We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ag déanamh cigireachta ar gharda onóra na bhFórsaí Cosanta tar éis a insealbhú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu.

Beidh an Ghaeilge sa chéad áit san Áras, deir an tUachtarán Connolly san aitheasc insealbhaithe

Agus í á insealbhú dúirt an tUachtarán Catherine Connolly go bhfuair sí spreagadhó chosmhuintir na tíre a bhíonn ag troid gach lá chun seirbhísí a fháil.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

LIGFIMÍS DON GHAEILGE bláthú! B’é sin an rosc gnímh  i measc buaicphointí eile in óráid insealbhaithe an Uachtaráin Catherine Connolly agus geallúint á thabhairt aici go mbeadh an Ghaeilge sa chéad áit le linn a téarma in Áras an Uachtaráin.

San aitheasc a thug sí tar éis dí móid na hUachtaránachta a dhearbhú do Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, an Breitheamh Dónal O’Donnell, os comhair na haíonna a raibh i láthair in Áras Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, thagair sí don neamhaird a deineadh don nGaeilge agus an bhrú faoi chois a tharla thar na mblianta ach dúirt sí go mbeadh fáilte roimh phobal na Gaeilge agus lucht foghlamtha na teanga.

Agus dúirt sí gurb iad na daoine a chas sí leo agus í i mbun a turas timpeall na tíre agus a roinn a scéalta léi go flaithiúil a thug spreagadh di agus í i mbun feachtas a raibh gan mórán dóchais ag an tús.

Níor chuir sí fiacail ann agus í ag tagairt don tslí, dár léi, a cuireadh faoi chois an teanga agus a ligeadh di dul i léig. Dúirt sí go raibh tábhacht leis go mbeadh an teanga beo, ag tabhairt chun cuimhne an sean nath ‘Tír gan teanga, tír gan anam’.

Ar ndóigh, tá tábhacht leis an teanga chun anam agus spiorad na tíre a thabhairt chun cinn tuigthe agam le blianta anois. Anam agus spiorad a bhí curtha faoi chois le blianta.

“Bíodh sin den ghnó de bharr smacht na tíoránaigh nó de bharr neamhaird, neamhchuráim nó easpa tuisceanna.”

Agus í ag labhairt go díreach le pobal na Gaeilge, thagair sí dá streachailt laethúil ar son seirbhísí agus thug sí ómós don dream “a théann i ngleic le heaspaí seribhísí agus riachtanas gach lá beo, easpaí nár cheart a bheith fós ann i dtír atá chomh saibhir”. 

Gheall sí gurb í an Ghaeilge a bheadh sa chéad áit mar theanga oibre in Áras an Uachtaráin agus nach mbeadh sí “á labhairt os íseal sa chúinne”.

Ní sa chúinne ag labhairt go híseal a bheas an Ghaeilge san Áras, ach sa chead áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata, go ceolmhar faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre.

“Agus ar ndóigh, déanfar í a labhairt go húdarásach agus gan aon drogall nuair is gá.”

De réir na Bunreachta, ní mór do mhaithe na tíre bheith i láthair don ócáid sollúnta seo agus bhí sin soiléir ón tús ní hamháin go raibh An Taoiseach, an Tánaiste agus comhaltaí eile Rialtais, breithimh, Teachtaí Dála agus Seanadóirí, ceannairí Eaglasta agus eile. Bhí siad ann chomh maith le na ‘daoine maithe’ eile, an slua sí, a bhi ann go ceolmhar ar a laghad.

Sí Beag, Sí Mór/Little Fairy, Big Fairy, fonn a chum Toirdhealbhach Ó Cairealláin abea an ceol tionlacain agus Uachtarán tofa na hÉireann ag máirseáil lena fear céile is garda onóra isteach go hÁras Naomh Pádraig don ócáid insealbhaithe a chuirfeadh tús oifigiúil lena téarma uachtaránachta.

Agus ina dhiaidh sin sheinn an piobaire Eugene Lamb fonn mall, Leaba na Sídhe/The bed of the fairies, ar an bpíb uillinn sula thug sé ar ais sinn go fód dúchais an Uachtaráin leis an bhfonn ‘Galway Bay’.

Chan amhránaí is cláirseoir Chonamara, Síle Denvir, an ‘Ár nAthair’ leis an stíl ‘sean nóis’ a mhol Seán Ó Riada agus an fonn á chumadh aige agus, le linn sos ceoil eile, sheinn sí ‘Fainne Geal an Lae’ ar an gcláirseach, fonn a thaitin go mór leis an Uachtarán, ba léir ós na híomhánna a craoladh. 

Tar éis seirbhís ilchreidmheach, ag a raibh urnaithe ó cheannairí na n-eaglaisí Críostaí ar fad mar aon leis an bPríomh Rabbi, ionadaithe an phobail Ioslamaigh, Cumann na gCarad agus Cumann Daonnúil na hÉireann, thosnaigh an ghnó dhlithúil, an forógra Uachtaránachta a rinne an tUachtarán tofa sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla,leis an bPríomh Breitheamh Donal O’Donnell.

Bhí óráid gairid ón Taoiseach ag cur fáilte roimh an Uachtaráin agus í anois insealbhaithe agus ag tabhairt le fios go raibh sé ag súil le bheith ag obair léi. Thug sé ómós freisin don iar Uachtarán, Mícheál D. Ó hUigín.

Agus í ag cur tús lena haitheasc, dúirt an tUachtarán Connolly leis an slua anáil a thógáil agus a scíth a ligean. Thagair an t-aitheasc do na dúshláin a bheadh roimpi agus í ag cur tús lena téarma, athrú aeráide agus cogaíocht, agus gheall sí beadh caoifhulangacht agus inchuimsitheacht ag croí a téarma.

Thagair sí freisin d’Alt 3 sa Bhunreacht ina meabhraítear gurb é rún daingean muintir na hÉireann an tír a bheith aontaithe ach go mbeadh seo á dhéanamh le comhthoil. Dúirt sí go mbeadh sí ag cur tús le comhrá leanúnach ar an ábhar agus í ina hUachtarán.

D’fhág sí slán ag an ócáid agus rinne sí cigireacht ar gharda onóra na bhFórsaí Cosanta sula chas sí le páistí ó scoil áitiúil i gceantar Shaoirsí na cathrach.

Bhí slua dá teaghlach agus a cairde ó Ghaillimh i láthair ag an ócáid, ina measc John Bhaba Jack Ó Conghaile ó Inis Bhearracháin i gceantar na nOileán i gConamara.

“Ba chol seisear iad a hathair agus m’athair agus is cinnte gur lá iontach é seo,” dúirt sé.

Tar éis cúramaí a lá insealbhaithe bheith curtha di, tosnóidh a téarma i gceart amárach agus is ar dhaltaí is ar fhoireann teagaisc Ghaelscoil Inse Chór a thabharfaidh sí a céad chuairt sula tugann sí aghaidh ar choinní eile i gContae na Mí agus ina contae dúchais.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds