We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

De bharr go bhfuil an maolú sínte go dtí 2029, níl foireann ateangairí ar fáil don Ghaeilge nó don Mhailtis ach i Strasbourg agus ní mór iad a chuir in áirithe roimh ré. EU Parliament

Deis í Uachtaránacht na hÉireann chun dul i ngleic le heaspa ateangairí sa Pharlaimint Eorpach

Ba cheart go mbeadh Rialtas na hÉireann ag díriú ar sheirbhís ateangaireachta don Ghaeilge a bheith ar fáil do Phairlimint na hEorpa sa Bhruiséal agus i Strasbourg mar aon le coistí le linn ár nUachtaránacht níos déanaí i mbliana.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ TOSCAIREACHT ÓN Aontas Eorpach ag teacht ar chuairt go ceantar Chonamara is Ollscoil na Gaillimhe ag tús na seachtaine seo trath go bhfuil imní á léiriú faoi easpa sheirbhísí ateangaireachta don nGaeilge i bPairlimint na hEorpa sa Bhruiséal agus i gcoistí tábhachtacha na h-institiuide.

Ag ceann na toscaireachta a thabharfaidh cuairt ar chúrsa ateangaireachta atá á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe agus ar oifigí Údarás na Gaeltachta agus an Choimisinéara Teanga, tá Juan Carlos Jiminéz Marín, ceannasaí na stiurthoireachta atá freagrach as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar d’fhóraim éagsúla an Aontais Eorpaigh.

Tá easpa ateangairí ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséal agus coistí cumhachtacha a bhaineann leis ag fágaint feisirí Eorpacha le Gaeilge gan cead an teanga a úsáid le linn cruinnithe tábhachtacha.

Cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre ó 2022, forbairt a thárla tar éis feachtais fhada, níl an Ghaeilge ná an Mháiltis ar aon chéim leis an 22 teanga oifigiúil oibre eile. 

Cuirtear ateangaireacht ar fáil don 22 teanga eile ag gach fóram ach níl an tseirbhís céanna ar fáil don Ghaeilge agus an Mhailtis mar thoradh ar vóta a rinneadh le linn an mhandáid deireanach de chuid Parlaimint na hEorpa, idir 2019 agus 2024

Mar gheall ar an vóta seo, beidh an Ghaeilge is an Mhailtis gan seirbhís ateangaireachta ar aon chéim leis na teangacha eile go dtí deireadh an mhandáid seo, i 2029, ar a luaithe. 

De réir Cynthia Ní Mhurchú, feisire Fhianna Fáil in Éirinn Theas, tá an easpa ateangairí ag cur as dá cuid oibre agus í ag déanamh ionadaíocht ar a toghthóirí ar choistí éagsúla agus ag labhairt sa pharlaimint agus í ina suí sa Bhruiséal.

Is féidir léi labhairt as Gaeilge nuair atá an pharlaimint ag cruinniú i Strasbourg – ag seisiún iomlánach – ach ní tharlaíonn sé seo ach seachtain amháin gach mí. Cuirtear ateangairí ar fáil do na hóráidí nóiméid a thugann feisirí sa seomra díospóireachta sin.

Screenshot 2026-03-19 at 16.58.34 Deir Cynthia Ní Mhurchú go bhfuil a votairí ag éileamh go n-úsáidfeadh sí níos mó Gaeilge sa Pharlaimint - ach ní féidir léi de bharr easpa ateangairí. Cynthia Ní Mhurchú Cynthia Ní Mhurchú

Deir lucht an Aontais Eorpaigh, áfach, gur cuireadh an síneadh leis an maolú mar gheall ar easpa ateangairí ach tá Ní Mhurchú den tuairim nach bhfuil síneadh an mhaolaithe ag mealladh cainteoirí Gaeilge le tabhairt faoi shlí beatha san ateangaireacht.

“Go praicticiúil séard a chiallaíonn an maolú seo nach bhfuil foireann ateangairí fostaithe sa Pharlaimint don Ghaeilge nó don Mháiltis,” dúirt an fheisire. “Ach tá ateangairí fostaithe sa Chomhairle agus sa Choimisiún.”

Níl ach cúrsa amháin ateangaireachta in Éirinn, in Ollscoil na Gaillimhe, agus glacann sé le cúig dhuine dhéag gach bliain. Bhí deacrachtaí ar feadh na mblianta ateangairí le Gaeilge a mhealladh mar go raibh maolú ann a chiallaigh ná raibh siad de dhíth.

Dar léi, áfach, cé go bhfuil an Ard-Stiúrthóireacht, DG Nasc (Lóistíocht agus Ateangaireacht do Chomhdhálacha) atá freagrach as an seirbhís iomlán Gaeilge a chinntiú sa Pharlaimint, ag déanamh a ndícheall an fhadhb a réiteach – fadhb a d’ardaigh Ní Mhurchú a luaithe is a toghadh í i 2024 – ná raibh ag éirí leo.

Tá sé de dhualgas ar an Ard-Stiúrthóir Juan Carlos Jiménez Marín, athbhreithniú a dhéanamh ar an maolú dlíthiúil seo gach sé mhí agus taispeáint go bhfuil an fhadhb á réiteach roimh 2029.

“Mothaím an easpa seo go mór ag leibéal na gcoistí, mar is ag na coistí a dhéantar an dlí a scagadh, a iniúchadh agus a leasú.

“Táim an-ghníomhach ar choistí cumhachtacha ar nós IMCO (Margadh Inmhéanach) agus TRAN (Iompar).

“Tá an-chumhacht ag coiste mar tá an coiste ag dréachtú dlíthe nó ag athchóiriú dlíthe, agus ag tabhairt dúshlán don Choimisiún.

“Faighimid reachtaíocht agus moltaí ón gCoimisiún agus caithfimid iad a phlé, a scagadh, a iniúchadh, a cháineadh go cuideachtach, a tharraingt óna chéile agus iad a chur ar ais le chéile arís mar mholtaí is dlíthe malartacha – chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na rialacha is na dlíthe nua in oiriúint dá bhótóirí!

Dúirt sí go raibh sé go dona go raibh cúrsaí mar atá agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn níos déanaí i mbliana ach gurbh ea deis a bhí ann chomh maith. 

Tá Uachtaránacht na hÉireann i lár baill an téarma seo, rud atá uafásach mar nach bhfuil ceist na Gaeilge réitithe ar chor ar bith.

 ”Is é sin go bhféadfaí ateangairí a thógaint ón gCoimisiún nó ón gComhairle nó ón earnáil phríobháideach (saorateangairí) agus iad a chur sa Pharlaimint don tréimhse Uachtaránachta.”

De réir meastúchán Ní Mhurchú, tá seisear aistritheoir agus beirt cúntóir de dhíth agus triúr ateangaire ag teastáil.

“Ach ní bheadh sé indéanta 11 phost nua a líonadh mura raibh a fhios ag mic léinn, céimnithe is daoine gairmiúla leis na cáilíochtaí cuí, go mbeadh fostaíocht bhuan ann dóibh sa Pharlaimint. Caithfear iad a mhealladh agus an bealach a éascú dóibh chun na postanna nuachruthaithe seo a ghlacadh sa Pharlaimint.”

Dúirt sí go raibh seo a lorg aici ó airí Rialtais éagsúla, leithéidí an Aire Breis Oideachais James Lawless TD, Aire na Gaeltachta Dara Calleary TD agus Thomas Byrne TD, atá cúram na hEorpa air, agus faoi bhráid Ard-Stiúrthóir DG Nasc Juan Carlos Jiménez Marín, agus Stiúrthóir Ginearálta DG Aistriúcháin, Walter Mavrik, ach go dtí seo, ní raibh réiteach aimsithe

“Beidh mé ag déanamh achainní anois chuig Roberta Metsola – Uachtarán na Parlaiminte – ag iarraidh uirthi an fhadhb a réiteach.”

Ag freagairt ar fhiosrú ó The Journal, dhearbhaigh urlabhraí de chuid Parlaimint na hEorpa gur vótáil tromlach na bhfeisirí, 303 in aghaidh 200, síneadh a chur leis an riail, Riail 75, an riail a shocraíonn nach mbeidh seirbhís ateangaireachta ar chomhchéim ar fáil don Ghaeilge is don Mháiltis, go dtí Iúil 2029.

“Aithníonn Parlaimint na hEorpa, maraon le hinstitiúidí eile, go bhfuil deacrachtaí ag cur ar fáil clúdach teanga don Ghaeilge mar gheall ar easpa ateangairí comhdhála agus aistritheoirí atá cáilithe agus, mar gheall ar sin, cuirtear i bhfeidhm maolaithe d’aistriúchán as Gaeilge agus d’ateangaireacht Gaeilge,” arsa an urlabhraí.

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí ó Roinn na nGnóthaí Eachtracha faoina bhfeidhmíonn an tAire Stáit le freagracht as Gnóthaí an Aontais, Thomas Byrne, dúirt urlabhraí go raibh “an Roinn i mbun idirchaidreamh le Parlaimint na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh leordhóthanacht ateangaireachta ar fáil le haghaidh imeachtaí socraithe le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE agus leanfaidh sí de bheith i mbun idirchaidreamh le Parlaimint na hEorpa ar an ábhar seo”.

Sa ráiteas, freisin, dúirt an urlabhraí go raibh “treoirlínte forbartha ag Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, i gcomhar le Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, maidir le húsáid na Gaeilge le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE”. Dúradh gur léirigh seo “tiomantas na hÉireann don ilteangachas agus chomhtháthú iomlán na Gaeilge i ngnóthaí Eorpacha”.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds