We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Toghadh an Pápa Leo i mí na Bealtaine tar éis gur cailleadh an Pápa Proinsias ag an Cháisc anuraidh. Alamy Stock Photo

Bearna ag méadú idir an Pápa agus Donald Trump tar éis a thárla i Veiniséala

Tá ráitis an Phápa Leo ar cheist Veiniséala agus inimircigh ag léiriú bearna idir é agus Rialtas Donald Trump i Washington.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

CÉ GO RAIBH ceannairí an Aontais Eorpaigh, an Bhreatain agus tíortha eile cúramach gan cáineadh díreach a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheirceá tar éis gur fhuadaigh fórsaí speisíalta Uachtarán Veiniséala agus a bhean ó Characas ag an deireadh seachtaine, ní raibh an Pápa Leo XIV chomh neamhbhalbh céanna ina ráiteas.

Agus é ag labhairt ag an deireadh seachtaine le h-oilithrigh a tháinig chun na Róimhe, dúirt sé gur cheart go mba cheart go raibh leas phobal Veiniseála, a raibh grá aige dóibh, chun tosaigh ar gach ní eile.

“Ba cheart go mbeadh seo i dtreo sárú an fhoréigin agus go leanfaimís ar bhóthar na córa agus na síochána, ag cinntiú go leanfadh flaitheas na tíre, go mbeadh cinnteach go raibh riail an dlí faoi chosaint sa bhunreacht agus go mbeadh meas ar chearta daonna agus sibhíalta gach duine beo, agus go mbéimís ag obair le chéile chun todhchaí faoi shíocháin agus le comhoibriú, seasmhacht agus ás lámha a chéile,” dúirt sé agus é ag labhairt ón mbalcóin ós cionn Cearnóg Pheadair Naofa sa Vatacáin.  

D’impigh sé freisin go dtabharfaí aird ar leith don dream is boichte a raibh thíos leis de barr na cúinsí deacra eacnamúla.

Léirigh an ráiteas a d’eisigh Ambasadóir SAM don Vatacáin, Brian Burch, ná raibh an Vatacáin agus Washington ar an leathnach céanna áfach nó ní raibh aon tagairt ann d’impí an Phápa go leireofaí meas do fhlaitheas Veiniséala. 

I ráiteas Burch, bhí tagairtí ann don mhéid a dúirt an Pápa faoi bheith ag guí ar son na síochána, comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile.

Screenshot 2026-01-06 at 17.22.17 Seo an ráiteas a d'éisigh Ambasadóir Mheirceá chun na Vatacáine, Brian Burch, tar éis a raibh le rá ag an bPápa faoi Veiniséala Dé Domhnaigh.

Thagair an Phápa freisin do Veiniséala le linn mhí na Nollag nuair a rinne sé achainí nach mbeadh ionradh ar bith ar an dtír sin.

Agus é ag seanmóireacht ag an Nollag, rinne an Phápa achainí bheith níos cineálta le stroinséirí ach bhí a dhearcadh ar chur chuige Mheirceá i leith inimircigh nios follasaí arís nuair a labhair sé le tuairisceoirí ag an am.
https://youtube.com/shorts/37R2wGlc5eg?si=qnwqgK3zPREaWOkW

“Má tá daoine sna Stáit Aontaithe go mídhleathach, tá bealaí ann chun dul i ngleic le sin, tá cúirteanna ann, tá córas córa ann – ceapaim go bhfuil alán fadhbanna sa chóras. 

“Níl éinne tar éis a rá gur cheart go mbeadh teorainneacha oscailte ag na Stáit Aontaithe .

“Ceapaim go bhfuil an cheart ag gach tír cinneadh a dhéanamh cé a thagann isteach, agus conas agus cathain.

“Ach nuair atá saol maith ag daoine, agus go leor acu ar feadh 10, 15, 20 bliain, níor cheart caitheamh leo ar slí atá an dhímheasúil agus tá roinnt foréigin tar éis bheith ann ar mhí-amharaí an tsaoil.

“Ceapaim go raibh na h-easbaig an soiléir sa mhéid a dúirt siad agus nílim ach ag tabhairt cuireadh go gach éinne i Meirceá cluas a thabhairt dóibh.”

Bhí an Phápa ag tagairt do ráiteas a rinne Comhdháil na nEasbag i Meirceá tar éis cruinniú i mí na Samhna.  

Sa ráiteas sin bhí an méid seo le rá acu: 

“Cuireann sé isteach orainn nuair a fheicimíd aeráid na h-eagla agus imní i measc ár bpobail agus iad buartha faoi cheisteanna a bhaineann le próifíliu agus cur i bhfeidhm dhlithe na h-inimirce.

“Cuireann stáid na diospóireachta agus na maslaí atá á gcaitheamh le h-inimircigh isteach orainn.

“Tá imní orainn faoi na coinníollacha in ionaid coinneála agus an easpa rochtain atá ann ar chúraim tréadach.

“Caoinímíd go bhfuil roinnt inimircigh sna Stáit Aontaithe tar éis a stadas dlithiúil a chailliúint go randamach agus cuireann bagairtí in éadan naofacht eaglaisí agus ionaid adhradh eile chomh maith le stadas ar leith oisbidéil is scoileanna buairt orainn,” dúirt siad. 

Tá go leor cáineadh déanta ag lucht leanta an Uachtaráin Trump ar an bPápa. Go gairid tar éis a thoghchán dúirt Steve Bannon gur bhain sé siar as gur toghadh duine cosúil leis an gCairdinéal Prevost, ainm an Phápa sara toghadh é, agus an méid a bhí ráite aige ós comhair an tsaoil ar na meáin sóisíalta. 

Nuair a tháinig sé chun solais go raibh an Chairdinéal Prevost tar éis cáineadh a dhéanamh ar sheasamh Leas Uachtaráin Mheirceá, JD Vance, ar cheist na h-inimirce, dúirt Vance, ar Chaitliceach é, nár mhaith leis an chluiche a imirt go mbeadh sé ag polaitiú ról an Phápa agus go mbeadh sé ag guí ar son an Phápa.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
JournalTv
News in 60 seconds