We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí aitheasc insealbhaithe an Uachtaráin Connolly tomhaiste agus toirtiúil dar le colúnaí Tuairisc agus iar laithreoir Morning Ireland, Cathal Mac Coille RollingNews

Catherine Connolly 'ar dhroichead' idir an Dáil agus an Áras, dar le tráchtaire aitheanta

Creideann iar láithreoir Morning Ireland go raibh an mianach in aitheasc insealbhaithe an Uachtaráin Connolly.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AN UACHTARÁN nua ar dhroichead idir a seal mar Theachta Dála gníomhach agus ina hiarrthóir ar fheachtas toghcháin agus an saol nua agus í anois in Áras an Uachtaráin, tá sé ráite ag an gcolúnaí agus iar láithreoir ar Morning Ireland, Cathal Mac Coille.

Bhí Mac Coille, a bhíonn ag scríobh colún rialta don suíomh nuachta Gaeilge, Tuairisc, agus ag tabhairt a bharúil ar go leor cláir chúrsaí reatha ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus eile,  ag caint le The Journal tar éis do Catherine Connolly bheith insealbhaithe ina 10ú uachtarán ar Éirinn agus bhi sé ag bunú a thuairim ar a aitheasc insealbhaite i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt. 

An cur síos a d’úsáid Mac Coille agus é ag caint ar oráid an Uachtaráin nua ná go raibh sé “tomhaiste” agus an míniú a thug sé ar sin ná gur léir ón oráid go raibh an tUachtarán tar éis bheith an chúramach faoin chaint a thug sí ar ábhair áirithe a fhéadfadh teannas a chothú idir Áras an Uachtaráin agus Teach Laighean. 

Dúirt sé go raibh an athrú seo aitheanta ag an Uachtarán an oíche a toghadh í agus go raibh an fhorbairt seo le tabhairt faoi ndeara ina haitheasc insealbhaithe freisin ach nach léir go raibh an aistriu déanta go h-iomlán fós. 

“Tá sé soiléir go dtuigeann sí agus go bhfuil sí ag luí isteach ar an athrú ar an ról agus í dílis do na haidhmeanna agus na na hábhair a theastaigh uaithi díriú orthu.

“Níor léirigh sí fós go bhfuil an t-athrú sin curtha i gcrich aici ach ní bhéinn ag súil le sin.”

Dúirt sé freisin go raibh “mianach iontach san óráid”, ag rá do go raibh sé “toirtiúil” agus “go raibh an-chur síos ann ar ábhair éagsúla, go h-áirithe na h-ábhair a luaigh sí le linn an fheachtais”.

“Bhí leidí den chur chuige a léireoidh sí amach anseo.”

90110640_90110640 Cathal Mac Coille, colúnaí le Tuairisc agus iar láithreoir ar Morning Ireland Rolling News Rolling News

Chuir an trachtaire suntas ar leith in abairt amháin ó óráid an Uachtaráin a raibh sa chuid Gaeilge den aitheasc.

“Sibhse, a dúirt sí, agus tá an tagairt iomlán cruinn agam anseo:

Sibhse a chuaigh agus a théann i ngleic le heaspaí seirbhísí agus riachtanais gach lá beo, easpaí nár cheart a bheith fós ann i dtír atá chomh saibhir.

Dar le hÓ Coille, is ábairt é seo a fhéadfadh ábhar machnaimh a thabhairt don Taoiseach agus a chomhghleacaithe Rialtais sna laethannta ón insealbhú.

The Journal / YouTube

“Tá sí ag díriú ar ábhar ansan a bhaineann, d’fhéadfá a rá, go ginearálta lena cúram mar Uachtarán ach nach mbaineann lena cúram Uachtaránachta in aon chorr mar gur polasaí atá i gceist agus cur chuige Rialtais agus polasaithe cur i bhfeidhm polasaite Rialtais.”

Chuir sé i gcomparáid an abairt sin leis an méid a dúirt a réamhtheachtaí, an tUachtarán Michael D. Ó hUigín maidir leis an ngéarchéim tithíochta nuair a dúirt sé go raibh sé “scannalach”.  Dar leis, bhí an tUachtarán Connolly ag díriú isteach ar shonraí beagáinín san abairt sin agus ba léid é sin gur féidir go mbeadh sí sásta rudaí eile a bheadh ag díriú isteach ar shonraí a rá ós ard ar ócáidí eile.

Dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú dá n-imeodh sí go h-ionad éigean, ionad sláinte nó láthair oideachais mar shampla, agus go dtárlódh sé go gcuirfí easpa sheirbhísí ar a súile, go ndéarfadh sí rud éigean an uair sin a bheadh mar údar teannais leis an Rialtas mar go mbeadh sí sásta díriú ar an ábhar ar bhealach níos mine fiú ná mar a bhí a réamhtheachtaí.

Thagair sé freisin don mhéid a bhí le rá ag an Uachtarán Connolly faoin neodracht agus faoin mhéid a fhéadfadh tarlú dá rithfeadh an Dáil agus an Seanad Bille ag fáil réidh leis an nglas triarach agus go dtiocfadh an Bille sin ós comhair an Uachtaráin chun go reachtófaí é.

In aitheasc an Uachtaráin, níor thagair sí don ghlas triarach ach dúirt sí go raibh traidisiún fada neodrachta ag an tír agus gur chuir an daonra an stór sa traidisiún sin agus bhí tagairt freisin don dtraidisiún caomhnú síochána atá ag an tír

“Is díol súntais go bhfuil ann do ach sin a bhfuil ann, bhi an tagairt an chúramach agus tomhaiste.”

Dúirt sé. áfach, go bhféadfaí go gcothófaí achrann idir an Uachtarán agus an Rialtas sa chás go dtiocfadh Bille ag fáil reidh leis an nglas triarach agus tá gcuirfeadh sí an Bille sin faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí fé mar atá ceadaithe sa Bhunreacht. 

Thagair sé do Chonradh Nice a diultaíodh do an chéad uair agus nár glacadh leis go dtí go raibh geallúint tugtha ag an Rialtas go mbeadh an glas triarach i bhfeidhm i dtaca le neodracht na tíre. 

Tá tuairimí ar an dá thaobh faoi seo  – deir an Rialtas nach ionann sin agus a rá nach féidir é a athrú, nach dteastaíonn reifreann chun é a athrú ach beidh go leor daoine ag rá go dteastaíonn reifreann.

Dúirt sé go bhféadfadh seo bheith ina “cheist bheo” don Uachtarán Connolly.

Dúirt sé freisin go raibh an méid a dúirt sí faoi aontacht na tíre cúramach freisin sa mhéid is ná raibh aon tagairt ann do reifreann nó a leithéid. 

Ar nós gach cainteoir Ghaeilge chuir sé fáilte roimh an mhéid a dúirt sí faoin nGaeilge agus i nGaeilge san óráid.  

“Tá Gaeilgeoir san Áras, rud a fhágann gur ábhar misnigh é agus a chuirfeas áthas ar gach duine, gach Gael, gach duine le Gaeilge, gach cainteoir Gaeilge sa tír.”

Maidir le coimitmint an Uachtaráin Connolly go mbeidh Gaeilge ina teanga oibre san Áras, bhí seo le rá aige. 

Ní dóigh liom go mbeidh Gaeilge á labhairt sa chistin ná sa ghairdín, beidh sí á labhairt aici lena lucht comhairle agus lena lucht oifige féin.

“Nílim ag déanamh beag is fiú de ach ní dhéanfainn rud mór is fiu de ach an oiread.”

Dúirt sé go raibh go leor san óráid, go raibh “ábhar cainte dúisithe aici” agus gur dócha ná raibh deireadh ráite aici.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil  

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
10 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds