We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, agus an Aire Stáit, Jerry Buttimer, ag tabhairt a léargas ar an mBuiséad ar maidin. Rialtas na hÉireann

Féach ar an mBuiséad, léiríonn sin chomh dairíre is atá mé faoin nGaeltacht: Dara Calleary

Tá sall agus anall mar gheall ar an mhaoiniú atá geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026.

(This article is by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.)

CÉ GO BHFUIL Sinn Féin tar éis beag a dhéanamh den ardú a tháinig ar bhuiséad na Roinne don Ghaeilge, don Ghaeltacht is na hOileáin, suas ó €123m i mBuiséad 2025 go dtí €158.9m do 2026, is cinnte go bhfuil an Aire go laidir den tuairim go léiríonn toradh a ruathar ar an Státchiste chomh tiománta is atá sé don Ghaeltacht.

Thug an tAire le fios agus é ag labhairt le The Journal inniu gur cinnte gur chabhraigh an léiriú fuinnimh a tharla ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an agóid CEARTA le déanaí leis agus é ag lorg breis airgid don Roinn.

The Journal / YouTube

Thagair sé freisin don am a ceapadh é ina Aire iagus thug sé le fios don Taoiseach agus don Tánaiste go raibh sé ag iarraidh bheith ina Aire Gaeltachta agus go raibh tábhacht polaitiúil leis go mbeadh sé i gceannas ar an Roinn.

Tá súil agam go bhfeiceann daoine, nuair a fhéachann siad ar an mBuiséad, chomh dáiríre is atáim faoin nGaeltacht. Táim dáiríre faoin fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht freisin.

Thug sé suntas freisin go raibh a Aire Stáit, Jerry Buttimer, ar chainteoir Gaeilge é,  in éineacht leis agus iad beirt ag plé leis an iar Aire Stáit don nGaeltacht, Jack Chambers, atá anois ina Aire Caiteachas Poiblí.

“Bhí mórán taithí ag Jack i gcúrsaí na Gaeltachta, bhí mórán suime aige agus bhí tuiscint ag Jack ar chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta b’fhéidir ná raibh ag aon Aire Caiteachas Poiblí roimhe seo.”

I raiteas a tháinig ón Roinn, liostáileadh na réimsí caiteachais a bheadh ann don mhaoiniu a bheadh á chur ar fáil don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

  • Tháinig méadú €36 mhilliún ar an leithdháileadh foriomlán go €159 milliún in 2026 – agus méadú 29% don réimse cláir ina iomláine. 
  • Ceadóidh sé seo infheistíocht mhéadaithe i bhforbairt teanga, eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta phobail na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus ar ár nOileáin amach ón gcósta.
  • I measc na méaduithe maoinithe reatha tá €3 mhilliún breise do thionscnaimh Pleanála Teanga, €2 mhilliún breise do Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge agus €1.5 mhilliún breise do Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeltacht.
  • Tá maoiniú reatha méadaithe de €2 mhilliún ar fáil do chomhoibriú Thuaidh-Theas ar roinnt réimsí, lena n-áirítear obair Fhoras na Gaeilge, Ghníomhaireacht na hUltaise, Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
  • Méadóidh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta faoi €2.5 mhilliún lena n-áirítear méadú €1 mhilliún ar a leithdháileadh caipitil.
  • Áiritheoidh an maoiniú caipitil breise infheistíocht leanúnach i bpobail na Gaeltachta agus na nOileán, agus tacóidh sé le seachadadh trí thionscadal bonneagair a dtugtar gealltanas dóibh sa Phlean Forbartha Náisiúnta: Cé Inis Oírr i gContae na Gaillimhe; Mol Teanga agus Cultúir nuálach ar Shráid Fhearchair chun freastal ar riachtanais líon na gcainteoirí Gaeilge atá ag fás sa phríomhchathair, agus; athfhorbairt shuíomh Choláiste Lurgan i gConamara mar Mhol Oideachais agus Óige don réigiún.
  • Méadófar maoiniú do sheirbhísí iompair oileáin faoi €0.5 mhilliún go €11.5 mhilliún.

Tá léamh eile ar an scéal ag Sinn Féin ar an ardú a fuair Roinn na Gaeltachta agus urlabhraí Gaeltachta an pháirtí Aengus Ó Snodaigh ag tabhairt le fios go raibh “roinnt cur i gcéill ar siúl ag airí Fhianna Fáil agus Fine Gael”.

Sa bhriseadh síos a rinne an pháirtí ar an maoiniú don nGaeltacht, rinne siad amach ná raibh ach €11m sa bhreis ag dul go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge on maoiniú a cuireadh ar fáil do Roinn na Gaeltachta.

San áireamh in anailís an pháirtí, bhí ardú €2.5m d’Údarás na Gaeltachta, €3m sa bhreis do phleanáil teanga, €2m breise don bhForas Teanga (Foras na Gaeilge, Boord o’Ulster Scots), ardú €3.5m do scéimeanna Gaeltachta eile agus, ó chiste na Roinne Cumarsáide, €5.4m sa bhreis do TG4.

Dar leis an Snodach, ní raibh ach pinginí sa bhreis “á chaitheamh i dtreo leithéidí Údarás na Gaeltachta agus gan ach €2.5 milliún dófa agus €2 milliún don Fhoras, sop in áit na scuaibe tar éis na blianta d’easpa maoiniú”.

Mar sin, is ait an rud é go bhfuil an Rialtas ag maíomh as €36 milliún breise, seachas má tá siad ag déanamh athrá agus athfhógairt ar thograí caipitil ar a bhfuil maoiniú geallta cheana féin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP), ar nós Sráid Fhearchair.

“Más ea, ní airgead nua atá i gceist ar chor ar bith mar atá á rá acu, agus is cur i gcéill an méid atá fógartha inniu don teanga.”

Thug an tAire Calleary dúshlán don mhéid a mhaígh urlabhraí Shinn Féin ag rá do go raibh maoiniú á chur ar leataobh le haghaidh Cé Inis Oírr, an tIonad Gaeilge ar Shráid Fhearchair sa phríomh chathair agus an Mol Óige ag Coláiste Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige.

Mhínigh sé go raibh na tograí úd chomh mór go raibh gá airgead a chuir i leataobh thar roinnt bliain ‘go dtí go bheidís críochnaithe’ agus go raibh tábhacht le na tograí sin.

Bhí cáineadh géar ó Shinn Féin agus ón ngrúpa Gaeltachta, BÁNÚ, ná raibh, dar leo, aon airgead curtha i dtreo na tithíochta sa Ghaeltacht sa Bhuiséad.

“Ní raibh tagairt ar bith do ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta sa Bhuiséad seo, ná tagairt ar bith don Ghaeilge sa chóras oideachais, ná tagairt ar bith do Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais nó do Phacáiste Tarrthála do Choláistí Samhraidh agus na Mná Tí, rudaí a bhí béim curtha orthu ag Sinn Féin,” dúirt Ó Snodaigh.

Mhínigh an Aire Calleary, áfach, gurb é easpa bonneagair, fadhbanna le huisce agus séarachais, na bacanna ba mhó ar thógáil tithe sa Ghaeltacht agus mheabhraigh sé go raibh an Rialtas tar éis isteach is amach le €5bn curtha ar fáil d’Uisce Éireann chun tabhairt faoin dúshlán sin.

Anuas ar sin, dúirt sé go mbeadh plean an Rialtais maidir le tithíocht á fhoilsiú go luath agus go mbeadh an Ghaeltacht san áireamh sa mhéid sin.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Author
View comments
Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds