Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
Tá coimitmint tugtha ag Catherine Connolly gurb í an Ghaeilge a bheidh ina teanga oibre in Áras an Uachtaráin le linn a téarma.
Ag freagairt di ar cheistneoir ‘Gaelvóta’ a sheol Conradh na Gaeilge chuig na hiarrthóirí sa toghchán seo, bhí an méid seo le rá ag Connolly, a toghadh ina deichiú hUachtarán ar Éirinn leis an líon is mó vótaí i stair thoghcháin Uachtaránachta aréir.
Is í an Ghaeilge a bheas mar theanga oibre an Árais más mise a bheas i m’Uachtarán. Beidh doras an Árais oscailte agus fáilte mhór agam roimh mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.
“Tabharfaidh mé gach cúnamh agus tacaíocht atá ceadaithe dom, mar Uachtarán, dóibh.”
Freagra ar an gceist, cad a dhéanfadh sí agus í tofa ina hUachtarán chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn, a raibh sa mhéid a bhí le rá ag an Uachtarán nua tofa.
Chuir sí tús as Gaeilge lena céad óráid tar éis do thoradh an toghcháin bheith fógartha agus í fógartha go hoifigiúil ina céad Uachtarán eile ar an dtír, ag teacht i gcomharbacht ar an Uachtarán Ó hUigínn. Sa sliocht as Béarla thagair sí don Ghaeilge go sonrach.
Sa chéad dul sios ghabh sí buíochas le gach éinne a bhí i láthair ag an ócáid mar aon le cách a thug tacaíocht di, ceannairí na bpáirtithe a sheas léi go príomha, agus a thug “tacaíocht iomlán” di. Ghabh sí buíochas freisin le polaiteoirí neamhspleácha eile, Teachtaí Dála agus Seanadóirí a thacaigh léi mar aon le na daoine a “chaith vóta ar mo shon agus na daoine nár chaith vóta ar mo shon”.
Beidh mé i m’Uachtarán ar son gach duine sa tír, gach duine.
Thug sí ómós freisin dá céile comhraic, Heather Humphreys, ag rá di gur ghlac sé ‘muinín agus crógacht tú féin a chur os comhair muintir na tíre.
“Rinne Heather é sin agus comhghairdeas. Agus táim ag súil le gin agus elderflower leat go luath.
“D’aontaigh muid nuair a bhíomar i mbun díospóireachta ar RTÉ go mbeadh gin agus elderflower againn le cheile chomh sciobtha agus is féidir. Tá éacht déanta againn le chéile.”
Thug an tUachtarán nuathofa le fios gurb é inniu “am na cinniúna”.
“Thug mé geallúint le linn an fheachtais go rachaidh mé ar ais go gach ionad agus beidh an gealltanas sin á chomhlíonadh agam.
“Seo gluaiseacht, níl mise ach mar shiombail den ngluaiseacht seo agus leanfaidh sibhse ar aghaidh leis an ngluaiseacht sin le fís nua don tír agus Poblacht nua a mhúnlú ar son ghnáth mhuintir na tíre.
“Tá an dúshlán againn anois le na páirtithe agus daoine nach bhfuil páirteach in aon pháirtí, dul i ngleic leis an dúshlán agus poblacht nua a mhúnlú.”
Thug sí an t-óráid as Béarla ansin agus lean óráidí ó Heather Humphreys, a d’úsáid roinnt Gaeilge ina caint mar aon le h-aitheasc gonta ón Tánaiste Simon Harris agus ó An Taoiseach Mícheál Martin.
Insealbhófar Catherine Connolly go sollúnta ina hUachtarán ar an Mháirt, 11ú Samhain.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say