Share your views on our Irish-language content

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ceaptar go mbeidh 600,000 díbeartha ó SAM ag ICE faoi dheireadh 2025. Iniúchadh TG4 - ceapadh scáileáin

Dlíodóir ag moladh d'Éireannaigh i Meirceá gan filleadh abhaile don Nollag tar éis díbirt 99

Tháinig méadú suntaach 65% ar líon na nÉireannach a díbríodh ó SAM go dtí seo i 2025, de réir eagrán nua de Iniúchadh TG4.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ COMHAIRLE TUGTHA d’Éireannaigh gan cáipéisí gan filleadh ar an bhfód dúchas don Nollaig mar go bhfuil siad sa chontúirt chéanna go ndíbreofaí iad agus grúpaí eitneacha eile atá á dtargaidiú le linn dara théarma uachtaránachta Donald Trump. 

Ag labhairt dó ar an gclár, deir an dlíodóir Gael Mheirceánach Brian O’Dwyer go raibh sé ag comhairliú do dhaoine gan taisteal abhaile don Nollaig gan na caipéisí cuí.

“Faoi mar atá cúrsaí, mura bhfuil an cháipéisíocht acu, ní féidir dul abhaile mar ní ligfear ar ais isteach iad.

“Tá an cás chomh crua sin, agus chomh cruálach. Tá daoine á ngabháil acu agus ansin iad á gcoinneáil gan aon ghá leis.”

Cé gur beag an líon daoine atá i gceist i gcomparáid le pobail eitneacha eile i Stáit Aontaithe Mheirceá (SAM), is méadú suntasach i dtéarmaí céatadáin atá i gceist le díbirt 99 Éireannach idir Eanáir agus Meán Fómhair.

Cuirtear sin i gcomparáid le 60 Éireannach a díbríodh i 2024, 37 i 2023, 17 i 2022 agus deichniúr i 2021.   

Ceaptar go mbeidh 600,000 san iomlán díbeartha ó Mheirceá faoi dheireadh na mbliana de bharr beartais US Immigrations and Customs Enforcement – nó ICE mar a thugtar air go coitíanta.

Is iad seo na fíricí atá tugtha chun solais i gclár faisnéise nua, Iniúchadh TG4 – Trump agus na Gaeil, a chraolfar anocht ar an staisiún agus a thugann léargas ar an athrú atmasféir atá tite amach i SAM ó insealbhaíodh Donald Trump sa Teach Bhán i mí Eanáir. 

TG4 / YouTube

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath a cuireadh ar fáil don gclár faisnéise, d’iarr 63 duine cúnamh consalachta ó thús na bliana i ndáil lena ndíbirt as na Stáit Aontaithe. B’ionann líon iomlán na ndaoine a d’iarr cabhair ón Roinn sa bhliain 2024 agus 15, i gcomparáid le 18 sa bhliain 2023, aon duine dhéag sa bhliain 2022 agus cúigear sa bhliain 2021.

‘D’fhéadfadh go bhfuil níos mó Éireannaigh á ndíbirt’

De réir na Roinne Gnóthaí Eachtracha, d’fhéadfadh gur airde ná 63 líon dáiríre na saoránach de chuid na hÉireann arna ndíbirt nó arna gcoinneáil ag ICE.

“Is ceart a thabhairt faoi deara nach dtagann san áireamh leis an bhfigiúr seo ach cásanna inar iarr saoránach, nó duine de mhuintir an tsaoránaigh sin, cúnamh consalachta agus nach gá go mbeadh gach cás i gceist inar tharla díbirt go hÉirinn nó ina bhfuil saoránach i ngéibheann faoi láthair ag ICE,” dúirt urlabhraí na Roinne. 

Tá an Moinsíneoir James Kelly, 88, as Contae Luimnigh ó dhúchas, ag cuidiú le daoine den lucht imirce nach bhfuil cáipéisí acu cead a fháil fanacht sna Stáit Aontaithe ó tháinig sé féin go Brooklyn ar dtús, níos mó ná 60 bliain ó shin. Faoi dhianfheachtas an Uachtaráin Trump in aghaidh lucht imirce mídhleathach, deir seisean go bhfuil an seans céanna le haon imirceach mídhleathach eile go ndíbreofar Éireannach faoi láthair nach bhfuil na cáipéisí is gá aige nó aici.

‘Pós Meiriceánach más féidir leat’

“Níl aon stádas níos fearr ag Éireannach níos mó ná mar atá ag aon duine eile. Bhí tráth ann a gcaití go fabhrach leo, ach níl aon bhuntáiste mar sin leo anois. Níl iontu anois ach duine de dhream ar nós gach uile dhream eile. Tá cuid mhaith Éireannach anseo faoi láthair nach bhfuil bun fúthu, nach bhfuil stádas dleathach acu.”

Molann an Moinsíneoir Kelly freisin d’aon duine gan na cáipéisí cuí agus iad ina gcónaí sna Stáit Aontaithe gan taisteal go hÉirinn i rith na Nollag ar eagla go ngabhfaí iad, go ndíbreofaí iad nó nach ligfí ar ais isteach iad.

“Ní féidir le daoine (gan an cháipéisíocht chuí) dul abhaile le haghaidh na Nollag má tá súil acu le theacht ar ais arís. Ba mhór an trioblóid sin má tá post anseocu, agus teaghlach, agus gan iad in ann a theacht ar ais isteach go furasta.

Is é a mholfainnse gan corraigh. Fan socair. Fan breá socair faoi láthair. Pós Meiriceánach más féidir. Athraigh cúrsaí ar an gcaoi sin. Faigh ‘green card’.

“Teastaíonn an stádas ceart, agus is é an “green card” an t-aon chaoi le seasamh ceart a bheith fút. Tá na céimeanna tosaigh tógtha ansin agat le saoránacht a fháil.”

Is deacair tuairisc chruinn thráthúil a fháil ó ICE ar líon iomlán na ndaoine atá á ndíbirt as na Stáit Aontaithe ach d’fhógair an Department of Homeland Security i mí Dheireadh Fómhair figiúirí lenar luadh “record-breaking statistics”.

Luadh go raibh 527,000 “illegal aliens” tugtha chun bealaigh “under the leadership of President Donald Trump” agus gur measadh go mbeadh 600,000 díbeartha faoi dheireadh na bliana.

Ag an am chéanna atá an dianfheachtas frith inimirceach seo ar siúl ag ICE, tá sé dearbhaithe ag an Roinn Ghnóthaí Eachtracha go bhfuil méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar phasanna Éireannacha atá déanta ag daoine atá ina gcónaí i SAM, suas 21% ó 31,825 anuraidh go dtí 38,376 i mbliana go dti seo. 

I measc na ndaoine is iomráití atá tagtha chun cónaí in Éirinn ó bhog Donald Trump ar ais go dtí an Teach Bhán, tá an réalta teilifíse agus fuirseoir, Rosie O’Donnell.

Bhuaigh an sraith Iniúchadh TG4, atá curtha i láthair agus léirithe ag an iriseoir fiosrach Kevin Magee, go leor gradaim go dtí seo, gradam cumarsáide don sraith theilifíse ab fhearr ag Oireachtas na Samhna níos túisce i mbliana ina measc. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds