We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ba i 2011 an t-aon uair a reachtáil TG4 toghchán don Uachtaránacht - agus ní raibh Gaeilge ach ag iarrthóir amháin as seachtar. Pic: Linda Jackson

Cinneadh "aisteach" TG4 gan díospóireacht Uachtaránachta a chraoladh á cheistiú ag Connolly

Ba cheart go gcíorfaí ceisteanna a bhaineann le pobal na Gaeilge go mion ina dteanga féin i ndiospóireacht ar TG4 roimh thoghchán na hUachtaránachta, a dúirt Catherine Connolly

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here 

TÁ SÉ TUGTHA le fios ag TG4 nach mbeidh aon díospóireacht á reáchtáil ag an gcraoltóir roimh thoghchán na hUachtaránachta.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dhearbhaigh ceannasaí an stáisiúin, Deirdre Ní Choistín ná raibh díospóireacht mar chuid de phlean an chraoltóra maidir le tuairisciú an toghcháin a bheidh ag titim amach ar an Aoine, 24 Deireadh Fómhair. Is i 2011 a reáchtáil TG4 díospóireacht go deireanach roimh thoghchán na hUachtaránachta.

“Níl sé i gceist ag TG4 díospóireacht do thoghchán na hUachtaránachta a reáchtáil i mbliana ach beidh clúdach ar an bhfeachtas ar Nuacht TG4, Nuacht Cúla4 agus ar 7 Lá,” dúirt Ní Choistín agus í ag tagairt do chláracha nuachta agus chúrsaí reatha an chraoltóra.

Cé go bhfuil Gaeilge líofa ag an iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tá sé ráite ag Heather Humphreys atá ag seasamh ar son Fhine Gael go dtabharfadh sí faoi ranganna Gaeilge dá dtoghfaí í. Nuair a tháinig Jim Gavin os comhair an preas tar éis do pháirtí pharlaiminte Fhianna Fáil vótáil ar a shon an tseachtain seo, dúirt sé go raibh sé tar éis dul go dtí an Ghaeltacht le linn a óige agus go raibh ‘cúpla focal’ aige.

Ní ró sásta atá Catherine Connolly, atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge, le cinneadh TG4 gan díospóireacht a reáchtáil.

“Tá sé aisteach go mbeadh cinneadh déanta ag TG4 gan díospóireacht a thionóil go háirithe nuair nach bhfuil na hiarrthóirí ar fad fós ainmnithe,” arsa Connolly agus thagair sí don ndíospóireacht a raibh ann do thoghchán na hUachtaránachta i 2011.

Dúirt sí gur cheart deis bheith ag lucht féachana TG4 a gceisteanna bheith “cíortha go mion ina dteanga féin”.

D’iarr sí freisin conas a raibh a fhios ag TG4 ná raibh Gaeilge ag na hiarrthóirí eile. “An raibh TG4 i dteagmháil leo?”

D’iarr The Journal ráitis faoin gceist seo ar fheachtais Fhine Gael agus Fianna Fáil.

I 2011 reáchtáladh díospóireacht do thoghchán na hUachtaránachta ar TG4 cé ná raibh ach cainteoir líofa Ghaeilge amháin i measc na n-iarrthóirí, Mícheál D Ó hUigínn atá ag teacht go deireadh a dhara théarma faoi láthair. Bhí seirbhís ateangaireachta ar fáil dos na hiarrthóirí ar bheagán Gaeilge agus bhí fáilte rompu ceisteanna as Gaeilge a fhreagairt i mBéarla.

Fáiltíodh roimh an dhíospóireacht ag an am ach bhí roinnt den tuairim freisin ná raibh sé sásúil go raibh an oiread san den chlár as Béarla.   Dar le Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Tuairisc, ba mhasla a raibh ann do phobal na Gaeilge. Ag scríobh do i 2018, seo a bhí le rá aige: 

Michael D Ó hUigínn an t-aon duine den ochtar iarrthóirí a labhair i nGaeilge le linn na díospóireachta céanna agus ba bhocht an radharc é ag Gaeilgeoireacht leis féin ar an stáisiún Gaeilge a bhunaigh sé 15 bliain roimhe sin.B’ionann an rud ar fad agus TG4 a bheith ag fógairt gurbh é an rud is tábhachtaí dóibh ná a bheith i lár an aonaigh, ba chuma cérbh í teanga an aonaigh.

Dar le Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge, b’ionann agus “deis caillte” an cinneadh ag TG4 gan díospóireacht as Gaeilge a reáchtáil cé gur thuig an t-eagras go raibh “gach cuma ar an scéal nach mbeidh a dhóthain Gaeilge ag roinnt de na hiarrthóirí le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht”.

“Ach sa chás sin, agus le bheith cinnte go mbeidh díospóireacht ar an toghchán ríthábhachtach seo craolta ag TG4 do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, nach bhféadfaí formaid éagsúil a úsáid ar nós urlabhraí a bheith sa díospóireacht ar son aon iarrthóir gan a dhóthain Gaeilge.

Níor cheart go mbeadh iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu thíos leis nó ag cailleadh amach ar dheis a bhfís don tír a chur i láthair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta de dheasca easpa cumais iarrthóirí eile.

I gCeanada, tír ina bhfuil Fraincis agus Béarla ina dteangacha oifigiúla, bíonn díospóireachtaí sa dá theanga ar oícheanta i ndiaidh a chéile idir cheannairí na bpáirtithe polaitiúla.

Sa Bhreatain Bheag, bíonn an deacracht chéanna ag an gcraoltóir Breatnaise S4C is a bhíonn ag TG4, teacht ar chainteoirí an teanga mhionlaigh i measc na n-iarrthóirí.Cuirtear na ceannairí faoi agallamh ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha mar ghnáth chleachtas réamh thoghcháin, an cur chuige céanna atá ag TG4 ó 2016 i leith.

Le linn feachtas an Olltoghcháin i 2011 a reáchtáladh an t-aon díospóireacht roimh olltoghcháin ar TG4 nó ba chainteoiri líofa iad ceannairí na bpáirtithe ag an am – Mícheál Ó Máirtín ar son Fianna Fáil, Enda Kenny ó Fhine Gael agus Éamon Gilmore ó Pháirtí an Lucht Oibre.

D’éirigh go geal leis an ndiospóireacht sin ach nior reachtáileadh a leithéid ó shin.  I 2016 cuireadh na ceannairí éagsúla faoi agallamh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds