We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí ról lárnach ag Michael Lowry sna cainteanna a bhunaigh an Chomhrialtas reatha. RollingNews

Athchuairt á thabhairt anocht ag clár Ghaeilge RTÉ ar scannal na n-íocaíochtaí do pholaiteoirí

Dúirt Michael Lowry go raibh rudaí níos fearr le déanamh aige ná faire ar eagrán na h-oíche anocht de Scannal ar RTE a dhírionn ar Bhínse Fiosruithe Moriarty.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TABHARFAIDH CLÁR FAISNÉISE nua de chuid RTÉ athchuairt ar scéal Bhinse Fiosruithe Moriarty, a mhair ceithre bliana déag agus a raibh sna ceannlínte formhór an ama sin, sa chéad eagrán de scannán dhá chuid a chraolfar anocht ar an stáisiún.

B’é ‘An Binse Fiosruithe I Leith Íocaíochtaí Áirithe Chuig Polaiteoirí agus Gnóthaí Gaolmhara a tugadh air agus thosaigh sé sna 1990í déanacha chun féachaint ar ghnóthaí airgeadais Charlie Haughey agus Michael Lowry.

Costas isteach is amach le €46 milliún a raibh air agus, sa deireadh thiar, b’é an bhreith a thug sé ná go raibh “tionchar téaltaitheach agus láidir” ag an iar Aire de chuid Fine Gael, Michael Lowry, ar an gcinneadh an dara ceadúnas Éireannach d’fhóin so gluaiste a bhronnadh ar chomhlacht Denis O’Brien, Esat Digifone.

Tá Lowry go fóill ina Theachta Dála I dTiobraid Árainn agus diúltaíonn seisean do bhreith an Bhinse Fiosruithe. Diúltaíonn Denis O’Brien do bhreitheanna an bhinse freisin.

Dar le Cormac Ó hEadhra, a bheidh ag cur an dá eagrán seo de Scannal i láthair, anocht agus an Mháirt seo chugainn, gur dócha go bhfuil go leor daoine óga in Éirinn atá ar bheagán eolas faoin scéal, nó b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu faoi in aon chorr.

Tháinig an chonspóid chun tosaigh arís ag tús na bliana seo nuair a raibh ar an Taoiseach, Mícheál Ó Máirtín, cosaint a dhéanamh ar a chinneadh glacadh le tacaíocht Lowry chun an Rialtas a chur le chéile.

Bhí ról lárnach ag Lowry sna cainteanna maidir leis an gClár Rialtais cé nár ghlac sé le haon ról mar Aire nó mar Aire Shoisireach. Tá sé go fóill ag tacú go láidir leis an Rialtas.

Agus é tabhairt freagraí ar cheisteanna ó thuairisceoirí i mí Eanáir, sula toghadh ina Thaoiseach é, bhí an méid seo le rá ag Mícheál Ó Máirtín:

Seasaim leis an méid a dúirt mé an uair sin. Bhí an méid a tugadh chun solais le linn Binse Fiosruithe Moriarty uafásach agus mícheart agus cháin mé é ag an am – agus táim go fóill á cháineadh.

Dúirt sé áfach aige gur mó an dualgas a raibh air Rialtas a chuir le chéile agus go raibh muintir Thiobraid Árainn tar éis Lowry a thoghadh sna toghcháin ó shin.

Cúpla lá roimhe sin bhí Lowry ag áiteamh ar thuairisceoirí go raibh na meáin chumarsáide gafa le Binse Fiosruithe Mhoriarty le linn na h-idirbheartaíochtaí chun Comhrialtas a church le chéile agus go raibh siad ag iarraidh baint ón sainordú a bhfuair sé óna bhótairí sa toghcheantar.

Thug Ó hEadhra le fios go mbeadh an dá eagrán de Scannal ag déanamh scrúdú ar an mbrí a bheadh ag breitheanna an Bhinse Fiosruithe, ag an am a foilsíodh iad chomh maith leis an lá inniu.

Dar leis an gcraoltóir, d’fhéadfaí a rá ná raibh an óráid a thug Mícheál Martin ag iarraidh ar Lowry éirí as an Dáil ag teacht lena sheasamh ar an gceist faoi láthair.

An oiread is go bhfiosróidh na heagráin seo de Scannal na sonraithe a scrúdaíodh ag an mbinse Fiosruithe, déanfaidh sé cíoradh freisin an chonspóid agus a ról nuair a raibh an Comhrialtas nua á chur le chéile.

Bhí an méid seo le rá ag Ó hEadhra ar an gceist:

“Nuair a tháinig an tuarascáil amach bhí Micheál Martin, mar shampla, ar dhuine de na daoine a sheas suas sa Dáil agus na páirtithe ar fad, dúirt siad gur chóir do Mhichael Lowry éirí as. Ach tá muid blianta ina dhiaidh sin aríst, agus tá seisean, Michael Lowry, lárnach i mbunú an Rialtais atá againn anois.”

I dteannta le hÓ hEadhra, beidh grúpa iriseoirí, saineolaithe agus tráchtairí súil siar ar an méid a thit amach tar éis fhoilsiú thuairisc dheiridh an Bhreithimh Moriarty agus ar na hiarmhairtí atá fágtha aici ar an tír fiú sa lá atá inniu ann.

Iarradh ar Denis O’Brien bheith páirteach sa chlár ach níor ghlac sé páirt ann. Iarradh freisin ar Michael Lowry an mbeadh sé páirteach.

Dúirt Michael Lowry le The Journal gurb é an chéad trácht a chuala sé faoin gclár go bhfaca sé an clár á bhfógairt. Dúirt sé ná raibh sé i gceist aige faire mar go raibh rudaí níos fearr le déanamh aige.

Tá an cheist sin cíortha agus athchíortha ar an raidió, an teilifís agus sna nuachtáin an oiread san uaireanta, níl suim agam ann níos mó.

Tá Ó hEadhra den tuairim go mbeidh na heagráin seo de Scannal, a chraolfar ag an am is mó lucht féachana, ana tharraingteach ar fad do bhreathnóirí agus má fhéachann siad ar fiú 30 soicind, nach mbeidh fonn orthu éirí as.

Cra0lfar an chéad chlár ar an Mháirt seo chugainn ar RTÉ 1 ag 7in. Beidh an dara chuid á chraoladh seachtain níos déanaí ar 9 Nollaig ar 7in ar RTÉ 1.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds