We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Taobh le taobh - an phaipéar ar a bhfuair an dalta a thorthaÍ don Teastas Sóisireach agus mar a bhí siad leagtha amach sa fógra scrúduithe. Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Botún 'códala' a thug ísliú céime don Ghaeilge ar phaipéar thorthaí an Teastais Shóisearaigh

Nil deireadh le Gaeilge mar chroí ábhar sa Teastas Sóisireach cé go raibh roinnt daoine buartha an tseachtain seo nuair a tháinig na torthai amach.

(This article is by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.)

“BOTÚN CÓDÁLA” BA chúis le Gaeilge bheith luaite cóngarach do bhun an pháipéir ar a bhfuair daltaí a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh a dtorthaí an tseachtain seo, thug urlabhraí Coimisiún na Scrúduithe Stáit le fios do The Journal inniu.

Tugadh chun solais ar eagrán na Céadaoin de Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh iontas ar thuismitheoir dalta a rinne an Teastas Sóisearach ná raibh an Ghaeilge luaite ag barr an liosta, a háit traidisiúnta os cionn Béarla agus Mátamaitic, ach cóngarach don bhun, díreach ar bharr Oideachas Reiligiúnach agus Amharcealaíon.

Rinne The Journal an scéal a fhiosrú le Coimisiún na Scrúduithe Stát agus tháinig freagra ó urlabhraí an fhorais a dhéanann na scrúduithe sin a bhainistiú tráthnóna Dé hAoine.

De réir an urlabhraí, “botún códála” a tharla de bharr go raibh Gaeilge ar an liosta mar “Gaeilge T1″, seachas An Ghaeilge, de bharr gur rinne an dalta sin an scrúdú “Gaeilge T1″. Dalta ab ea an t-iarrthóir i nGaelcholáiste ina raibh Gaeilge T1 á múineadh.

Bíonn deis ag daltaí i meánscoileanna Gaeltachta agus san earnáil Ghaeloideachais Gaeilge T1 a dhéanamh, sonraíocht atá dírithe ar chainteoiri dhúchais agus a thugann deis do dhaltaí díriú ar ghnéithe den Ghaeilge, d’fhilíocht agus do chúrsaí canúna is eile. Tá sé níos dúshlánaí ná Gaeilge T2 atá ar fáil i scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí an Choimisiúin go gcuirfí an botún ina cheart agus nach dtarlódh a leithéid arís.

Tagann an scéal seo sna sála ar dhíomá bheith léirithe ag eagrais Ghaeilge de bharr ná raibh aon mhaoiniú sa bhreis luaite leis an oideachas Ghaeilge/Ghaeltachta sa Bhuiséad a fógraíodh níos túisce an tseachtain seo.

Tá freagra iarrtha ar an Roinn Oideachais agus Óige faoi seo.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds