We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá an scríbhneoir is déantóir cláir theilifíse is scannáin, Manchán Magan, ar shlí na fírinne. Alamy Stock Photo

An déantóir clár faisnéise is ceannródaí teanga Manchán Magan imithe ar shlí na fírinne

Bhain sé cáil amach as a leabhair is a chláir theilifíse a léirigh a thuiscint ar Ghaeilge, stair agus an saol ársa.

TÁ SÉ FÓGARTHA ag a chlann go bhfuil an scríbhneoir agus an déantóir scannáin agus cláir fhaisnéise is taistil, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne.

Bhí sé tinn le tamall le hailse agus bhí 55 bliain d’aois saothraithe aige nuair a cailleadh é.

Tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigín ar cheann an slua ag léiriú ómóis don scannánóir is an scríbhneoir. Dúirt sé gur “mór an chúis bróin dom agus alán eile cloisteáil faoi bhás Mhancháin Magan, scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cláracha faisnéise nach raibh a shárú le fáil”.

“Níl amhras ar bith orm ach gur duine ar leith a bhí i Manchán,” arsa an tUachtarán. “Is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon duine eile an méid céanna a bhaint amach ar bhealach chomh leathan agus chomh tarraingteach, le háilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a thabhairt chuig oiread daoine in Éirinn agus níos faide i gcéin.

B’inspioráideach go cinnte an saol a chaith sé agus é ag cabhrú leis an iliomad daoine brí níos doimhne a aimsiú ina mbeatha féin.

Dúírt ceannasaí TG4, Deirdre Ní Choistín, gur thug sé “léargas faoi leith ar shaol na Gaeilge, ar shaol na hÉireann agus ar na háiteanna eile a thaistil sé, agus bhí an-chumas aige sin a chur trasna don lucht féachana”.

“Bhí saothar Mhancháin ag teacht go huile agus go hiomlán leis an mana atá ag TG4, Súil Eile,” dúirt sí. “Ba mhaith liom, thar ceann TG4, comhbhrón a dhéanamh lena bhean Aisling, le Cróine, a mháthair, le Ruán, a dheartháir agus leis an gcuid eile dá theaghlach.” 

Thuill an Maganach, arbh as Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath do ó dhúchas, cáil as a chuid cláir is scannáin fhaisnéise a thug léargas ar leith agus pearsanta ar a chuid taistil agus a thuairimí is a shaineolas faoin timpeallacht is a thuiscint ar an nGaeilge agus stair na tíre.

B’údar é freisin agus is le seachtainí beaga a foilsíodh a shaothar is déanaí, 99 Words for Rain (and One ar Sun). I measc na saothar eile óna pheann bhí Thirty Two Words ar Field – Lost Words of the Irish Landscape agus Listen to the Land Speak.

Liosta le háireamh iad na cláir theilifíse a rinne sé, ba shraith RTÉ é Listen to the Land Speak ach thuill No Béarla, sraith a rinne sé faoi thaisteal timpeall na hÉireann gan ach Gaeilge a úsáid, idir ghradaim is moladh do.

Bhí sé le feiceáil le fíor dhéanaí ar TG4 leis an tsraith, Ag Triail ar an dTobar, agus é ag tabhairt cuairte ar thobair spioradálta ar fud na tíre.

Ar a shuíomh idirlín, Manchán, bhí teachtaireacht ag tabhairt le fios go raibh camchuairt a bheartaigh sé don Fhómhar seo ar ceal de bharr go raibh sé ag fulaingt le hailse phróstataigh “de chineál a raibh neamhghnách agus nimhneach agus a chuir srian go mór le beatha”.

Agus é faoi agallamh ar chlár raidió Brendan O’Connor ar RTÉ le déanaí, labhair sé faoin ailse agus a thuiscint gur ar éigean go dtiocfadh sé slán ón tinneas.

“Don chuid is mó tá fócas ar bheith ag smaoineamh, a Íosa, tá leabhair, tá scannáin agus rudaí ar mhaith liom déanamh agus is beag ar féidir liom déanamh ó leaba ospidéil ach tá go leor ar féidir liom déanamh freisin.”

Ba cholúnaí nuachtáin é le The Irish Times agus b’oirfideach amharclainne é freisin a chuir i láthair léirithe ar nós Arán + Im agus Gaeilge Tamagotchi.

Maireann a bhean Aisling agus a mháthair Cróine is triúr siblín.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
8 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds