Take part in our latest brand partnership survey

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Daidí na Nollag gnóthach na laethanta seo ag freagairt litreacha na bpáisti ó ar fud na cruinne. Alamy Stock Photo

Daidí na Nollag ag freagairt litreacha na bpáistí i nGaeilge

Tá méadú mór ar na seirbhísí as Gaeilge ag An Post, ag an Nollaig agus le linn na bliana, tá sé ráite ag Oifigeach Gaeilge an chomhlachta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) 

MÁ SCRÍOBHANN DO pháistí litir as Gaeilge go Daidí na Nollag, tá sé dearbhaithe ag Oifigeach Ghaeilge An Post go bhfaighidh an páiste litir sa teanga chéanna ar ais ón bhfear groí sa Mhol Thuaidh.

Agus é ag freagairt ceisteanna ó The Journal, dúirt Criostóir Mac Cafraidh gurb é an cheist faoi litreacha as Gaeilge a fháil ó Dhaidí na Nollag má scríobhann páiste chuige sa teanga sin ceann de na ceisteanna is mó a bhfaigheann an chomhlacht gach bliain. 

“Is í seo ceann de na ceisteanna is mó a fhaighimid gach bliain: an bhfaigheann páistí freagra i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag má scríobhann siad chuige?” dúirt sé.

“Faigheann! Agus ní hamháin sin, ach tá an traidisiún seo beo bríomhar leis na blianta.

“Nuair a thagann litir i nGaeilge isteach chuig an Mol Thuaidh, oibríonn  An Post go dlúth leis na síofraí agus le Daidí na Nollag go bhfaigheann an páiste freagra ar ais. Tá an tseirbhís seo feabhsaithe fós le blianta beaga anuas mar gheall ar an Acht nua agus an méadú leanúnach ó thaobh éilimh de.”

Ní i gcónaí a raibh sin fíor mar sara tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm do An Post, is freagra dhá theangach, a bhfurmhór i mBéarla, a bhfaigheadh páistí a scríobhfadh chuig Daidí na Nollag.   

I Nollaig 2005, scrígh eagarthóir an nuachtáin laethúil Ghaeilge Lá (ba mise an eagarthóir sin)  litir chuig páiste a scrígh chuig an nuachtán ag fiafraí an raibh Gaeilge ag Daidí na Nollag agus foilsíodh an litir ar an bpríomh leathnach, rud a chuir an spotsholas ar an bhfadhb áirithe seo ag an am. 

Screenshot 2025-12-10 at 15.47.03 Is é seo an litir a scrígh Francis Pharcellus Church, eagarthóir The Sun, ag míniú gurb ann do Dhaidí na Nollag.

Ba mhacalla an litir seo an litir a scrígh eagarthóir The Sun, nuachtán i Nua Eabharc in 1897, Frances Pharcellus Church, chuig cailín naoi mbliana d’aois, Virginia, ag tabhairt le fios di gurb ann do Dhaidí na Nollag/Santa Claus.

Anois is scéal iomlán éagsúil é agus deir Mac Cafraidh go bhfuil an litir i nGaeilge a thagann ó Dhaidí na Nollag i measc réimse leathan seirbhísí as Gaeilge a chuireann An Post ar fáil um Nollaig agus le linn na bliana. 

Dúirt Mac Cafraidh go raibh méadú mór ar an éileamh do sheirbhísí as Gaeilge tugtha faoi ndeara ag an chomhlacht mar gheall ar an spéis breise sa teanga. 

“Tá níos mó daoine ag lorg seirbhísí sa teanga, níos mó teaghlach ag roghnú cumarsáid dhátheangach, agus is fíor go bhfuil pobal i bhfad níos muiníní anois as “Nollaig Shona” a rá, nó abairtí Gaeilge eile a úsáid ina saol laethúil.

“Ar ndóigh, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ghníomh chun seirbhísí dátheangacha a fheabhsú, ach tá An Post tiomanta go láidir i dtreo na Gaeilge, ní hamháin go gcomhlíonfar forálacha an Achta, ach go mbeidh muid chun tosaigh ar chur chun cinn na Gaeilge agus go ndéanfaidh muid ar dtréan iarracht cnámh droma cultúrtha a bheith againn dár dteanga náisiúnta. 

“Mar sin féin, fiú mura mbeadh an tAcht ann, tá sé soiléir dúinn go bhfuil an pobal féin ag brú i dtreo seirbhísí Gaeilge. Is léir dom nuair a bhfuil beartas 7 éileamh, beidh Nollaig níos Gaelaí i mbealach níos feiceálaí ná riamh.”

Agus an sprioc am ag teannadh linn chun cartaí Nollag a chuir sa phost le go mbeadh siad ag ceann scríbe roimh Oíche Nollag, tá liosta beannachtaí Nollag foilsithe ag An Post ar shuíomh an chomhlachta. 

Seo roinnt samplaí de na beannachtaí ar shuíomh An Post:

  • Nollaig faoi shéan is faoi mhaise duit – A happy and healthy Christmas to you
  • Beannachtaí na Nollag ort – Christmas blessings to you
  • Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise duit – Merry Christmas and Happy New Year
  • Go mbeirimíd beo ag an am seo arís – May we live to see this time again.

I measc na seirbhísí eile as Gaeilge atá á sholathar ag An Post um Nollaig, tá stampaí dhá theangacha agus deir Mac Cafraidh go bhfuil méadú ar an éileamh ar na stampaí a bhfuil an oidhreacht agus Nollaig fite fuaite  le tabhairt faoi ndeara. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds