We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Caitheadh an cás in éadan Mo Chara amach mar gheall nár cúisíodh é laistigh de shé mhí ón am ar thárla an eachtra ag a líomhaítear gur thárla an eachtra. Alamy Stock Photo

Fiosrú á lorg faoi "chosc" ar Kneecap taisteal go Ceanada

Fógraíodh ná beadh fáilte roimh an ngrúpa Feirsteach taisteal go Ceanada mar gheall ar líomhaintí atá séanta ag na ceoltóirí.

The Gaeltacht team of the Journal has produced this article.  You can read an English language version here

TÁ COMHALTA TOFA i bPairlimint Cheanada ag éileamh fiosrú oifigiúil faoi fhógra a déanadh an mhí seo cháite inar tugadh le fios go raibh cosc ar an ngrúpa Kneecap taisteal go dtí an tír.

Jenny Kwan, ionadaí tofa an Pháirtí Nua Daonlathach i Vancouver, atá ag lorg na fhiosruithe mar gheall ar fhógra Vince Gasparro, feisire de chuid an Pháirtí Liobrálach agus Rúnaí Phairliminteach(Aire Shóisearach) sa Roinn Frith Choiriúlacht, go raibh cosc ar Kneecap taisteal go dtí an tír.

Rinne Gasparro líomhaintí go raibh Kneecap ag spreagadh foréigin pholaitiúil. Luaigh sé an cás a raibh á tógáil ag údaráis na Breataine ag an am in éadan Mo Chara ó Kneecap faoi bhrat Hezbollah a bheith ina sheilbh ar ardán ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo cáite.

Caitheadh an cás sin amach an tseachtain ina dhiaidh sin agus tá Kneecap tar éis na líomhaintí a rinne Gasparro a fhoilsiú i bhfíseán a scaip sé ar na meáin sóisialta agus a bhain lucht féachana sa bhreis ar 4m.

Tá sé ráite ag bainistíocht an ghrúpa ná fuair siad aon teagmháil eile ó Rialtas Cheanada ach cuireadh ar athló ceolchoirmeacha a bhí beartaithe an mhí seo ag an ngrúpa.

Ina litir chuig an gCoiste um Shaoránacht agus Inimirce, dúirt Kwan go raibh ceisteanna tromchúiseacha faoin díscreid a raibh ag airí agus airí shóisearacha maidir le cinntí faoi oirfidigh agus ealaíontóirí a ligean isteach sa tír.

“Tá sé fíor thábhachtach go gcuirfí muintir Cheanada agus an pobal idirnáisiúnta ar a suaimhneas go bhfuil a gcearta á gcosaint ionas go mbeidh muinín ag an bpobal i gcothromas agus iontaofacht ár bpolasaithe maidir le hinimrce agus malartaithe chultúrtha,” arsa Kwan.

“Thabharfadh seo soiléireacht freisin do mhuintir Cheanada a cheannaigh ticéid chun an grúpa a fheiceáil i Toronto agus Vancouver.”

Tá iarratas ar fhreagra faoin mhéid atá ráite seolta ag an Fheisire Gasparro. Nuair a hiarradh ráitis uaidh agus ó údaráis Cheanada roimhe seo faoin ábhar seo, níor tugadh freagra ar bith.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds