Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Mion-Teanga

FactFind: Labhraíonn níos lú ná 2% Gaeilge go laethúil - comparáid idir sin agus mion-teanga Eorpach eile

In áiteanna eile san Aontas Eorpach, tá an mothú céanna ag Málta agus Lucsamburg agus atá ag Éirinn.

This piece is about how Irish compares to other minority languages in Europe. You can read it in English here.

AG AN DAONÁIREAMH deireanach, thuairiscigh beagnach 1.8 milliún duine go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt – 40% den daonra.

Ach nuair a cuireadh ceist orthu cé chomh minic is a úsáideann siad an Ghaeilge, dúirt 1.1 milliún acu nár bhain siad úsáid aisti riamh nó go n-úsáideann siad í ar scoil amháin. Fágann sin go bhfuil 600,000 duine ann nach úsáideann í ar bhonn seachtainiúil, 100,000 duine a úsáideann í gach seachtain, agus 74,000 a labhraíonn Gaeilge go laethúil (níos lú ná 2% den daonra).

Níor raibh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge os cionn 50% ach i gcúig bhaile in Éirinn: Mín Lárach, Rann na Feirste, Bun na Leaca agus an Bun Beag-na Doirí Beaga i nDún na nGall, agus sa Cheathrú Rua i nGaillimh

Léirítear i suirbhé a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge go bhfuil “muinín as mo chumas labhartha Gaeilge” ag díreach os cionn 28% de dhaoine 16+ bliain d’aois.

Cén comparáid atá idir é sin agus mionteangacha in áiteanna eile san Eoraip?

Pointe comparáide amháin is ea an tSualainnis san Fhionlainn. Amhail an Ghaeilge in Éirinn, tá comhstádas léi sa bhunreacht taobh le teanga cheannasach na tíre, agus tá sé éigeantach ar scoil. Tá an ceart ag saoránaigh na Fionlainne freisin Sualainnis a labhairt sa chúirt agus i gcaidreamh eile leis an stát.

Mar thoradh air sin, deir timpeall 45% de dhaonra na Fionlainne go labhraíonn siad Sualainnis mhaith, cé nach labhraíonn ach 5% dóibh í mar a máthairtheanga. I bhfocail eile, tá Sualainnis éigin ar a laghad ag trí cheathrú de na Fionlannaigh, agus thuairiscigh an ceathrú cuid eile nár labhair siad í chor ar bith.

Measann Matti Räsänen, saineolaí sinsearach in Institiúid na dTeangacha san Fhionlainn, go labhraíonn timpeall milliún Fionlannach Sualainnis mhaith, Sualainnis den scoth nó Sualainnis líofa. Is é sin i dtír nach bhfuil ach beagán níos mó ná Éire – ina labhraíonn formhór na ndaoine an tríú teanga freisin (tomhais cé acu ceann).

Ar bhealaí eile, áfach, ní an chomparáid féaráilte. Bhí an Fhionlainn ina cuid d’impireacht na Sualainne ar feadh na gcéadta bliain, rud a d’fhág gurbh í an tSualainnis “teanga gradaim” na scothaicme chomh maith le go leor gnáthlonnaitheoirí feadh an chósta theas. Chomh maith leis sin níl cainteoirí na Sualainnise aonraithe ó thaobh cultúir de – is féidir leo féachaint ar an teilifís ón tSualainn féin i gcónaí, rud nach féidir le Gaeilgeoirí atá tuirseach de TG4 a dhéanamh.

“Más Sualannach thú atá i do chónaí san Fhionlainn, sea, is cuid de mhionlach thú, ach is mionlach thú i dtír láidir chumhachtach béal dorais – a bhíodh i gceannas ar an bhFionlainn ar aon nós”, a deir an t-ollamh Jeffrey L. Ó Ceallaigh, ollamh teangeolaíochta de chuid Choláiste na Tríonóide atá éirithe as. “Níl an mothú céanna ann go gcaithfear an tSualainnis a thabhairt suas i bhfabhar na Fionlainnise mar go bhfuil traidisiún liteartha, traidisiún polaitiúil agus comharsa cumhachtach ann”.

In áiteanna eile san Aontas Eorpach, tá an mothú céanna ag Málta agus Lucsamburg agus atá ag Éirinn mar go bhfuil líon beag daoine a labhraíonn an teanga dhúchais. Leis sin “cuirtear a dteanga stáit i gcás cosúil le teanga mhionlaigh”, mar a deir seirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa.  

Is í an Lucsambuirgis teanga náisiúnta na hArd-Diúcachta de réir an dlí, ach níl ann ach an cheathrú teanga is mó a labhraítear. Labhraíonn 98% den daonra Fraincis, agus Béarla agus Gearmáinis ina dhiaidh sin.

image

Ach cé gurb iad an Fhraincis agus an Béarla is mó a labhraítear sna hionaid oibre, is í an Lucsambuirgis an teanga is mó a labhraítear sa bhaile fós. Bhainfeadh gníomhairí teanga an lámh díot le go mbeadh an Ghaeilge mar rogha theanga thart ar bhord na cistine ag 53% den daonra.

Is iar-choilíneacht de chuid na Breataine í Málta inar tháinig méadú ar an gcéatadán den daonra a labhraíonn Béarla éigin ar a laghad nó Béarla níos fearr ó 88% in 2005 go 92% in 2011, de réir a thuairisceáin daonáirimh. Ach níl an Mháltais dhúchais faoi bhagairt fhollasach ar bith, agus 94% den daonra líofa sa teanga a thagann as an Araibis.

Is í an difríocht stairiúil i dtíortha mar sin, a deir Kallen, ná gur éirigh leo aistriú ó theanga ard-stádais a úsáid lasmuigh den teach agus a dteanga dhúchais a choinneáil le haghaidh gnáthúsáid laethúil labhartha.

“Nuair a d’éirigh an litearthacht forleathan, d’fhoghlaim daoine teangacha eile le haghaidh na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta gan éirí as teanga labhartha na Lucsambuirgise nó na Máltaise nó pé rud,” a deir Kallen. Níor éirigh le hÉirinn leis sin – mar gheall, go páirteach, gur thosaigh tionchar an Bhéarla chomh fada siar sin.

“Síleann daoine gurbh é an Gorta Mór agus an córas náisiúnta scoile [sa 19ú haois] a bhí chomh dona sin don Ghaeilge”, a deir Kallen. “Níor thosaigh an t-aistriú ansin” – thosaigh sé chomh fada siar leis na 1500í, nuair a rinne Parlaimint na hÉireann Rí na hÉireann d’Anraí VIII, agus bhíodh na himeachtaí i mBéarla den chuid ba mhó. “Bhí an scéal scaipthe cheana féin go mbeadh an Béarla mar theanga na gradaim agus na cumhachta, chomh fada siar leis an 16ú haois”.

Tháinig méadú tobann ansin ar na treochtaí a bhí ann cheana mar gheall ar oll-eisimirce agus oideachas trí mheán an Bhéarla. “Ní raibh aon imeacht ollmhór de chainteoirí dúchais as Málta nó Lucsamburg” a bhféadfaí iad a chur i gcomparáid leis an nGorta, a deir sé. 

Tá an Bhreatain Bheag níos gaire don chnámh. Sa daonáireamh deireanach ansin, níor thuairiscigh ach 20% den daonra go raibh siad ábalta Breatnais a labhairt, i gcomparáid le 40% don Ghaeilge in Éirinn. Ach deir timpeall 10% de dhaoine fásta 25+ go n-úsáideann siad í gach lá, i gcomparáid le níos lú ná 2% de mhuintir na hÉireann a labhraíonn as Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Is dócha go ndearnadh áibhéil leis an bhfigiúr sin: tagann sé ó shuirbhé duine le duine ina ndéantar rátáil leanúnach ar chumas sa Bhreatnais níos airde ná mar a léirítear i dtorthaí daonáirimh. (“D’fhéadfadh láithreacht agallóra”, a deir príomh-staitisteoir rialtas na Breataine Bige, “an freagróir a threorú chun freagra atá níos inmhianaithe go sóisialta a thabhairt”.) Ach tugtar le tuiscint leis fós go bhfuil áit níos láidre ag an mBreatnais sa saol laethúil ná mar atá ag an nGaeilge.

Deir Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil neart le foghlaim ó pholasaí na Breatnaise, lena n-áirítear an sprioc maidir le 40% de scoláirí a theagasc sa Bhreatnais. Anseo in Éirinn, is é thart ar 6% líon na scoláirí a theagasctar trí Ghaeilge, agus “níl plean ar bith méadú suntasach a dhéanamh air sin”.

Cuirtear béim i mbeartas reatha an rialtais ar shruthanna Gaeilge i scoileanna Béarla seachas ar Ghaelscoileanna iomlána, a deir de Spáinn, “agus ní hé sin an dóigh cheart le tabhairt faoi rudaí. Ní hé sin atá á dhéanamh acu sa Bhreatain Bheag. Má táthar chun teagasc tríd an gGaeilge, ba chóir go mbeadh siad tumtha go hiomlán sa teanga”.

B’fhéidir go mbeidh todhchaí na Breatnaise difriúil ón nGaeilge, ach tá stair an dá náisiún difriúil chomh maith. Cé go raibh an dá cheann faoi riail an Bhéarla, chuaigh siad ar bhealaí difriúla ó thaobh creidimh de. Ní raibh an Caitliceachas, a deir Kallen, chomh cairdiúil don Ghaeilge agus a bhí na seanmóirí Protastúnacha a bhí sásta an Bíobla a aistriú go Breatnais.

“Bhí dreasachtaí ann do chainteoirí na Breatnaise, ag brath ar an gcreideamh, chun foghlaim conas léamh mar go raibh leabhair urnaí ann sa Bhreatnais. Bhí gaol idir an dá rud, rud nach raibh ann riamh don Ghaeilge”.

Deir an sean-teangeolaí cé go raibh na brúnna stairiúla céanna ar a dteanga dhúchais is a bhí ag Éirinn le sárú ag tíortha eile – stádas íseal, eisimirce, creideamh, oideachas – níor tharla siad ar fad le chéile in aon cheann acu, mar stoirm fhoirfe shochtheangeolaíoch.

“Is breá le daoine a rá ‘ní dhearna an Ghaeilge rómhaith, féach an líon beag daoine a labhraíonn í’. Ní shílimse go bhfuil sé sin fíor. Agus na tosca sin ar fad á gcur san áireamh, sílim gur éirigh go maith leis an nGaeilge.

“150 nó 160 bliain ó shin, bheadh sé réasúnta do dhaoine a thuar go dtarlódh meath na Gaeilge laistigh de ghlúin nó dhó. Bhí gach cineál tosca ina coinne”.

Feicfear i dtorthaí dhaonáireamh na míosa seo chugainn an féidir leis an teanga, mar a déarfá, dúshlán a thabhairt dá léirmheastóirí. Deir de Spáinn go mb’fhéidir go bhfuil sé róluath maidir le roinnt beartas le déanaí – amhail go dteastódh ó 20% d’earcaigh na státseirbhíse bheith inniúil sa Ghaeilge – go léireofaí sin sna figiúirí i mbliana.

“Cé go bhfuil go leor ar siúl le cúpla bliain anuas ó thaobh na pleanála teanga de, glacfaidh sé cúpla bliain na torthaí sin a fheiceáil”, a deir sé le The Journal. Tá míreanna áirithe in easnamh chomh maith, mar shampla seirbhísí stáit trí Ghaeilge a chur ar fáil agus – go ríthábhachtach – níos mó tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

“Mura bhfuil daoine ón nGaeltacht ábalta cónaí sa Ghaeltacht, nach bhfuil siad ábalta teach a thógáil ar a dtalamh féin sa Ghaeltacht, cén todhchaí atá ag an nGaeltacht?”

“Tá praghsanna na dtithe atá ar fáil i bhfad ró-ard do go leor daoine óga ar mian leo socrú síos sa Ghaeltacht. Ní mór dúinn an tithíocht a bheith againn agus seirbhísí stáit trí Ghaeilge a bheith againn”.

Cibé rud a léireofar i dtorthaí an daonáirimh, ceapann de Spáinn nach bhfuil “aon bhealach” ann go mbainfear sprioc an rialtais amach go mbeidh 250,000 cainteoir laethúil ann faoi 2030.

Tá níos mó dóchais ag Kallen, lena dhearcadh fada stairiúil. Maidir le go leor den 60% de na daoine a dúirt “níl” le ceist dhíreach an daonáirim “an bhfuil Gaeilge agat?” i ndáiríre, ceapaim go bhfuil Gaeilge acu – go pointe áirithe. 

“Ní chuireann siad ceisteanna ar nós, ‘an bhfuil beagán Gaeilge ar eolas agat?’, ‘an bhfuil roinnt seoraí cainte ar eolas agat?’, ‘an dtuigfeá roinnt ceisteanna as Gaeilge?’. Is rud éigin é sin ar fad, mar gur daoine ar leith iad Éireannaigh mar gheall air.”

Seans go léireoidh daonáireamh 2022 go bhfuil an bhearna idir líon na ndaoine a deir go bhfuil siad ábalta Gaeilge a labhairt agus an líon daoine a bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu i ndáiríre ag leathnú tuilleadh. Mura n-athraíonn rath na Gaeltachta go luath, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ach cúpla focail i dtodhchaí na teanga.

  This work is co-funded by Journal Media and a grant programme from the European Parliament. Any opinions or conclusions expressed in this work is the author’s own. The European Parliament has no involvement in nor responsibility for the editorial content published by the project. For more information, see here.

Your Voice
Readers Comments
4
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel