We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is é Seán T Ó Meallaigh atá sa phríomh ról i Minimal Human Contact le Naoise Ó Cairealláin Sean T. O Meallaigh

Streachailt phearsanta Moglaí Bap ó Kneecap léirithe i ndráma Gaeilge

Dráma aon fhir as Gaeilge é Minimal Human Contact ina dtugann Moglaí Bap ó Kneecap léargas fírinneach faoina streachailt leis an gcearrbhachas.

This article was brought to you by our brand-new Gaeltacht team. For an English version, please click here

BHÍ AMHARCLANN SMOCK Alley lán go doras an tseachtain seo le h-aghaidh dráma Gaeilge an tseachtain seo.

An rud is annamh is iontach, deirtear, ach nuair a chloiseann tú gurb é Moglaí Bap ó Kneecap a scrígh Minimal Human Contact, dráma a ínsíonn scéal fén streachailt a raibh ag an ceoltóir roimh do bheith ina bhall den banna iomráiteach leis an gcearrbhachas, tuigeann tú cén fath cuid den chúis le na sluaite. 

Is é Aisling Ghéar, an compántas amharclainne ó Bhéal Feirste a bhunaigh athair Moglaí Bap, Gearóid Ó Cairealláin, atá ag léiriú an dráma agus is í Bríd Ó Gallchóir, baintreach Ghearóid, an stiurthóir.  

Tagraíonn teideal an dhráma seo, Minimal Human Contact, leis an gcleachtas a bhíonn ag casainí le cinntiú go bhfanann custaiméirí ag caitheamh a gcuid airgid go dtí go mbíonn sé go léir imithe. 

Bionn tae, ceapairí agus brioscaí ar fáil saor in aisce agus, déanach san oíche, le cinntiú nach dtéann daoine abhaile, cuirtear bia Síneach ar fáil.

Seo aon fhir é seo agus is é John (Seán T. Ó Meallaigh) an pearsa lárnach.  Tá roinnt comhráití ag titim amach – comhrá idir é féin agus an fear mór slándála ag an doras agus le roinnt de na cearrbhaigh eile sa chasaíne.

Saol as radharc saol an chearrbhaigh.  Bionn siad istigh sa chasaíne gan aon radharc acu ar an saol lasmuigh agus tá cúis le sin.   Cailleann siad gach ceangal atá acu leis an saol lasmuigh fhaid is atá siad ag cailliúint a gcuid airgid, nó i gcás ár laoch, an t-airgead a ghoid sé as tarracán a mhathair. 

Bíodh is gur gadaí é John, is duine taithneamhach é ach ní ligeann sé air féin gur duine deas é agus é i mbun an meaisín roulette.  Tá sé lán le néaróga – tá uimhreacha airithe aige a imríonn sé i gcónaí, de bharr gur dhein sé staidéar ar na h-algartamaí, mar dheá, agus cailleann sé £50 den £300 a ghoid sé óna mhathair in aon chasadh amháin den roth. 

Ní fada go mbionn £150 caillte aige – ach ansan bíonn bua aige.  Ardaíonn a chroí – ach ní mhaireann sin ach seal mar ní raibh ach codán bheag den gheall iomlán aige ar an uimhir sin agus mar sin is bua i bhfad níos lú ná mar atá sé ag súil atá ann. 

Red Shoe Productions / YouTube

Thuas seal, thíos seal a bhíonn an saol againn go léir – ach is thíos seal a bhíonn sé furmhór an ama dár gcara.  

Is de bhunadh Chonamara é Seán T. Ó Meallaigh – ach líonann sé an charachtar seo ó iarthar Bhéal Feirste go h-iomlán, tá gach mír foirfe, a chanúint, a gheaitsí.   Tá an seit deartha ag Mags Mulvey foirfe, bhuaigh sé gradam amharclainne an Irish Times i 2023 as ucht dearadh seite.

Táimíd taobh amuigh de chasaíne ar Shráid an Chaisleáin, an príomh shráid ó lár Bhéal Feirste go dtí an iarthar, sráid atá lán le carachtair na cathrach cois cuain.  Sráid neamh gheilliúil é Sráid an Chaisleáin agus tá daoine a dhéarfadh go bhfuil cuma gruama air.

Is anseo nó congarach atá na tithe tabhairne ceoil traidisiúnta is iomráití – leithéidí, An Hercules, Kelly’s Cellar agus Maddens – ach tá taobh dorcha freisin, mar a bhíonn i ngach chathair.  Is anseo a bhíonn na casaíní, siopaí lascaine, aindiúlaithe drugaí agus meisceoirí ag lorg déirce freisin. 

Is píosa amharclainne lán le faobhar é seo – agus ní sparáileann an scríobhneoir é féin ó scian a phinn. Ag an deireadh, fagann sé comhairle linn.  When it stops being fun, stop. Tá an dráma tiomnaithe ag an scríbhneoir dá mhathair, Aoife Ní Riain, a cailleadh cúpla bliain ó shin.  Tá gach rud pearsanta.  

Dráma é seo atá lán le firinne atá searbh ar uairibh – ach tá croí aige agus léiríonn sé seo go bhfuil dramaíocht na Gaeilge beo beathach, bíodh is go bhfuil sé ar an ngannchuid. 

Is mór an chreidiúint é don gcompántas, an stiurthóir Bríd Ó Gallchoir, an t-aisteoir, Seán T. Ó Meallaigh agus bheifeá ag súil go bhfaigheadh siad an tacaíocht is gá chun leanúint leis an obair cheannródach seo.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds