúnta Pleanála do Thithíocht sa Ghaeltacht atá geallta ó 2021 go luath. Cuireadh díomá ar go leor, Conradh na Gaeilge ina measc, nuair a tugadh le fios sa Phlean Tithíochta a foilsíodh an mhí seo cáite nach bhfoilseofaí é anois go dtí an chéad leath de 2027.

Bhí an dáta deiridh le h-aghaidh aighneachta don bpróiseas comhairliúcháin ar ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’ ar an Aoine seo cháite agus cuireadh tús leis an bpróiseas i mí na Márta. An sprioc atá leis an bpróiseas ná an chéad eagrán eile den pholasaí, Ár dTodhchaí Thuaithe, atá á ullmhú ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a ullmhú.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

 

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds