Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tuaisceart na hÉireann

"Fiuchphota": Pianta fáis na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann

“Is iontach a bheith anseo mar chuid de. Is pribhléid é gach lá, cé go bhfuil blianta fada bainte de mo shaol.”

 This article is about the challenges facing the Irish language in Northern Ireland. You can read it in English here.

CHUIR LINDA ERVINE TÚS le foghlaim na Gaeilge in 2011, nuair a rinne sí blaschúrsa sé seachtaine mar chuid de ghrúpa ban trasphobail.

“Bhí an-suim agam ann ar dtús,” a deir Ervine, atá ina Protastúanch agus a d’fhás aníos agus a chónaíonn in oirthear Bhéal Feirste.

“An chéad rud a chuaigh i bhfeidhm orm ná go ndeirtear sa Ghaeilge – ‘Tá Gaeilge agam’ – agus bhí mé ag smaoineamh gur mhaith liom a bheith i ann ‘Tá Gaeilge agam’ a rá. Ba mhaith liom sin a rá mar chuid dom féin agus mar chuid de mo fhéiniúlacht.”

Nuair a tháinig an cúrsa chun deiridh, bhí sí ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim, ach ní raibh aon deiseanna ann é sin a dhéanamh sa chuid de Bhéal Feirste ina raibh sí, agus mar sin chláraigh sí i rang ar an taobh eile den chathair.

Is as cúlra láidir Aontachtach í Ervine. Nuair a thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge bhí a fear céile Brian ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach Forásach, páirtí dílseach neamhghéilliúil. 

Go luath, tharraing an tsuim a bhí aici sa teanga aird iriseora, duine a scríobh alt faoi iarrachtaí Linda. As sin amach, scaipeadh an scéal ar fud an phobail Aontachtaigh, agus chuaigh daoine a bhí ag iarraidh tús a chur leis an bhfoghlaim freisin i dteagmháil le Ervine. 

“Bhí an chuma ar an scéal gur oscail sé an doras do spéis, mar tháinig go leor daoine chugam ansin le cur in iúl gur mhaith leo a bheith páirteach,” a deir sí.

“Agus thar na blianta tháinig méadú ollmhór ar an líon daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim.”

Níorbh fhada go dtí gur thosaigh Linda ag teagasc ina rang féin do thosaitheoirí ag Misean Meitidisteach Oirthear Bhéal Feirste ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda, ar a dtugtar Turas, Tionscadal na Gaeilge anois.  

Sa lá inniu, is í Ervine an t-oifigeach forbartha do Turas, agus bronnadh MBE uirthi as a cuid seirbhísí ar son na Gaeilge. Thug sí aitheasc don Seanad le déanaí do Sheachtain na Gaeilge, agus tá sí ar dhuine de na hurlabhraithe neamhoifigiúla ar an nGaeilge sa Tuaisceart, áit a bhfuil méadú ag teacht ar an tsuim sa teanga agus ar líon na gcainteoirí Gaeilge.

Méadú ar líon na nGaelscoileanna 

Tá méadú ag teacht ar an éileamh atá ar an nGaeilge i dTuaisceart Éireann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile agus sa bhreisoideachas d’aosaigh, áit a bhfuil méadú ag teacht ar chlárú i ranganna amhail iad siúd a chuireann Turas ar fáil. 

Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann go dtagann méadú gach bliain ar líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna. Faoi láthair tá 28 bunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart, agus 2 iar-bhunscoil (meánscoil), chomh maith le 17 n-aonad naíscoile agus 27 réamhscoil.

Sa bhliain acadúil 2020/2021, bhí oideachas trí Ghaeilge á chur ar 7,064 dalta san iomlán, méadú ó 3,272 in 2004/2005. Bhí 4,604 scoláire ag foghlaim trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus 1,511 ag leibhéal na meánscoile.

“Sna trí nó ceithre bliana atá romhainn, de réir mar a théann na treochtaí, is dócha go méadóidh sé sin go 10,000 scoláire go han-tapa,” a deir Niall Comer, léachtóir sa Ghaeilge ag Ollscoil Uladh, agus uachtarán atá ag dul as oifig Chonradh na Gaeilge, eagraíocht chultúrtha na Gaeilge. 

“Tá sé méadaithe faoi dhó in achar ama an-ghearr, mar tá daoine tar éis a fheiceáil ní hamháin an tsuim atá sa Ghaeilge mar ár dteanga náisiúnta, etc., ach freisin an leas atá le baint as an oideachas dátheangach.”

Deir Comer go bhfuil dianiarracht déanta le blianta beaga anuas ag eagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge agus eile chun feasacht agus tuiscint ar an teanga a ardú, agus gur chuir sé sin leis an ardú san éileamh.

“Chuir filleadh na bhfoghlaimeoirí fásta ar an nGaeilge leis an bhfás freisin. Na deiseanna chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta, ranganna oíche, ranganna ar líne ach go háirithe,” a deir sé.

Ó bhothán tarrtháilte go scoil rathúil

Caoga bliain ó shín ní raibh aon ghaelscoileanna sa Tuaisceart. Le críochdheighilt na sé chontae in 1922, bhí an Ghaeilge ar fad curtha as an saol poiblí a bheag nó a mhór, gan ach pócaí beaga cainteoirí i gceantair éagsúla.

Tháinig athrú ar an scéal sin in 1971, nuair a bhunaigh grúpa de theaghlaigh in Iarthar Bhéal Feirste a raibh gaeilge acu Bunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart. Ba iad na teaghlaigh chéanna a bhunaigh an chéad Ghaeltacht uirbeach sa Tuaisceart ag deireadh na 1960í a bhunaigh an scoil ar Bhóthar Sheá.

Ar dtús, bhí naonúr dalta ann agus bhí sé lonnaithe i mbothán garbh amháin. Mhair an scoil mar gheall ar thiomsú airgid agus ar obair oibrithe deonacha ar feadh 13 bliana, sular bronnadh stádas oifigiúil uirthi in 1984 agus maoiniú á fháil aici ón rialtas as sin amach.

Sa lá inniu, tá 420 dalta ag Bunscoil Phobal Feirste agus éiríonn sí níos mó gach bliain. D’fhreastail Séamas Ó Tuama, príomhoide na scoile, agus é ina pháiste sna 1970í nuair a bhí a athair féin ina phríomhoide. 

“Is iontach a bheith anseo mar chuid de. Is pribhléid é gach lá, cé go bhfuil blianta fada bainte de mo shaol… Tá sé iontach a bheith mar chuid de,” a deir sé.

“Nuair a smaoiním siar ar bhothán beag a bhí tarrtháilte agus curtha ar an suíomh os mo chomhair go dtí an áit a bhfuil an earnáil anois. Is é an rud iontach faoi ná nach bhfuil i mBunscoil Phobal Feirste ach cuid bheag den phictiúr níos leithne anois, rud atá iontach amach is amach,” a deir Ó Tuama.

Tá beagnach 1,000 dalta i gColáiste Feirste, meánscoil Ghaeilge Bhéal Feirste – agus is í an ghaelscoil is mó in Éirinn í. Deir Ó Tuama go bhfuil an teanga i riocht láidir, ach go bhfuil go leor fadhbanna le sárú go fóill, go háirithe maidir le maoiniú.

“Is í an earnáil is mó fás san oideachas í. Tá sé ag fás níos tapúla ná an soláthar dó. Tá rudaí amhail tógáil agus soláthar suíomhanna i gceist, agus cur ar fáil acmhainní go bunúsach,” a deir sé.

“Teastaíonn go rudaí, lena n-áirítear áiseanna, foirgnimh, áiteanna mac léinn do mhúinteoirí… ní mór don rialtas agus don mhaoiniú a choinneáil suas leis an bhfás atá air.”

Feachtais fuatha agus imeaglú

Chomh maith le fadhbanna maoinithe, cuireann roinnt daoine ina aghaidh na Gaeilge ar chúiseanna seicteachais, áit a dtugann earnálacha áirithe den tsochaí sa Tuaisceart polaitíocht isteach lena rá go bhfuil an Ghaeilge frith-Aontachtach nó ró-Náisiúnach.

Chonaic Linda Ervine agus daoine eile é sin anuraidh nuair a d’fhéach siad le naíscoil Ghaeilge – Naíscoil na Seolta – a oscailt in oirthear Bhéal Feirste, ar thailte bunscoile.

Bhí Naíscoil na Seolta le hoscailt i mí Mheán Fómhair anuraidh ar thailte Bhunscoil an Bhrainil sula raibh uirthi athlonnú tar éis “feachtas fuatha sna meáin shóisialta”.

I litir chuig tuismitheoirí an tráth sin, dúirt Bunscoil an Bhrainil:

“Chuir daoine NACH BHFUIL bainteach leis an scoil tús le feachtas sna meáin shóisialta agus spreag siad an feachtas sin… daoine a cheadaigh postáil tuairimí náiriúla a raibh líomhaintí earráideacha gan bhunús iontu faoi dhaoine áirithe agus faoin Naíscoil.”

“Bhí feachtas fuatha ar líne cruthaithe inár n-aghaidh agus scaipeadh an-chuid ráflaí agus mífhaisnéise, agus amaidí ar an drochuair,” a deir Linda Ervine, a bhfuil baint aici le Naíscoil na Seolta. 

“Táimid tar éis brú ar aghaidh agus anois in ionad sealadach agus táimid i mbun cuardach a dhéanamh ar áit éigin níos buaine agus táimid ag súil go mbeimid in ann rud éigin a fháil do mhí Mheán Fómhair.

Deir Ervine go bhfuil gach rud ag dul “i gceart” ó osclaíodh an scoil.

“Chailleamar go leor páistí mar gheall ar an imeaglú ach anois táimid beagnach lán arís agus tá 22 páiste cláraithe againn don bhliain seo chugainn,” a deir sí.

Acht na Gaeilge

Príomhcheist eile atá roimh an nGaeilge sa Tuaisceart ná Acht na Gaeilge a bhfuiltear ag súil leis le fada, atá ina splancphointe polaitíochta le blianta beaga anuas. 

Is dlí molta é Acht na Gaeilge a thabharfadh stádas speisialta don Ghaeilge sa Tuaisceart. Cheadódh na dlíthe an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna, agus go mbeadh Gaeilge ar fhoirgnimh phoiblí agus ar chomharthaí, i measc forálacha eile.

Tá Sinn Féin, an SDLP agus dreamanna eile ag éileamh go dtabharfaí a leithéid de dhlí isteach le breis is deich mbliana, agus deir Pobal, eagraíocht na Gaeilge sa Tuaisceart, go bhfuil Acht dá leithéid geallta ag rialtas na Ríochta Aontaithe ó 2006 i leith.

Tháinig an cheist chun cinn tar éis lánscor Thionól Stormont in 2017, mar gheall ar an gconspóid ‘Cash for Ash’. Bhí sé ina dheacracht san idirbheartaíocht idir an DUP agus Sinn Féin agus chuir sé leis an tsáinn pholaitiúil a mhair ar feadh trí bliana.

San tréimhse sin, tá feachtas móréilimh chun an tAcht a thabhairt isteach ar siúl, agus na mílte daoine ag dul ar na sráideanna chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.

D’aimsigh Deich mBliana Nua Cur Chuige Nua 2020 – as a dtáinig comhroinnt cumhachta ag Stormont an athuair – comhréiteach a cheadódh forálacha maidir leis an nGaeilge a thabhairt isteach trí na dlíthe agus na rialacháin atá ann cheana a leasú, seachas acht nua a thabhairt isteach. Dhéanfaí forálacha comhchosúla freisin don Ultais.

Mar sin féin, níor éirigh leis an Tionól na bearta seo a thabhairt isteach go fóill, tar éis don DUP cur ina gcoinne. Anuraidh, dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe go reachtódh sé go díreach ó Westminster dá dteipfeadh ar an Tionól é sin a dhéanamh, ach níor tharla sé sin. 

Tá toghcháin Thionól Thuaisceart Éireann le bheith ar siúl i mí na Bealtaine, agus tá imní i measc abhcóidí nach mbeidh ceist na Gaeilge réitithe roimh sin. 

“Táimid ag druidim leis an scoithdháta de 25 Márta agus is ábhar imní é nach dtabharfar isteach é sa sainordú seo in ainneoin gealltanas leanúnach ó Brandon Lewis – an Rúnaí Stáit – agus ó rialtas na Breataine,” a deir Niall Comer.

Saincheist toghcháin 

“An dóigh liom go mbeidh sé ann sa choicís atá romhainn? Tá mé dóchasach agus dearfach i gcónaí ach níl mé cinnte go mbeidh, agus is fadhb í sin. 

“Mar mura bhfuil sé seo tugtha as an mbord beidh sé ina shaincheist toghcháin arís, agus éiríonn sé ina cheist mhór in athbhunú Stormont tar éis an toghcháin agus beidh an Ghaeilge ina saincheist arís agus níor chóir go mbeadh.”

Aontaíonn Linda Ervine: “Gealladh é blianta fada ó shin agus tá sé cosúil le fiuchphota ar an sorn díreach ag bagairt a fhiuchadh an t-am ar fad. Go dtí go mbeidh sé réitithe ní bheidh cúrsaí ciúin agus níor chóir go mbeadh. 

“Gealladh rud do dhaoine arís is arís eile. Is léir go mbeidh siad ag éileamh agus ag iarraidh an ruda, agus an ceart acu déanamh amhlaidh.

“Nuair a thiocfaidh sé tríd sa deireadh… measaim go socrófar an scéal agus tuigfidh daoine a mheasann go bhfuil siad faoi bhagairt gan mhoill nach mórscéal é, nach bhfuil aon athrú ar bith ann, agus go leanfar lenár saolta.”

Faigheann an obair seo cómhaoiniú ó Journal Media agus ó chlár deontais ó Pharlaimint na hEorpa. Is leis an údar féin aon tuairimí nó conclúidí a chuirtear in iúl sa saothar seo. Níl baint ar bith ag Parlaimint na hEorpa leis an ábhar eagarthóireachta arna fhoilsiú ag an tionscadal agus níl sí freagrach as. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach anseo.

This work is co-funded by Journal Media and a grant programme from the European Parliament. Any opinions or conclusions expressed in this work is the author’s own. The European Parliament has no involvement in nor responsibility for the editorial content published by the project. For more information, see here.

Your Voice
Readers Comments
2
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel