We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá súil le na mílte bheith páirteach sa mórshiúl ar son cearta teanga atá le reachtáil i mBaile Átha Cliath inniú. Bhí 12,000 i láthair ag an Lá Dearg i mBéal Feirste i 2022. Foras na Gaeilge

Conradh na Gaeilge Cothrom na Féinne don teanga is a pobal labhartha is ea sprioc na hagóide inniu

Tá cainteoirí Gaeilge agus gníomhaithe Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidheanna ar Bhaile Átha Cliath don mhórshiúl CEARTA ag an deireadh seachtaine.

Is féidir leagan as Béarla den alt seo a léamh anseo.

COMHIONANNAS. FOCAL GAEILGE atá ag teacht i réim i measc an phobail le tamall de bhlianta anuas. Cad é go díreach atá i gceist leis i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta? Bhuel, tá sé thar a bheith simplí mar phrionsabal, go gcaitear linn le meas, mar chomh-shaoránaigh ar an oileán seo, bíodh sin ó dheas, ó thuaidh nó sa Ghaeltacht. Agus go bpléann an stát agus na húdaráis linn bunaithe ar na tréithe agus riachtanais faoi leith atá againn

Cad é atá de dhíth, mar sin, chun an comhionannas sin a bhaint amach? Tá roinnt bun-eilimintí riachtanacha i gceist chun an fhís-bhunreachtúil sin a fhíorú.

Go mbeadh an ceart againn an Ghaeilge a fheiceáil, a úsáid, a chur chun cinn. Go mbeadh an ceart ag muintir na Gaeltachta teach a thógáil agus teaghlach a thógáil ina gceantair dhúchais féin. Go mbeadh an ceart ag aon duine gur mian leo theacht ar áit i nGaelscoil, ag leibheál naíscoile, bunscoile nó meánscoile. Go mbeadh an ceart ag gach duine an teanga a fhoghlaim fríd córas sásúil inár mbunscoileanna agus meánscoileanna Béarla, ó dheas agus ó thuaidh. Agus go mbeadh an ceart againn theacht ar bhun-sheirbhísí laethúla trínár dteanga dhúchais. An ceart a bheith beo, le meas, inár rogha dteanga féin. 

Ní thagann aon cheann de na cearta sin chun cinn gan toil. Fiú sa chás go mbaineann muid iad amach mar chearta, is cinnte nach gcuirtear iad i bhfeidhm gan toil agus tuiscint éigin ar an Ghaeilge agus a pobal labhartha. Toil ónár aos polaitiúil, atá ceaptha agus tofa ag an phobal chun ár mianta mar shaoránaigh a chur chun cinn, atá ceaptha chun éifeacht a thabhairt don bhunreacht ó dheas, agus do na comhaontuithe síochána ó thuaidh. Toil ó Airí sa dá dlinse beart a dhéanamh de réir briathair. Tuiscint ó na feidhmeannaigh sa stát chóras ar an Ghaeilge agus na riachtanais sainiúla a bhaineann linn. Agus tóil ón phobal dúshlán a thabhairt don chos ar bolg, don neamhaird agus d’aon ionsaithe ar an teanga agus ar lucht a labhartha.

Bunchloch lárnach an chomhionannais is ea Cothrom na Féinne. Go mbíonn an stát ag plé go cothrom leis an teanga agus iad ag dearadh polasaithe oideachais, polasaithe tithíochta agus ag socrú maoinithe. Sa chéad roinnt seachtainí atá amach romhainn beidh an Rialtas ag ullmhú agus ag aontú ar Cháinaisnéis don bhliain atá romhainn. Scrúdú ollmhór don rialtas seo a bheas sa cháinaisnéis sin maidir lena bhfís agus a dtiomántas don teanga agus don Ghaeltacht. An mbeidh Cothrom na Féinne ann? 

Faraor, insíonn an stair dúinn nach ngéilleann aon stát aon rud ón bharr gan bhrú ón bhun.

Tá rud amháin a cheanglaíonn na míreanna thuasluaite le chéile, cearta, toil agus cothrom na Féinne agus is é sin an pobal. D’fhoghlaim muid riamh anall gur féidir linn difear a dhéanamh agus muid ag éileamh athruithe d’aon ghuth amháin. Inniú, ag CEARTA, sin an rud a dhéanfaidh muid, siúlfaidh muid le chéile agus seasfaidh muid le chéile, mar phobal teanga agus Gaeltachta. Ní ghlacfaidh muid le sop in áit na scuaibe, le leath-choimitmintí nach ndéantar aon toscaíocht dóibh nó aon infheistíocht iontu. 

Sin go díreach an fath go dtéann muid chun sráide, chun an cumhacht sin a bhaint ar ais. Amharcaimis siar fríd annála na stair agus feiceann muid i gcónaí pobail a sheas an fód don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, pobail a chuaigh chun sráide agus a thug dúshlán oscailte, dúshlán láidir agus dúshlán poiblí don Rialtas. I ndiaidh breis agus céad bliain den stát ó thuaidh agus den stát ó dheas, tá muid fós ag troid lá agus oíche le haghaidh todhchaí níos fearr, le haghaidh comhionannais. Tá muid anois ag tairseach chinniúnach san aistear seo. 

Is éilimh iad seo atá ní amháin dlisteanach ach réasúnta fosta. 

Go n-aithneofar an bonnleibhéal maoinithe éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an séanadh cearta teanga éirithe as sin thar na blianta don phobal agus go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na háisíneachtaí stáit cuí le freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais, an soláthar cuí a chur ar fáil leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail sna ceantair chéanna. 

Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile thuaidh agus theas freastal ar an nGaelscolaíocht, más mian leo sin, agus chuige sin go gcuirfidh an dá Rialtas an soláthar sásúil cuí ar fáil nó go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile a roghnaíonn oideachas trí mheán an Bhéarla thuaidh agus theas eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a bheith acu, agus chuige sin go gcuirfear an soláthar sásúil cuí ar fáil. 

Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach ceart teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanas Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille. 

Is fúinne, an pobal, atá sé na hathruithe seo a bhrú chun cinn. Ní thiocfaidh siad chun cinn bealach ar bith eile. Ná bímis riamh ag bráth ar an dea-thoil, éilimís í. 

Seo í an chéad chaibidil mhór eile i scéal ghluaiseacht na Gaeilge. Inniú, ag 1.30pm i mBaile Átha Cliath, siúldfaidh muid le chéile ar son #CEARTA, ar an chomhionannais, ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Is é Ciarán Mac Giolla Mhéin Uachtarán Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú an mórshiúl CEARTA i mBaile Átha Cliath inniú. 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds