We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Radharc ó 'An Solas Idir Dhá Shaol' le Colm Farrell, ceann de na scannáin a bhuaigh duais sa chomórtas intleacht shaorga a reáchtáil Údarás na Gaeltachta Colm Farrell

Deis an intleachta shaorga á mheá ag Údarás na Gaeltachta - ach cad faoin ndainséar?

Tá Tomás Ó Síocháin ag iarraidh nach bhfágfar pobal na Gaeltachta ar chúl an scuaine agus tonn intleacht shaorga ag teacht i dtír.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

IS É AN dainséar is mó a bhaineann leis an tonn intleacht shaorga nach bhfuil aon éaló uaidh agus é ag teacht i dtír ná go bhfágfaí pobal na Gaeltachta ar chúl an scuaine mar a tharla le linn an ré ‘Dot Com’, tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Bhí Tomás Ó Síocháin ag caint le The Journal chun léargas a thabhairt ar an gcur chuige atá ag an aisínteacht atá tar éis bheith freagrach as forbairt eacnamaíoch i bpobail Gaeltachta na tíre le breis is dhá scór bliain.

Dar leis gur ionann an intleacht shaorga agus deis ollmhór don Ghaeilge is don Ghaeltacht agus luaigh sé go raibh breis is 1.9m daoine sa Stát a dúirt go raibh leibhéal éigean Gaeilge agus go mbeadh tábhacht níos mó leis go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ón Rialtas agus ó údaráis phoiblí is áitiúla.

“Mar a sheasann sé faoi láthair, is fíorbheagán seirbhíse poiblí atá ar fáil atá ag díriú ar na daoine sin agus tá géarghá leis sin,” mheabhraigh sé.

Tá obair tosnaithe ar an togra seo theana féin agus an tÚdarás imithe go dtí Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí ag iarraidh a fháil amach cad iad na seirbhísí atá uathu agus a bheadh oiriúnach, b’fhéidir, go gcuirfí iad ar fáil ag baint úsáide as uirlisí intleachta shaorga.

The Journal / YouTube

Bhí teacht le chéile anuraidh freisin i nGaillimh ag a raibh ionadaíocht ó bhreis is dhá scór comhlachtaí Stáit agus an sprioc a bhí leis an gceardlann a fháil amach na rudaí a bheadh in úsáid.

“Bunaithe ar an aiseolas sin, is léir dúinn go bhfuil éileamh ann, is léir dúinn go bhfuil gá le na huirlisí seo.”

Dúirt sé go raibh an obair atá tosnaithe theana féin, agus ábhar iomlán an Bhoird Um Fhaisnéis do Shaoránaigh anois ar fáil trí Ghaeilge.

‘Cuireann tú ceist air, athraíonn sé go Béarla, déanann sé an fiosrúchán, tagann an fhiosrúchán ar ais agus labhartar amach as Gaeilge ag úsáid an teicneolaíocht atá forbartha ag Coláiste na Tríonóide, abair.ie.

“Is sampla an-mhaith é sin don don rud atá indéanta anois nach raibh indéanta cúpla bliain ó shin.”  

Cé go n-aithníonn Ó Síocháin gur deis é an intleacht shaorga – nó ‘ard intleacht’ mar a thugann sé air chun cloí leis an ‘AI’ – tá imní á thiomáint freisin.  

Is é an imní is mó atá air ná go bhfagfaí pobal na Gaeltachta ar chúl an scuaine chun leas a bhaint as an tonn intleacht shaorga atá ag teacht inár dtreo.

“Rud atá soiléir is go bhfuil an an teicneolaíocht seo ag fás agus ag forbairt ar luas lasrach,” dúirt sé.

“Má tá na huirlisí seo chomh forleathan agus go bhfuil siad ag tuar, fágfaidh sé sin go mbeidh aos óg na Gaeilge agus na Gaeltachta fágtha ar an ngannchuid agus nach bhfeicfidh siad go mbeidh aon fhiúntas leis an nGaeilge mar ní bheidh sé ar fáil ar na huirlisí a bheidh in úsáid acu amach anseo.

“Ní gá d’aon dúinn dul rófhada le teacht ar dhuine óg le Gaeilge nó Gaeltachta atá an fón ina seilbh, agus daoine fásta chomh maith céanna, so is léir an tionchar atá ag teicneolaíocht dá shórt.”

Mothaíonn sé go raibh an Ghaeltacht ar fágtha ar an dtrá folamh nuair a tháinig ‘dot.com’ chun tosaigh agus bhí sé ar chúl an scuaine chomh maith céanna nuair a osclaíodh an stóras aipeanna.  Ní i gcónaí, áfach, go raibh an Ghaeltacht ar chúl an scuaine.

Thug Ó Síocháin chun cuimhne go raibh an tÚdarás chun tosaigh ag infheistiú i gcúrsa oiliúna léirithe theilifíse agus ag tacú le comhlachtaí léirithe neamhspleacha i lár na 90í agus dúirt sé go raibh toradh rathúil ar an infheistíocht sin, toradh a léiríodh le blianta beaga anuas nuair a shroich leiritheoirí An Cailín Ciúin an ghearrliosta do ghradam Oscar, buaic ghradaim na scannánaíochta. 

The Journal / YouTube

 

Thairis sin, áfach, tá an tionscal léirithe neamhspleach ag croí lár na hearnála cruthaithí atá tar éis teacht chun cinn sa Ghaeltacht ó shin.

“Tá isteach is amach le 500 duine ag obair go lánaimsearthach in ár gcliaint comhlachtaí san earnáil sin agus sin é an earnáil is mó a bhíonn an Ghaeilge in úsáid ann,” dúirt sé, agus thug sé le fios go raibh beagnach an méid céanna arís ag obair go páirt-aimseartha sa tionscal.

Cé go n-aithníonn sé go bhfuil daoine buartha go mbeidh postanna á gcur i mbaol mar gheall ar intleacht shaorga, tá sé den tuairim go bhfuasclóidh an teicneolaíocht seo iad chun tabhairt faoi obair atá, b’fhéidir, níos fiúntaí.

“Tiocfaidh athrú cinnte dearfa ar ghné na fostaíochta, ar an saghas oibre a bhíonn ar bun ag daoine,” dúirt sé, ag léiriú a thuairim go bhféadfaí “páipéarachas a laghdú agus níos mó ama a chaitheamh ag plé le daoine”.

Tuigeann sé freisin go bhfuil ceisteanna ar leibhéal domhanda a bhaineann le hintleacht shaorga agus go gcaithfeadh an domhan dul i ngleic leo.

“Tá ceisteanna ag leibhéal domhanda faoi úsáid intleacht shaorga agus an dainséar cinnte dearfa a bhaineann leis in úsáid míleata nó in úsáid chogaidh nó an baol a bheadh ann nach mbeadh sé faoi smacht agus mar sin de.

“Níl aon léamh sainiúil agamsa ar na ceisteanna móra sin ach is ceisteanna móra iad agus ní mór don gcine daonna dul i bhfeidhm orthu go sonrach.”

Níos túisce i mbliana bhí conspóid nuair a d’fhógair an tÚdarás comórtas le duais chiste €6,000 chun daoine a spreagadh le físeáin ag baint úsáide as uirlisí intleachta shaorga a chumadh. Dúirt eagras amháin gur másla a raibh ann don ealaín ag rá go mbaineann uirlisí intleacht shaorga bradaíl ar fhíorobair ealaíontóirí.

Dar leis an bpríomhfheidhmeannach, agus níor dhein sé tagairt díreach don chonspóid a bhain leis an gcomórtas, ba ghléas é an comórtas aird an phobail a dhíriú ar na huirlisí agus cad a bhféadfaí a chur i gcrích leo.

“Sin é an fáth, ar bhonn trialach, gur chuireamar os comhair an phobail é ag rá go bhfuil na huirlisí seo ann agus gur féidir iad a úsáid trí mheán na Gaeilge.”

Thug sé chun cuimhne an tráth nuair a raibh sé ina thuairisceoir le Nuacht TG4/RTÉ agus go mbíodh dhá staisiún oibre ar chúl an ghluaisteáin chun eagarthóireacht a dhéanamh ar mhíreanna do na feasacháin nuachta éagsúla.

“Cúig bliana déag ina dhiaidh sin nuair a bhí mise ag críochnú suas bhí tú in ann an méid céanna a dhéanamh ar fón.”

Anuas ar sin, mheabhraigh Ó Síocháin go raibh infheistíocht fógartha ag an Údarás i dteannta le TG4 taca an am chéanna a raibh fógra faoin gcomórtas faoi infheistíocht shuntasach san earnáil chlosamhairc.

Tugadh le fios sa bhfógra seo go raibh infheistíocht de €600,000 araon á dhéanamh ag an Údarás agus TG4 san earnáil go bliantúil go ceann trí bliana, infheistíocht iomlán de €4.8m, chun an earnáil rathúil Gaeltachta sin a chur chun cinn.

Níos déanaí ar lá an agallaimh, bhí ócáid ar siúl in Óstán an Chonamara Coast chun na duaiseanna a bhronnadh ar na buaiteoirí sa chomórtas sin. Bhí éagsúlacht ábhair, stíle agus caighdeáin le sonrú sna hiarratais a taispeánadh. San iomlán bhí tuairim is dosaen iarratas agus bhí cuid acu níos fearr ná a chéile.

Níl an tionscal intleacht shaorga ach ina thús. Beidh sé suimiúil líon agus caighdeán na n-iarratas ar an gcomórtas sin an bhliain seo chugainn a fheiscint má chinntear dul ar aghaidh leis.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil  

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds