We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Thosnaigh Kneecap ag seinnt sa Phuball Gaeilge ós comhair ceithre scór sa lucht féachana. Dé Sathairn bhí an banna Feirsteach ar an bpríomh ardán le breis is 40,000 sa slua.

'Gan an Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic ní bheadh muid ann', deir Kneecap

Thug baill Kneecap léargas ar an gcabhair a fuair siad ag tosnú amach a thug ón bPuball Ghaeilge iad go dtí an príomh ardán ag an Electric Picnic in agallamh ar chlár TG4, Beo ón Electric Picnic.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here

Tá léargas nua tugtha ag an mbanna ceoil ó Bhéal Feirste, Kneecap, ar an árdán tabhachtach a fuair siad sa Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic ó bheirt cheannródaí i saol an cheoil as Gaeilge, Ronán Mac Aodha Bhuí  an craoltóir ó RTÉ RnaG a cailleadh cúpla bliain ó shin agus Rossa Ó Snodaigh, a bhí ina cheannródaí leis an t-ionad Gaeilge ag an Picnic, agus iad ag tosnú amach.

Dar le Moglaí Bap agus DJ Próvaí, agus iad ag labhairt le linn agallaimh ar an gclár le John Sharpson agus Síomha Ní Ruairc, b’é an gig a fuair siad ag seinnt ós comhair 80 duine sa Phuball Gaeilge ag an Picnic Leictreach i 2018  a chuir ar an mbóthar iad l;e bheith ar an bpríomh ardán ag an mór fhéile i mbliana, áit a raibh breis agus 40,000 sa lucht féachana.   

Anois agus an Picnic thart is ticéid na bliana seo chughainn ar díol theana féin, tá TG4 ag sruthú trí amhrán ó sheit beo Kneecap ar an bpríomh ardán  agus tá agallamh eisíach le Moglaí Bap agus DJ Próvaí ar an gclár, Beo ón Electric Picnic, a craoladh ar an Domhnach ach atá anois ar sheinnteoir an staisiúin. 

TG4 / YouTube

Tagann seo an tseachtain seo agus an grúpa tar éis singil nua a éisiúint, Sayonara, agus sa bhfíseán a théann leis tá an t-aisteoir, Jamie Lee O’Donnell, a ghlac páirt in Derry Girls, i ról ‘cameo’. 

Bhí an comhlacht léirithe, Ochto484, ag scannánaíocht sa Chollchoill agus ag an Puball Ghaeilge is ag ardáin eile timpeall an Picnic le linn na deireadh seachtaine le h-aghaidh clár bhuaicphointí 90 noimead a craoladh ar TG4 oíche Dé Domhnaigh, Beo ón Electric Picnic.     

Agus iad faoi agallamh ag laithreoirí an chláir Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, thug Moglaí Bap agus DJ Próvaí súntas don turas atá déanta acu ó chéad tháinig siad go dtí an Sráidbhaile agus créidiúint don mbeirt a thug cuireadh dóibh agus gach tacaíocht agus iad ag tosnú amach.

Bhí an méid seo le rá ag Móglaí Bap ar an ábhar.

Tá sé go deas go bhfuilimíd ar ais agus, b’fheidir gur féidir seo a seo a ‘fact-seiceáil’  – ach b’fhéidir gur muidinne an chéad bhanna a thosnaigh sa Phuball Gaeilge ach atá anois ar an bpríomh stáitse.

Agus dúirt DJ Próvaí ná raibh a fhios acu cén sprioc a bhí acu nuair a thosnaigh siad isteach ach ba léir ná raibh siad ag smaoineamh ar an bpríomh stáitse ag an Electric Picnic.

“Tá fhios againn nuair a thosnaigh muid amach, ceann de na céad uaireannta a rabhmar ar stáitse chomh mór sin agus go raibh cúpla míle duine i láthair, bhí muid anseo – sin an chéad uair a mhothaigh muid go bhféadfaimís é a ghlacadh níos faide ar aghaidh agus bheith ar an stáitse mór.’

Ag an stad sin san agallamh, rinne Moglaí Bap pointe tabhachtach.

“Creidmheas do Rossa Ó Snodaigh agus Ronán Mac Aodha Bhuí mar murach an Phuball Ghaeilge ní bheadh an spás ann dúinne agus na bannaí eile seo ag an fhéile ceoil is mó in Éirinn go bhfuil puball agus spás le bheith ag ceol i nGaeilge agus gan sin ní bheadh muidinne ag tosnú amach.”

Le linn na deireadh seachtaine, bhí go leor amhránaithe is grúpaí ag seinnt ón dhá árdán – leithéidí John Spillane, IMLÉ, Dysania agus rannpháirtithe scéim nua Ráidió Rí Rá, Glór Ár Linne – agus bhí fuiollach imeachtaí eile ar nós Ióga As Gaeilge, painéil plé agus eile le taithneamh a bhaint astu freisin.  

Ba dhíol súntais ag go leor go raibh clár dá leithéid á chraoladh ar TG4, clár a chuir go leor i gcomparáid ar bhealach dearfach leis an gclúdach a rinne an BBC ar fhéile Glastonbury.   Labhair Cian Mac Carthaigh ón gcomhlacht le The Journal faoi conas mar a tháinig sé go raibh an chlár ann ar chorr ar bith.

Bhí call out oifigiúil ag TG4 agus iad ag lorg smaointí le h-aghaidh cláracha le ceol beo dírithe ar dhaoine faoi 35 ag deireadh Bealtaine/tús an Mheithimh.  Chuireamar isteach an smaoineamh agus bhíomar ag labhairt le TG4 i mí an Mheithimh.

Mhínigh Cian gur lean na comhráití le TG4 agus, freisin, le lucht an Electric Picnic, Melvin Benn, stiurthóir an Picnic, agus Anton Cullen, an Corcaíoch i bhfeidhil ar an gCollchoill ar feadh tamall ach bhí an ‘iompú thart’ ó smaoineamh go clár ana thapaidh, a bhuíochas do chách a bhí chomh tacúil leis an dtogra.

“Nuair a chuala Antón faoi agus an spéis atá aige sa Ghaeilge, chuidigh seisean go mór, mór.”

Nuair a tháinig an deireadh seachtaine mór, mar sin, bhí timpeall ar 30 ag obair ar an gclár idir ceamradóirí, eagarthóirí agus eile agus bhí an eagarthóireacht ag dul ar aghaidh i leoraí chraoltóireacht sheachtrach ar an suíomh le go mbeadh an clár 90 noimead réidh ar an Domhnach le craoladh an oíche sin. 

“Chaith mé an lá go léir sa leaba Dé Luain,” dúirt Cian.  “Ba mhór an iarracht a dhein an foireann ar fad agus lucht EP agus muintir TG4 agus d’éirigh go geal leis, táimíd chomh sásta le sin.”

“Ba bhreá linne é a dhéanamh arís, tá féidireachtaí ann gan dabht agus tá spéis ag daoine ann is tá an t-uafás ceoltóirí Éireannacha ann ar aon nós agus ní rabhmar ábalta ach cuid bheag de sin a chlúdach an deireadh seachtaine seo.

“Tá deiseanna ann cinnte, go h-áirithe leis an nGaeilge agus ceoltóirí Éireannacha, agus go h-áirithe leis an spás sin, an Chollchoill – níl aon rud deimhnithe go fóill ach táim ag ceapadh gur léirigh TG4 agus na daoine a bhí ag obair liomsa anseo go bhfuil féidireachtaí ann agus go leor spéise freisin.”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
15 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds