We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Beidh léirsiú chun an Ghaeilge a cheiliúradh i lár na cathrach i mBéal Feirste an Déardaoin beag seo. Alamy Stock Photo

Léirsiú beartaithe chun Gaeilge a cheiliúradh mar fhreagra ar bhagairt foréigin ó dhílseoirí

Rinne an grúpa paraimiliteach dílseach, an UVF, bagairt go loiscfí áitreabh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le comharthaíocht dhá theangach.

This article is by our new Gaeltacht team.  You can read an English version here)

Tá grúpaí Gaeilge i mBéal Feirste le léirsiú a bheith acu taobh amuigh de Halla na Cathrach ar an Déardaoin mar fhreagra ar bhagairtí a tháinig ó ghrúpa míleatach dílseach, an UVF, tar éis gur vótáil an Chomhairle ar son na gaeilge a bheith níos feiceálaí sa chathair.

Mar gheall ar an vóta sa Chomhairle ar an gCéadaoin seo chaite, beidh comharthaíocht dhá theangach ag foirgnimh an údaráis áitiúil timpeall na cathrach, lógó nua i nGaeilge agus Béarla a bheidh le feiceáil i staiseanóireacht, comharthaíocht, feithiclí agus éidí roinnt oibrí.

Tar éis gur foilsíodh an bhagairt ón UVF go ndéanfaí loisceadh ar fhoirgnimh is ar fheithiclí le comharthaíocht dhá theangach, tá cáineadh déanta ag ceannairí na bpáirtithe a thacaigh le polasaí nua teanga Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste ar bhagairt ó ghrúpaí pharaimiliteach dílseach go loiscfidís feithiclí is foirgnimh an údaráis ina mbeadh comharthaíocht dhá theangach le Gaeilge san áireamh.

Tá an bhagairt ó bhaill den UVF, a foilsíodh i nuachtán Domhnaigh, tar éis aisfhreagra a spreagadh ó cheannairí na bpáirtí a thacaigh leis an bpolasaí nua teanga, a fuair an solas glas ag cruinniú na Céadaíne seo chaite. Vótáil comhairleoirí 42-17 ar son an pholasaí nua.

Sa mhéid a foilsíodh sa Sunday Life dúirt urlabhraí go gcuirfí tre thine foirgnimh agus feithiclí le mannaí dhá theangacha. 

Chuir an DUP, an TUV agus an UUP i gcoinnibh an moladh. Tá na bagairtí a deineadh ag an deireadh seachtaine cáinte ag Jim Rodgers, comhairleoir de chuid an UUP. 

I litir oscailte sínithe ag ceannairí Shinn Féin, an SDLP, Páirtí an Chomhaontais (Alliance), Pobal Roimh Bhrabús agus An Comhaontas Glas mar aon le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Sa litir dúradh gur cúis mhór imní abea na bagairtí “ó dhílseoirí paraimíleata dúinn uilig, do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile”.

“Mar chuid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998, d’aontaigh na páirtithe, i gcomhar leis an dá Rialtas, “gníomh diongbháilte” a dhéanamh ar son chur chun cinn agus fhorbairt na Gaeilge.

“Measann muid gur toradh é an polasaí Gaeilge a ritheadh le móramh daonlathach i Halla na Cathrach, Béal Feirste oíche Chéadaoin toradh díreach ar na coimitmintí sin. Tá sé deartha de réir bhunphrionsabail an Achta Féiniúlachta agus Teanga.

bilingual-street-signs-for-cromac-street-in-linen-quarter-english-and-irish-language-sraid-chromoige-belfast-northern-ireland-uk Tá ceist na comharthaíochta ina chnámh spairne le fada an lá i mBéal Feirste. Alamy Stock Photo Alamy Stock Photo

“Is bagairtí iad seo ní amháin ar phobal na Gaeilge, ach ar an phróiseas dhaonlathach ar fad, agus ar an tsochaí cheart bhunaithe.”

Dar le Pól Deeds, leas phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur toradh abea an bhagairt is déanaí ar ‘chur chun cinn na biogóideachta sna meáin – go háirithe an BBC – i ndiaidh fhógra polasaí CCBF”.

Ar go leor cláracha de chuid an BBC tar éis an vóta, bhí trachtairí aondachtacha ag maíomh go dtroidfí go fíochmhar in éadan an pholasaí nua.

Bhí an tUasal Deeds, atá luaite go láidir le bheith fógartha ina chéad Choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart, ag postáil ar a chuntas X féin agus an méid sin á rá aige.

“Theip ar Oifig an Fheidhmeannais a bpolasaí féin – agus dlí na Ríochta Aontaithe – a chosaint agus, dá réir, táthar ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir nua sula bhfuil sé fiú tosaithe ina phost,” dúirt sé sa phostáil.

Tá freagra lorgtha ag The Journal ar Oifig an Fheidhmeannais faoin méid a thóg an tUasal Deeds ina phostáil agus soiléireacht maidir leis an uair go bhfógrófar go bhfuil an Choimisinéir Gaeilge ceaptha ina phost go hoifigiúil. I bhfreagra ó Oifig an Fheidhmeannais Dé Máirt dúradh go raibh an proiséas earcaíochta ag teacht chun críche. 

I bhfreagra ó BBC Thuaisceart Éireann ar an méid a dúirt an tUasal Deeds faoi na meáin bheith ‘ag cur chun cinn na biogóideachta’, dúirt urlabhraí thar cheann an chraoltóra ná raibh aon rud le rá acu ar an méid a bhí ráite. 

Beidh grúpaí Gaeilge ag bailiú ag Halla na Cathrach ag 12.30in ar an Déardaoin i léirisiú atá luaite mar sprioc leis ‘an teanga a cheiliúradh i mBéal Feirste’. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds