We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Sara raibh siad le chéile i Kneecap ba cháirde iad na baill. Seo iad ag ceiliúradh ag ócáid bhronnta Gradaim IFTA anuraidh, RollingNews

An soiscéal de réir DJ Próvaí - fás Kneecap ó na laethanta luatha in ailéar i mBéal Feirste

Dá dtiocfadh deireadh le Kneecap amárach, ní bheadh aon aiféaltas orm, a deir DJ Próvaí le The Journal.

(This article is produced by our Gaeltacht team. An English version of this piece will be published later).

BHÍ KNEECAP SA tSeapáin an tseachtain seo agus dhá cheolchoirm á dtabhairt acu in ionaid éagsúla i dToiceó ach, mar a mhínigh DJ Próvaí in agallamh éisíach le The Journal, is in ionad cultúrtha Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste a tháinig an ghrúpa rap cheoil is iomráití ar domhan le chéile den gcéad uair.

Táimíd sa seomra feistis ar chúl an ardáin san INEC, díreach roimh an dara oíche san ionad i gCill Áirne.  Níos túisce an lá sin bhí na sluaite amuigh i lár an bhaile agus beirt comhleacaithe DJ Próvaí, Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh) is Moglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin) ag glacadh páirte i rith ar son na Palaistíne, nós atá ag an ngrúpa nuair a théann siad go h-aon láthair le h-aghaidh ceolchoirm. 

Agus sinn timpeallaithe ag boscaí píotsa folamh, tosnaíonn an t-agallamh, cé gur mó de chomhrá idir sean cháirde atá ann seachas agallamh foirmeálta.   Tá aithne agam ar JJ Ó Dochartaigh ó na laethanta go raibh mé i mbo bhainisteoir imeachtai agus margaíochta ag Cultúrlann McAdam Ó Fíaich ar Bhóthar na bhFal, croí lár na h-athbheochana teanga sa chathair sin agus ar fud na tíre,  agus eisean ag déanamh corr cheolchoirm san ionad.   Scríbhneoir amhráin agus ceoltóir é JJ agus bhí an tóir air i gcónaí le h-aghaidh a chuid ceoil.

KNEECAP / YouTube

B’é an chéad rian a tharraing aird an phobail ná ‘C.E.A.R.T.A’ agus is é sin an rian a tháinig an triúr le chéile chun obair air san ailéar den Chultúrlann, Naoise agus Liam ag soláthar na liricí bunaithe ar eachtra inar gabhadh Liam mar gheall gur rug na póilíní air ag cur píosa grafitti in airde ar son cearta teanga an oíche roimh mórshiúl ar son na Gaeilge ón gCultúrlann go lár na cathrach i Samhradh 2017.   

Ní raibh DJ/JJ le feiscint san fhíseán sin mar go raibh sé ag obair mar mhúinteoir ag an am agus níor theastaigh uaidh go bhfaigheadh a fhostóirí amach faoina ról sa ghrúpa.  Ina dhiaidh sin thosaigh sé ag caitheamh an balaclava trí dháthach ionas nach n-aithneofaí é.  Anois agus an múinteoireacht fágtha ar chúl aige, tá an balaclava fós á chaitheamh aige agus is suaitheantas anois de chuid an ghrúpa é.

Agus tugann sin sinn go dtí mo pháirt i scéal Kneecap.  Bhí na céadta míle ag amharc ar an bhfíseán sin den amhrán ‘C.E.A.R.T.A’ ar You Tube agus na meáin soisíalta eile ach ní raibh sé á sheinnt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta roimh an tairseach craoltóireachta do dhaoine fásta. 

Thosaigh mise achainí ar líne le go mbeadh cead an amhrán is mó a tharraing aird ar an nGaeilge a bheith á sheinnt agus mheall sin breis is 700 síniúchán ach níos tábhachtaí arís, go leor poiblíochta go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta.  Seo mar a mhinigh DJ/JJ an scéal:

Mar a bhí muid ag rá ansin ar ball, tú féin a chuir tús leis an fheachtas sin tar éis gur chuir Raidió na Gaeltachta cosc ar ar an amhrán mar níor éist siad leis sula raibh sé le cur amach acu go dtí díreach sara raibh sé le cur amach agus ansan chuala siad na téamaí agus na heascainí a bhí istigh ann agus tharraing siad é ag an bhomaite deireanach.

“Buíochas le Dia go raibh do leithéidí agus leithéidí Rónán Mac Aodha Bhuí agus Dónall Mac Ruairí  (craoltóirí le RTÉ RnaG) agus daoine mar sin a bhí sásta é a scaipeadh agus ardán a thabhairt dúinn.”

Chuir an achainí breis luais leis an gclú a bhí á mhealladh ag an ngrúpa agus tháinig na h-amhráin go tiubh agus te ina ndiaidh sin – ‘Amach Anocht’, ‘Tá na Baggies ar an Talamh’ agus ’3CAG’ (trí chonsain agus guta a aithnítear mar leagan Ghaeilge de MDMA’).

Tháinig an chéad albam amach, Fine Art, amach i 2024 agus d’éirigh go maith leis.  B’é albam Uimhir 1 in Éirinn i 2024 de réir áireamh IMRO agus bhí sé ar an ngearrliosta le h-aghaidh gradaim Choice RTE don mbliain sin. 

Nuair a fhileann Kneecap ón tSeapáin beidh siad ag obair ar an dara albam le go mbeidh sé ullamh agus sraith de cheolchoirmeacha móra ar bun acu san Eoraip, sa Bhreatain agus an fhéile All Together Now ar an dTrá Mhór ag tús mí Lúnasa. 

Ach is fada ó na sluaite móra ag freastal ar a gceolchoirmeacha a thosaig Kneecap.  Bhi gig acu sna laethannta luatha agus ní raibh acu ach an dhá amhrán, C.E.A.R.T.A. agus Amach Anocht.  

“Ansin, ag an deireadh, bhí siad ag iarraidh níos mó agus ní raibh níos mó againn. Rinne muid C.E.A.R.T.A arís.”

Anois agus iad ag ullmhú an dara albam, tá i bhfad níos mó amhráin ag Kneecap, mar tá i bhfad níos mó ag tarlú ina saol agus, ar nós amhráin sean nóis, is iad na h-eachtraí i saol an ghrúpa a spreagann na h-amhráin nó is scéalta iad i bhfoirm liricí agus ceol.

Mar a mhíníonn JJ/DJ, is iad Naoise/Moglaí Bap agus Liam/Mo Chara a bhíonn ag scríobh na liricí agus eisean a bhíonn ag obair ar an gceol. 

Tá go leor ábhair acu dá gcuid amhráin.  Cuireadh cosc ar dheontas a fuair siad ó Rialtas na Breataine le h-aghaidh ceol a chumadh agus a onmharú.  B’fhiú £14,250 (€16,400) an deontas ach chuir Kneecap an dlí ar an mBreatain agus bhuaigh siad an chás, rud a chuir olc nach beag ar Kemi Badenoch, an aire sa Rialtas Choimeadach ag an am. 

Mar luach saothair, luadh Kemi in amhrán eile de chuid Kneecap, ‘The Recap’.   Nuair a bhuaigh Kneecap an chás roinn siad an deontas idir grúpa óige ar Bhóthar na Seanchille agus grúpa in iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna. 

Mura raibh aithne agat orainn, shílfeá gur áibhéil agus cumadh scéil atá ann ach nuair a thuigeann tú, sin iad na rudaí a tharla.

Cuireadh cúis faoi reachtaíocht frith sceimhle in éadan Liam Óg Ó hAnnaidh mar gheall gur phioc sé suas brat Hizbollah a caitheadh ar an stáitse le linn ceolchoirm i Londain i mí na Samhna 2024. 

Caitheadh amach an chúis nuair a tháinig sé ós comhair na cúirte i mí Mheán Fómhair mar go raibh an iomarca ama caite idir an eachtra agus an am a cuireadh an chúis go foirmeálta i gcoinnibh Ó hAnnaidh ach, anois, tá an chúis á thabhairt arís ag údaráis na Breataine.  Deir siad go bhfuil ‘cúis tábhachtach dlí’ le plé agus beidh Ó hAnnaidh ar ais sa chúirt, an uair seo san Ard Chúirt i Londain, an tseachtain seo chugainn. 

Díreach roimh do Liam Óg dul ós comhair na cúirte i mí Mheán Fómhair, d’fhógair aire sóisireach i Rialtas Cheanada, Vince Gasparro, go raibh cosc ar an ngrúpa dul go dtí an tír sin. Bhí sraith ceolchoirmeacha socruithe agus bhí ar an ngrúpa iad a chuir ar athló.  Tá siad ag cur an dlí ar Gasparro anois mar go bhfuil sé tagtha chun solais ná raibh aon údarás ag an bpolaiteoir cosc a fhógairt mar a dhein. 

Tá ceist na Palaistíne tábhachtach don ngrúpa.  Aithníonn siad go bhfuil cothromas stairiúil idir cás a bpobal ó thuaidh agus priacal na bPalaistíneach.  Tá giom bunaithe ag Ainle Ó Cairealláin, dearthar Naoise, i gcampa teifeach Aida lámh leis an mBeithil chun teacht i gcabhair ar Palaistínigh atá deacrachtaí sláinte acu mar gheall ar an slí atá Iosrael ag caitheamh leo. 

An gceapann siad go bhfuil na h-iarrachtaí seo chun iad a chuir ina dtost á ndéanamh mar gheall ar a seasamh ar an bPalaistín. 

“Tá cúpla cúis le sin, an dearcadh atá againn faoin bPalaistín agus an cinedhiothú atá ag tarlú ansin le fada an lá agus, ar feadh cúpla bliain, ní raibh tada sna meáin faoi agus tá sin ag athrú anois píosa beag.

“Tá sos cogaidh in ainm is a bheith ann ach tá an cogaíocht ag leanúint ar aghaidh agus tá sé tábhachtach go leanaimíd ar aghaidh.”

Tá JJ/DJ buartha go mbogfaidh spotsholas na meáin ó Ghaza go scéalta eile agus níl siad ag iarraidh go dtarlódh sin.  Mar sin bí ag súil nach staonfaidh siad ó labhairt amach ar an gceist seo agus ceisteanna eile.  

“Mar atá fhios againn, nuair a dheineann tú dearmad ar chogadh mór nó cine-dhíothú atá ag dul ar aghaidh mar sin, bogann siad ar aghaidh go dti áit éigean eile,” dúirt JJ/DJ. “Agus roimh i bhfad beidh sé ag ár ndoras fein.”

Anois tá an fócas ar an dara albam agus, mar a deir JJ/DJ, tá siad céim mhór chun tosaigh sa mhéid is go bhfuil siad ag obair le na leiritheoiri is oilte agus sna stiuideoanna is fearr ar domhan. 

Is fada an aistear atá déanta acu ón am go raibh siad ag brionglóidí faoi bheith ag ceol i bPáirc an Chrócaigh.  “Aontrom agus Doire (is ó Dhoire do JJ/DJ) i bPáirc an Chrócaigh – nach iontach an lá a bheadh ansan!”

TG4 / YouTube

Níl scannán eile ar na bacain faoi láthair – is amhlaidh go bhfuil an banna ró ghnóthach ar aon nós cé go bhfuair siad roinnt iarratais.  Beidh am sa bhaile de dhíth freisin idir seo agus an Samhradh. 

“Tá clann óg agam fosta agus tá sé tábhachtach am a chaitheamh sa bhaile mar tá sé iontach furasta bheith imithe agus go tobann tá bliain ar shiúl agus tá siad ag fás leo,” dúirt sé. 

Tá sé dóchasach go spreagfaidh an méid atá bainte amach ag Kneecap grúpaí agus ceoltóirí eile chun teacht chun tosaigh agus an Ghaeilge a chuir ós comhair lucht féachana nua ar fud na cruinne. 

“Dá gcríochnódh sé go léir ar maidin amárach, tá mé cinnte nach mbeidh aon aiféaltas orm.

“Beidh muid lánsásta ehm agus an chéad rud eile ná go dtiocfaidh bannaí óga inár ndiaidh ag iarraidh a mbealaí féin a ghearradh fríd.”

Nuair a tionóladh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste fuair Kneecap an deis bheith ina moltóirí ag comórtas do rapálaithe óga.  Tuigeann siad go bhfuil rud éigean tosnaithe acu agus go bhfuil daoine ag teacht ina ndiaidh. 

Agus sin luach saothar nach beag.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
23 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds