We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta i measc an 25,000 a ghlac páirt i mórshiúl ar son cearta teanga tríd lár Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fomhair Liam Murphy

Líon na dteaghlach Gaeltachta ag tógáil a bpáistí le Gaeilge 'seasmhach' ach ag laghdú

Dar le Sinn Féin, tá an Rialtas ag teip an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht mar gheall ar easpa pholasaí tithíochta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) 

NÍL AG ÉIRÍ leis an Rialtas an Ghaeltacht a choimeád slán agus é léirithe ag anailís nua ar fhigiuirí Dhaonáirimh 2016 agus 2022 go bhfuil daonra na nGaeltachtaí ag fás ach titim ag teacht ar an líon teaghlaigh atá ag tógáil a bpáisti le Gaeilge. 

B’shin an fhreagra a thug urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Conor D McGuinness, a chaith seal ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na Déise, ar fhoilsiú an tseachtain seo ar an dtuarascáil a d’éisigh Tuismitheoiri na Gaeltachta inar deineadh anailís ar fhigiúirí na ndaonáireamh i 2016 agus i 2022. 

B’é an príomh toradh a thug an anailís sin go raibh titim níos lú ná 1% tagtha ar cheatadán na dteaghlach a raibh ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, ó 15.83% i 2016 go 15.18% i 2022. agus gur féidir a rá dá réir go bhfuil cúrsaí seasmhach go maith. 

Tá sé ráite ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, dream a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sna ceantair éagsúla Gaeltachta agus a bhfaigheann a gcuid maoinithe ó Roinn na Gaeltachta, go léiríonn an anailís seo go bhfuil an stáid ‘seasmhach go maith’.

Dúirt ceannasaí an eagrais, Sorcha Ní Chéilleachair, go raibh idir ábhar dóchais agus imni sna figiúirí.   “Is cúis misnigh dúinne atá ag obair le teaghlaigh sa Ghaeltacht go bhfuil cúrsaí seasmhach go maith ach ní féidir a shéanadh gur céatadáin ísle atá i gceist mar bhunús.,” dúirt sí.

I measc na dtorthaí eile a soilsíodh san ainailís, nochtadh go raibh titim níos mó, ó 21.42% in 2016 go 19.68% in 2022, de chainteoirí laethúla Gaeilge (os cionn 3 bliana) a bhí i gceist sa ghnáthphobal.

Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) sa Ghaeltacht san áireamh sa tuarascáil chomh maith. Léiríonn an chuid seo de na figiúirí go bhfuil méadú tagtha ar chéatadán na dteaghlach ar féidir a rá go bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu (ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad) i 12 Limistéar Pleanála Teanga (LPT). 

Mar sin féin, níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.  Is iad seo na torthaí le h-aghaidh na toghcheantair éagsúla agus iad rangaithe ag údair an tuarascála. 

 

Agus é ag tabhairt freagra le linn agallaimh ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta ar an méid a tugadh chun solais sa tuarascáil, dúirt Aodán Mac Cormaic, Rúnaí Cúnta na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, dúirt sé ná raibh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag feidhmiú i ngach limistéir pleanála teanga ach le bliain anuas. 

“Ní éiríonn na figiúirí seo idir an dhá dhaonáireamh an tionchar atá obair Thuismitheoirí na Gaeltachta ag imirt ar lucht labhartha na Gaeilge agus ar chleachtas labhartha na Gaeilge i measc na bpobail Gaeltachta go fóill,” dúirt sé.

“Bheinnse ag súil sa chéad daonáireamh eile go bhfeicfimíd cuid den tionchar sin ins na figiúirí.”

Dar le h-urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, áfach, gurb iad polasaithe tithíochta an rialtais atá taobh thiar des na figiúirí seo.

“Gan aon réiteach ar chúrsaí tithíochta, ní bheidh réiteach ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht,” dúirt an Teachta Dála. 

“Tá na grúpaí ar an dtalamh sa Ghaeltacht, agus Gaeil na Gaeltachta ag déanamh a ndícheall, ach cén mhaitheas é nuair nach féidir le gaeilgeoirí óga tithe a cheannach nó a thógaint ins na Gaeltachtaí.”

“Tá cumhachtaí, pleananna agus maoiniú breise ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta agus na hOifigigh Pleanálaithe Teangan anois chun fadhb tithíochta na Gaeltachta a réítiú. Ní i gceann bliana nó i bhfad amach ó seo.”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
8 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds