We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá ionadaithe ó chraobhacha ar fud na tíre agus ón ndomhan mhór bailithe i mBéal Feirste d'Ard Fheis Chonradh na Gaeilge. Concubhar Ó Liatháin

Aisling athaontaithe anois i mbunreacht an eagrais Ghaeilge is mó sa tír

Tá Conradh na Gaeilge tar éis rún a rith ag ard fheis an eagrais ar són gníomhú ar son aontú na tíre.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece )

TÁ VÓTA LÁIDIR tugtha ag toscairí Chonradh na Gaeilge ar son leasú bunreachta a chiallaíonn go mbeidh gníomhú “i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” ina chuspóir don eagras Ghaeilge is mó sa tír.

Ag ard-fheis an eagrais atá á reáchtáil i mBéal Feirste, vótáil cuid mhór de na toscairí is baill aonair ar son an rúin a mhol Craobh Cheantair Bhéal Feirste tar éis díospóireachta inar ghlac líon mór cainteoirí páirt ann. Is é an Conradh an t-eagras abhcóideachta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a bunaíodh in 1893.

Is macalla an vóta seo ar chinneadh a glacadh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i nDún Dealgan i 1915 nuair a ghlac an t-eagras le rún a dhearbhaigh gurb é an aidhm go mbeadh ‘Éire saor agus Gaelach’. Mar thoradh ar an vóta sin shiúl Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde is baill eile amach as an gcomhdháil agus bhí scoilt sa Chonradh.

An bhliain dár gcionn bhí baill shinsearacha sa Chonradh, leithéidí Pádraic Mac Piarais, ina gceannairí ar Éirí Amach na Cásca. Baineadh an tagairt sin as bunreacht an eagrais ag an ard-fheis i 2008.

Cé go raibh tromlach na gcainteoirí san Óstán Europa ar son an rúin, bhí cainteoirí a labhair i gcoinnibh an rún. Luaigh Cormac Ó Dúlacháin, abhcóide sinsearach atá ina bhall de chraobh Chumann Barra na Gaeilge, an deontas reáchtála de €867,000 a bhfaigheann an t-eagras ó Fhoras na Gaeilge, institiúid tras teorainn a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thagair sé freisin don liúntas ar rátaí a bhfaigheann an Conradh d’fhoirgnimh i nGaillimh agus Baile Átha Cliath mar gheall ar an stádas charthanachta atá ag an eagras agus dúirt go gcuirfeadh vótáil ar son rún pholaitiúil mar seo an stadas sin i gcontúirt.

Thug moltóir an rúin, Conchúr Ó Muadaigh freagra ar an rún seo ag rá go raibh an rún pléite ag coiste gnó, an coiste is sinsearaí sa Chonradh, agus dúirt go raibh comhairle dlí faighte ag rá nach gcuirfí an deontas sin i mbaol.

Dar le Dáithí Mac Carthaigh, iar uachtarán ar an gConradh, go gcothódh vóta ar son an rúin fuacht d’aon bhall de pháirtí aondachtach nó aon bhall de Pháirtí an Chomhaontais (Alliance) i leith an Chonartha.

Faoi dheireadh glacadh vóta ar an rún bunreachta agus bhuaigh sé le tromlach mór agus gan ach dornán vótaí in éadan.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds