We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Saolaíodh Patrick Foley 'taobh thíos den gCnoc' i gCorca Dhuibhne ach fuair sé bás brúidíúil ar fhanaí na sléibhe in iargúltacht Oklahoma Screenshot ó Rian na Fola

Ar dhúnmharaigh an KKK fear ó Chorca Dhuibhne 100 bliain ó shin - clár faisnéise nua ó RTÉ

Conas gur chriochnaigh siúinéir is staraí ó Chorca Dhuibhne le bás brúidiúil ar thaobh sliabh i dtearmann na Cherokee in iargúltacht Oklahoma? Fiosraitear an scéal i gclár faisnéise nua as Gaeilge ar RTÉ.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BEAGNACH CÉAD BLIAIN ó shin fuarthas corp fir ar thaobh sléibhe i dtearmann bhundhúchasach Mheiriceánach san iargúltacht in Oklahoma agus tuairiscíodh ina dhiaidh sin sna nuachtáin áitiúla gur Patrick Foley ab ainm dó agus go bhfuair sé bataráil agus go raibh sé scaoilte faoi dhó.

Is é an dúnmharú sin agus saol an fhir ó Chiarraí ó dhúchas a dúnmharaíodh is ábhar do scannán nua faisnéise a bheidh á chraoladh ar RTÉ 1 ar an Luan ag críoch na deireadh seachtaine saoire.

Craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dara Ó Cinnéide, atá ag cur i láthair ‘Rian na Fola’ agus thosnaigh a shuim sa scéal nuair a fuair sé leabhar a bhí scríte ag Foley a bhí á chaitheamh ó theach a bhí á athchóiriú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Spreag an leabhar sin, The History of County Kerry Corkaguiny by Patrick M Foley, a fhiosracht agus de réir mar a d’fhiosraigh sé, ba mhó an suim a raibh aige san údar a scríobh an leabhar.

“Pearsa an-shuimiúil ar fad ab ea an fear seo agus ní bheadh mórán cainte air anseo i gCorca Dhuibhne sa lá atá inniu ann,” arsa Ó Cinnéide.

Rugadh é i gCathair Dheargáin, baile fearainn atá ar an taobh ó thuaidh den leithinis sa Leitiriúch — nó taobh thíos den gcnoc, mar a deirtear sa cheantar, agus is é Cnoc Bhréanainn atá i gceist acu. Ba shiúinéir oilte ab ea é, bhí sé aitheanta mar staraí sa cheantar agus scríobh sé cúpla leabhar.

Toghadh é ar an gcomhairle áitiúil, Board of Guardians, agus bhí sé pósta agus beirt mhac air. Bhí cáil air freisin de bharr go raibh sé glan in éadan na dí agus, de réir fianaise na ngearrthóga ón leabhar a taispeánadh, bhí stíl scríbhneoireachta aige a bhí inléite agus bláfar.

I 1909, ansan, tar éis gur chaill sé a shuíochán ar an gcomhairle sin, bheartaigh sé dul go Meiriceá agus d’imigh sé leis is d’fhan a bhean is a pháistí sa bhaile.

Thall i Meiriceá bhí sé siúlach scéalach agus cé gur tháinig sé i dtír i Nua Eabhrac agus ansan leaindeáil sé i mBoston tráth go raibh na hÉireannaigh i réim sa cathair sin — agus muintir Uí Chinnéide go háirithe — bhí trácht air i Fort Worth i Texas agus chomh fada siar le hOklahoma freisin.

“Bhí comhartha ceiste faoi cad ina thaobh [gur fhag sé] — is dócha, fiacha, a mhac féin, a mhac nár chuir sé aon aithne air, dúirt sé go raibh fiacha tí air, bhí sé, is dócha, in ísle brí chomh maith nár athcheapadh sé ar Bhórd na gCaomhnóirí, go raibh an t-údarás a bhí tamall aige caillte aige agus tá nótaí agus fianaise ann go raibh sé fós ag plé lena chlann mar a bheifí ag súil agus ag cur airgid abhaile.

“Tuairimíocht eile go bhfág sé an tír i 1909 de bharr a thuairimí polaitiúla ach is deacair san a shamhlú roimh Éirí Amach na Cásca, roimh an gCogadh Cathartha ina dhiaidh sin — ach b’fhéidir.”

Leanann Ó Cinnéide rian Foley ar fud na háiteanna go raibh sé luaite leo — Boston, Fort Worth agus Oklahoma, gan amhras — ach d’fhág sé a rian freisin i Meicsiceo, California agus ag Niagara Falls.

I mBoston labhair an craoltóir le Sean Cahillane, iar-pholaiteoir a tháinig a mháthair ón mBlascaod agus a shíolraigh a athair ó Bhaile na nGall. Tá spéis ag Cahillane i scéal Foley mar gheall ar a cheangal le ceantar dúchais a mhuintir féin.

“The 1900s, Foley comes into a nice Boston, he was probably well received — this is the Kennedy era, Honey Fitz is the mayor, the Irish are now cops, they’re firemen, they’re teachers, now the Irish have landed.”

Thug Cahillane suntas don mhéid taistil a bhí á dhéanamh ag Foley — anuas ar na háiteanna eile a raibh luaite leis, chuala sé go raibh imithe chomh fada le Cuba, Ceanada agus Philadelphia. Dar leis an iar-pholaiteoir, léirigh sin go raibh airgead aige.

In 1920 that costs money — this guy’s not a carpenter, I would even question if this guy has a hammer and screwdriver. It seems like there’s more to this guy than meets the eye.

Sular fhág sé Boston, tháinig corr eile sa scéal. Gabhadh Foley — fear mór na measarthachta — as a bheith ar meisce go poiblí i 1927.

Dar le Emily Sweeney, scríbhneoir le The Boston Globe ar chúrsaí staire, níorbh é seo an chéad uair gur tharla a leithéid dó nó daoradh go príosún é ar feadh 30 lá i 1924 as bheith ar meisce go poiblí agus iarracht a dhéanamh ar bhuille a thabhairt don phóilín a ghabh é. Cuireadh an seal príosúntachta ar fionraí.

Níl aon míniú ar an taisteal a bhí ar siúl ag Foley i gcaitheamh a sheal i Meiriceá ach leanann Ó Cinnéide na leideanna go cúramach nó tá go leor breactha i litreacha sheol sé abhaile agus a choimeád a mhuintir is tá eolas eile i ngearrthóga nuachtáin.

Screenshot 2026-05-01 at 10.24.22 Creideann sliocht Patrick Foley go raibh lámh ag an KKK ina dhúnmharú. Ach is beag fianaise gur amhlaidh an scéal Screenshot ó Rian na Fola Screenshot ó Rian na Fola

Is é críoch Foley in áit darbh ainm Sallisaw, Oklahoma. Tá tagairtí don bhaile seo i leabhar iomráiteach John Steinbeck, The Grapes of Wrath, leabhar faoin nGéarchéim Mhór/The Great Depression.

I 1930 is cosúil go raibh Foley anseo ar thóir oibre mar shiúinéir. Nuair a thugann an Cinnéideach a chuairt ar an mbaile, tá uaigneas le braistint ann agus rian de fhadhbanna sóisialta Mheiriceá le cois. Feictear comhartha faoin eipidéim dhrugaí atá rábach i gceantair éagsúla na tíre.

Chuaigh an craoltóir go dtí Oifig an tSirriamh áitiúil do Chontae Sequoyah sa tóir ar thaifead faoin dúnmharú ach ní raibh aon rath ar an gcuardach nó ní raibh a leithéid acu agus dúradh leis go raibh ráta ard de cásanna dúnmharaithe nach raibh réitithe ag an am.

Thar teorainn in Arkansas, fuair sé gearrthóg nuachtáin le cabhair ó iriseoir áitiúil eile, Sue Robison, a thug leid eile. Tuairiscíodh ar phríomhleathanach an Muldrow Sun go bhfuarthas corp Foley ar Badger Lee Hill agus piléar gafa tríd súil amháin is piléar eile ina dhroim. Bhí soinseáil de luach $1.26 ina phóca.

Dar le Robison, gur thug sé le fios nach robáil a raibh i gceist nó b’é seo tráth ‘the Great Depression’ agus ní fhágfadh robálaí an méid sin airgid, dá laghad é, ina dhiaidh.

De réir ghearrthóg sa Fort Smith Times Record, bhí Foley tar éis dul go dtí an stáisiún póilíní sa chathair sna laethanta sular maraíodh é chun é féin a chur in aithne agus thug sé geallúint nach mbeadh sé ina chúis trioblóide, amhail is go raibh an drochchlú sin air.

Tagann an scannán go dtí Badger Lee Hill, atá mar chuid de thalamh na treibe bundúchasaí, na Cherokee. Ceantar iargúlta, gan ann ach séipéal agus crosbhóthar uaigneach.

Níl aon críoch sásúil ar an mistéir sa mhéid is nach bhfuil aon eolas ar cé a mharaigh Patrick Foley. Arbh iad an KKK, a bhí gníomhach sa cheantar, de réir mar a thuig a mhuintir sa bhaile mar gurb é sin an eolas a tháinig ó Mheirceá nuair a seoladh an scéal abhaile go raibh sé marbh? Cheap Foley féin go raibh coirpigh ó Nua Eabhrac sa tóir air — ar tháinig siad suas leis sa deireadh san áit iargúlta seo, na mílte míle óna bhaile?

Tháinig casadh eile ar an scéal faoi dheireadh. Bhí robáil ag an adhlacóir tráth go raibh corp Foley ann sular cuireadh é. Tógadh caipéisí a fuarthas ar an gcorp.

Creideann Ó Cinnéide go bhféadfadh go raibh daoine in amhras faoin bhfear seo, a bhí le feiscint sa bhaile ag gabháil timpeall agus ag breacadh nótaí — ba fear mór é le haghaidh nótaí a bhreacadh i leabhar dubh. Seans gur chothaigh sin amhras go leor chun áird daoine a mhealladh agus nach raibh na daoine sin ag iarraidh go mbeadh aon duine á nótáil mar seo.

Cé gur cuireadh in iúl dá ghaolta i mBoston go raibh a chorp le bailiú, níor tháinig siad chun é a bhailiú — seans gur turas róthada a bhí ann. Cuireadh in uaigh na mbochtán é i reilig i Fort Smith, Arkansas. Níl aon chloch ar a uaigh ná feartlaoi. Tá a ainm luaite ar uaigh a bhean chéile sa bhaile i gCnoc Mhelleray ar a fód dúchais i bPort Láirge.

Craolfar Rian na Fola ar RTÉ 1 ag 6.30in Dé Luain. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds