Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is by our new Gaeltacht team. You can read an English version here. )
AS AN €95m a chaith comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i 2024, bhí caiteachas de beagnach €19m ar fhógraíocht Ghaeilge sna meáin, tugadh le fios i dtuarascáil atá eisithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga inniu.
San áireamh anseo bhí caiteachas de €13.5m ar fhógraíocht as Gaeilge sna meáin Bhéarla, ardú de €3.3m nó 34% ar an méid a caitheadh i 2023, agus €5.2m a caitheadh ar fhógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge. B’ionann sin agus ardú 37% ar chaiteachas de €3.8m i 2023.
San iomlán chaith 397 eagras a áirítear mar chomhlachtaí poiblí €94.4m ar fhógraíocht le linn 2024.
Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge chuile bhliain. De réir Mír 10(A) d’Acht na dTeangacha 0ifigiúla 2003 (a deineadh leasú ar 2021), tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá mbuiséad bliantúil ar fhograíocht a chaitheamh ar fhógraíocht as Gaeilge sna meáin agus 5% a dhéanamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge.
De réir Séamus Ó Concheannainn, An Coimisinéir Teanga, d’éirigh le na 397 eagras a airítear mar chomhlacht phoiblí faoin reachtaíocht na tairseach seo a bhaint amach ar an meán.
Thug Ó Coincheanainn “ábhar misnigh i dtreisiú chearta teanga Phobal na Gaeilge an méadú €5 mhilliún nach mór a tháinig ar chaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, i gcomparáid le 2023″.
“Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta.”
“Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht.”
Tugadh le fios sa ráiteas go raibh Oifig an Choimisinéara Teanga “ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge”.
De réir Ó Coincheanainn, d’éirigh le na 397 eagras a airítear mar chomhlacht phoiblí faoin reachtaíocht na tairseach seo a bhaint amach ar an meán.
Thug sé “ábhar misnigh i dtreisiú chearta teanga Phobal na Gaeilge an méadú €5 mhilliún nach mór a tháinig ar chaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, i gcomparáid le 2023’.
“Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta.”
“Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht.”
Tugadh le fios sa ráiteas go raibh Oifig an Choimisinéara Teanga “ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge”.
Dar le Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life, go raibh na forálacha maidir le fógraíocht poiblí tar éis “cúrsaí a athrú ó bhonn”.
“Is i dtreo dheireadh 2022 a thosnaíomar ag feiceáil na hathruithe móra sin toisc go raibh gníomhaireachtaí fógraíochta ag teacht i dteagmháil linn ag iarraidh fógraí a dhéanamh trí Ghaeilge linn, dreamannaí nár chuala muid riamh uathu roimhe seo,” dúirt sé agus é faoi agallamh ar Tús Áite ar RTÉ RnaG le déanaí.
Táimid ag druidim i dtreo an tríú bliain anois áit go bhfuil Raidió na Life ag plé leis an maoiniú seo agus anuraidh bhí tuairim agus €300,000 a tháinig isteach chugainn.
Ba i 2024 an chéad uair a shaothraigh an staisiún ioncam ó fhógraíocht ná an maoiniú bliantúil de €280,000 a fhaigheann siad ó Fhoras na Gaeilge.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say