We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí slua mór lasmuigh de thigh na cúirte i Londain nuair a tháinig Kneecap amach agus an chúis in éadan Liam Óg Ó hAnnaidh caite amach. Alamy Stock Photo

Ní fúmsa a bhí an cás seo, bhí sé i gcónaí faoi Gaza - Mo Chara ó Kneecap

Rialaigh cúirt i Londain ná raibh aon chás le freagairt ag ball Kneecap, Mo Chara, mar gheall ar liamaint gur sharaigh sé dlí frith sceimhlitheoireacht ag ceolchoirm sa chathair.

This story is produced by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.

Tar éis gur rialaigh cúirt i Londain maidin inniu go raibh Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap saor ón gcúis a tugadh ina choinnibh faoi reachtaíocht frith sceimhlitheoireacht, d’eisigh an ceoltóir ráiteas ag gabháil buíochais lena fhoireann dlí, lena ateangaire agus lena lucht tacaíochta agus ag tabhairt le fios do Rialtas na Breataine nach dtostfaí é.

Is amhlaidh gur rialaigh an breitheamh Paul Goldspring i gCúirt Chorónach Woolwich go raibh an iomarca ama caite idir an am a thárla an eachtra atá luaite sa ghearán agus an am gur cúisíodh é.   Bhí sé curtha i leith Ó hAnnaidh gur thaispeáin sé brat de chuid Hizbollah, grúpa atá áirithe mar sceimhlitheoirí sa Bhreatain de réir reachtaíochta frith sceimhlitheoireachta, agus é ar an ardán i bhFóram O2 ar 21 Samhain.

Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap ar an ardán i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024. Níor cúisíodh Ó hAnnaidh go dtí 22 Bealtaine 2025 cé gur thug póilíní Londain le fios do go ndéanfaí é a chúiseamh ar 21 Bealtaine.

Níor mhair an éisteacht os comhair an Giúistís Paul Goldspring ach ceathrú uair a chloig agus dúirt sé ag a dheireadh: “Mr Ó hAnnaidh you are free to go.”

Ní raibh an proiseas seo ar fad riamh mar gheall ormsa, ní raibh sé riamh mar gheall ar aon bhagairt don bpobal, ní raibh sé riamh mar gheall ar “sceimhlitheoireacht”, focal a bhaineann bhúr Rialtas úsáid as chun baint de chlú na ndaoine a thugann a ndúshlán. Bhí sé i gcónaí mar gheall ar Gaza. Agus an méid a tharlaíonn nuair a labhraíonn tú amach.

Dúirt Ó hAnnaidh go raibh “eolas ag daoine ó Éirinn ar bheith faoi chois, ar choilíneachas, gorta agus cine-dhíothú”.

“Táimíd tar éis fulaingt – agus táimíd go fóill ag fulaingt – de bharr bhúr ‘n-impireacht’.”

KNEECAP / X (Formerly Twitter)

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh rialú na cúirte go raibh an chás in éadan Ó hAnnaidh ‘mí dhleathach, ar neamhní’.

“Bhí bród ar Chonradh na Gaeilge seasamh le Liam Óg agus @KneecapCeol le míonna anuas agus é ag ardú a ghlóir ar son na Palaistíne i gcuirteanna Shasana, uilig trí mheán na Gaeilge,” dúirt an eagras i ráiteas foilsithe ar X.

Conradh na Gaeilge ⭕️ / X (Formerly Twitter)

Is cinnte gur dhein an chúis a cuireadh i leith Ó hAnnaidh go leor dochar do Kneecap sa mhéid is go raibh ar an ngrúpa camchuairt ar Stáit Aontaithe Mheirceá a chur ar cheal agus, an tseachtain seo cháite, d’úsáid ball de Rialtas Cheanada an chúis mar leithscéal chun cosc a chur ar an ngrúpa dul go dtí an tír sin. Tá cás dlí á thabhairt ag Kneecap in éadan an pholaiteora ó Cheanada mar gheall ar chlúmhilleadh.

Agus é ar chuairt go Ceanada an tseachtain seo dhearbhaigh an Taoiseach, Mícheál Martin, nár thóg sé an chosc ar Kneecap taisteal go dtí an tír sin agus é ag labhairt leis an bpríomhaire in Ottawa, Mark Carney.

Bhí teachtaireacht neambhalbh ag comrádaí Mo Chara, is é sin Moglaí Bap, a d’fhoilsigh sé ar na meáin soisíalta.  “Anois is féidir le na meáin díriú ar an bhfíor scéal, an chine dhiothú atá fós ag titim amach sa Phalaistín,” dúirt sé ar a chúntas Instagram. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
13 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds