Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is by our Gaeltacht team. You can read an English version here.)
CÉ GO BHFUIL Sinn Féin tar éis beag a dhéanamh den ardú a tháinig ar bhuiséad na Roinne don Ghaeilge, don Ghaeltacht is na hOileáin, suas ó €123m i mBuiséad 2025 go dtí €158.9m do 2026, is cinnte go bhfuil an Aire go laidir den tuairim go léiríonn toradh a ruathar ar an Státchiste chomh tiománta is atá sé don Ghaeltacht.
Thug an tAire le fios agus é ag labhairt le The Journal inniu gur cinnte gur chabhraigh an léiriú fuinnimh a tharla ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an agóid CEARTA le déanaí leis agus é ag lorg breis airgid don Roinn.
Thagair sé freisin don am a ceapadh é ina Aire iagus thug sé le fios don Taoiseach agus don Tánaiste go raibh sé ag iarraidh bheith ina Aire Gaeltachta agus go raibh tábhacht polaitiúil leis go mbeadh sé i gceannas ar an Roinn.
Tá súil agam go bhfeiceann daoine, nuair a fhéachann siad ar an mBuiséad, chomh dáiríre is atáim faoin nGaeltacht. Táim dáiríre faoin fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht freisin.
Thug sé suntas freisin go raibh a Aire Stáit, Jerry Buttimer, ar chainteoir Gaeilge é, in éineacht leis agus iad beirt ag plé leis an iar Aire Stáit don nGaeltacht, Jack Chambers, atá anois ina Aire Caiteachas Poiblí.
I raiteas a tháinig ón Roinn, liostáileadh na réimsí caiteachais a bheadh ann don mhaoiniu a bheadh á chur ar fáil don Ghaeilge is don Ghaeltacht.
Tá léamh eile ar an scéal ag Sinn Féin ar an ardú a fuair Roinn na Gaeltachta agus urlabhraí Gaeltachta an pháirtí Aengus Ó Snodaigh ag tabhairt le fios go raibh “roinnt cur i gcéill ar siúl ag airí Fhianna Fáil agus Fine Gael”.
Sa bhriseadh síos a rinne an pháirtí ar an maoiniú don nGaeltacht, rinne siad amach ná raibh ach €11m sa bhreis ag dul go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge on maoiniú a cuireadh ar fáil do Roinn na Gaeltachta.
San áireamh in anailís an pháirtí, bhí ardú €2.5m d’Údarás na Gaeltachta, €3m sa bhreis do phleanáil teanga, €2m breise don bhForas Teanga (Foras na Gaeilge, Boord o’Ulster Scots), ardú €3.5m do scéimeanna Gaeltachta eile agus, ó chiste na Roinne Cumarsáide, €5.4m sa bhreis do TG4.
Dar leis an Snodach, ní raibh ach pinginí sa bhreis “á chaitheamh i dtreo leithéidí Údarás na Gaeltachta agus gan ach €2.5 milliún dófa agus €2 milliún don Fhoras, sop in áit na scuaibe tar éis na blianta d’easpa maoiniú”.
Mar sin, is ait an rud é go bhfuil an Rialtas ag maíomh as €36 milliún breise, seachas má tá siad ag déanamh athrá agus athfhógairt ar thograí caipitil ar a bhfuil maoiniú geallta cheana féin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP), ar nós Sráid Fhearchair.
“Más ea, ní airgead nua atá i gceist ar chor ar bith mar atá á rá acu, agus is cur i gcéill an méid atá fógartha inniu don teanga.”
Thug an tAire Calleary dúshlán don mhéid a mhaígh urlabhraí Shinn Féin ag rá do go raibh maoiniú á chur ar leataobh le haghaidh Cé Inis Oírr, an tIonad Gaeilge ar Shráid Fhearchair sa phríomh chathair agus an Mol Óige ag Coláiste Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige.
Mhínigh sé go raibh na tograí úd chomh mór go raibh gá airgead a chuir i leataobh thar roinnt bliain ‘go dtí go bheidís críochnaithe’ agus go raibh tábhacht le na tograí sin.
Bhí cáineadh géar ó Shinn Féin agus ón ngrúpa Gaeltachta, BÁNÚ, ná raibh, dar leo, aon airgead curtha i dtreo na tithíochta sa Ghaeltacht sa Bhuiséad.
“Ní raibh tagairt ar bith do ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta sa Bhuiséad seo, ná tagairt ar bith don Ghaeilge sa chóras oideachais, ná tagairt ar bith do Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais nó do Phacáiste Tarrthála do Choláistí Samhraidh agus na Mná Tí, rudaí a bhí béim curtha orthu ag Sinn Féin,” dúirt Ó Snodaigh.
Mhínigh an Aire Calleary, áfach, gurb é easpa bonneagair, fadhbanna le huisce agus séarachais, na bacanna ba mhó ar thógáil tithe sa Ghaeltacht agus mheabhraigh sé go raibh an Rialtas tar éis isteach is amach le €5bn curtha ar fáil d’Uisce Éireann chun tabhairt faoin dúshlán sin.
Anuas ar sin, dúirt sé go mbeadh plean an Rialtais maidir le tithíocht á fhoilsiú go luath agus go mbeadh an Ghaeltacht san áireamh sa mhéid sin.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say