We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Beidh comharthai dhá theangacha á gcur in áirde i bPort an Dhúnáin go luath. Conradh na Gaeilge

Bua eile sna cúirteanna ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoi chomharthaíocht dhá theangach

Agus crioch buach tagtha le conspóid comharthaíochta amháin, tá mic léinn ag vótáil i reifreann faoi chomharthaí dhá theangacha ag Ollscoil na Ríona inniu.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ LUCHT FEACHTAIS na Gaeilge ag ceiliúradh bua eile in Ard Chúirt Bhéal Feirste tar éis gur cuireadh deireadh le cás athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag cónaitheoir i bPort an Dhúnáin ag lorg comharthaíocht dhá theangach ar a sráid. 

Bhí Iris Hagan ó Chnoc Cois Coille láimh le Bóthar Gharbh Achaidh sa sráid bhaile i gContae Ard Mhacha i measc breis is dhá thrian (66%) de chónaitheoirí na sráide sin a raibh tar éis achainí a dhéanamh ar son chomhartha dhá theangach le Gaeilge agus Béarla ar a sráid. 

De réir nósanna imeachta Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craig Avon (ADC), is gá trian nó 33% de chónaitheoirí na sráide le go mbeadh cead comhartha dhá theangach a chuir in áit.  Mar sin féin, dhiultaigh an chomhairle don iarratas agus mar thoradh ar sin tionscnaíodh cás athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

De bharr gur chinn an chomhairle i mí Feabhra an chomharthaíocht dhá theangach a cheadú, tá deireadh curtha leis an gcás dlí.  Tuigtear go mbeidh na comharthaí nua á chur in airde go luath ag Cnoc Cois Coille. 

Dúirt  Hagan go raibh ‘áthas an domhain’ uirthi go raibh an ‘próiséas fada seo tagtha chun críche’.

“Beagnach ceithre bliana ar aghaidh ó rinne muid an t-iarratas don chomhartha dátheangach dár sráid beidh ár dteanga dhúchais le feiceáil in airde ar Chnoc Cois Coille,” dúirt sí .

“Mar sheanmháthair dhaltaí Gaeloideachais cuirfidh an comhartha seo in iúl go soiléir dóibh go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil fáilte roimh a dteanga dhúchais agus nach gcuirfidh aon mhéid mhoille nó aon mhéid diúltaithe a gcuid ceart as feidhm.”

Ghabh sí buíochas freisin leis an bhfoireann dlíodóirí, Phoenix Law,  agus a h-abhcóidí, as ucht a dtacaíocht.

Níl sa chás seo ach ceann i measc go leor cásanna eile atá tógtha go rathúil ag Conradh na Gaeilge ar cheisteanna a bhaineann le comharthaíocht dhá theangach agus an straitéis teanga nach bhfuil réitithe ag an bhFeidhmeannas go fóill.     Tá cás ard phroifíl á throid faoi láthair ag Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbeadh comharthaíocht dhá theangach sa Lár Staisiúin iompair i gcroí Bhéal Feirste.

Inniu, freisin, isea an lá deireannach vótála atá á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona ag éileamh go mbeadh comharthaíocht dhá theangach ar an gcampas.

Tá aondachtaithe ag cur in éadan an mholaidh, ag rá dóibh go gcothaíonn sé fuacht ina leith ach tá lucht tacaíochta an fheachtais ag rá go bhfuil go leor siombail agus ornáidíocht a bhaineann leis an dtraidisiún aondachtach ar an gcampas mar atá agus gur comharthaí a chuireann san an áireamh an Ghaeilge atá i gceist agus nach gcuirfeadh sin isteach ar an mBéarla ar na comharthaí. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds