We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Aerfort Charraig Fhinn Alamy Stock Photo

'Is údar imní tromchúiseach é': fearg ann maidir le athrú sceidil 'd'eitiltí ailse'

Is seirbhís ríthábhachtach do phobal Gaeltachta Dhún na nGall í an tseirbhís eitilte PSO seo le blianta fada anuas agus seirbhís ar éirigh go maith léi go dtí seo

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SÉ RÁITE ag Údarás na Gaeltachta gur céim mhór ar chúl í do phobal na Gaeltachta má chuirfear na socruithe úra maidir le heitiltí ailse ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath i bhfeidhm. 

Faoi láthair, bíonn eitiltí ar siúl ar fhormhór na laethanta in aghaidh na seachtaine, le himeachtaí maidine agus tráthnóna ó Dhún na nGall, agus eitiltí fillte meán lae agus san oíche ó Bhaile Átha Cliath.

Tá an sceideal seo faoi oibleagáide seirbhíse poiblí (PSO) atá teacht chun deiridh ar an 25 Feabhra.

Dheimhnigh an Roinn Iompair inné go mbeidh sceideal nua ag tosnú ar an 29 Márta agus go leanfar ar aghaidh leis an eitilt luath ar maidin ó Dhún na nGall agus leis an eitilt fillte san oíche ó Bhaile Átha Cliath, ach go gcuirfear deireadh leis na heitiltí mean lae ó Bhaile Átha Cliath.

Beidh an chéad eitilt ar an sceideal nua ag imeacht ó Bhaile Átha Cliath go luath ar maidin.

I ráiteas a eisíodh ar maidin inniu, tá sé ráite ag Údarás gur “údar imní tromchúiseach é an mhalairt socruithe maidir le lonnú an eitleáin thar oíche agus gan na heitiltí isteach agus amach a bheith ar fáil i lár an lae feasta dochar ollmhór don nascacht le Gaeltacht Dhún na nGall.”

“Is seirbhís ríthábhachtach do phobal Gaeltachta Dhún na nGall í an tseirbhís eitilte PSO seo le blianta fada anuas agus seirbhís ar éirigh go maith léi go dtí seo. Is seirbhís chriticiúil í ó thaobh chúram sláinte, atá ina ghné lárnach d’fhorbairt pobail ar bith, nuair nach bhfuil an cúram sláinte sin ar fáil dár bpobal sa chontae.” 

Chomh maith leis sin, tá an Roinn Iompair faoi cháineadh mar gheall ar an gcinneadh seo ó phaisinéirí a bhíonn ag braith ar an tseirbhís seo. 

Labhair Caroline Sweeney, bean a bhfuil cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, le The Journal ag rá gur beannacht iad na heitiltí ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath le trí bliana anuas agus í ag fáil cóireála ailse. 

Diagnóisíodh ailse chéim a ceathair uirthi i nóid linfe ina muineál agus ina ceann ceithre bliana ó shin, ach d’éirigh léi obráid a fháil chun na hailse a bhaint.

Cé go bhfuil sí saor ó ailse le breis agus bliain go leith, tá sí ag fáil iarchúraim cóireála radaíochta i mBaile Átha Cliath agus úsáideann sí na heitlití seo go minic. 

“Bhí mé i gcás uair ina cealaíodh eitilt agus bhí orm filleadh ar an mbus ó Bhaile Átha Cliath. D’éirigh liom teacht chomh fada le Muineachán agus bhí ar mo mhac teacht agus mé a bhailiú toisc nach raibh mé ábalta an turas ar fad a dhéanamh ar an mbus,” a dúirt sí.

Níl aon chóireáil ailse ar fáil i nDún na nGall faoi láthair toisc gur bogadh seirbhísí ailse chíche go Gaillimh, agus deir Sweeney go mbeadh sí “caillte murach a leithéidí Cumann Ailse na hÉireann agus Eitiltí Ailse Dhún na nGall”.

“Níl aon chabhair rialtais ar fáil do d’eitiltí ná don taisteal atá ort a dhéanamh,” a dúirt sí.

“Bhíodh mé ag dul go Gaillimh chun cúraim a fháil, ach bhí sé níos costasaí i ndáiríre, mar bhí costas €180 ar an mbreosla ag dul anonn is anall. Agus b’é sin ón gClochán Liath, ní fiú ó Ghaoth Dobhair.”

Deir sí gurb é an rud is fearr faoi na heitiltí ó Dhún na nGall go BÁC ná go bhfuil sé i bhfad níos tapúla agus níos compordaí ná tiomáint nó an bus a thógáil.

“Ba mhaith leat dínite a bheith agat tar éis do chóireáil agus ní bhíonn tú ag iarraidh míchompord a chur ar na daoine thar timpeall ort,” a dúirt sí.

Ní amháin go mbíonn daoine ag baint úsáide as na heitiltí seo le haghaidh cúraim ailse. 

Bíonn Frances Meehan ag taisteal go minic go BÁC chun cúraim leighis a fháil dá mac, Declan. 

Bhí stróc troma ag Declan agus é cúig bliana d’aois. Deich mbliana ar aghaidh, tá éirí go maith leis agus fós bíonn air féin agus a mháthair dul go coinní ospidéil i mBÁC. 

“Bíonn muid thuas agus anuas go minic, uaireanta uair sa mhí. Tá na heitiltí seo iontach tábhachtach toisc go gcaithfidh Declan teiripe shaothair agus fisió a fháil,” a dúirt sí.

Is turas cúig uair an chloig é ó Ghaoth Dobhair go BÁC sa charr.

“Tá difear ollmhór idir dul ar na heitiltí seo agus dul sa charr, bíonn tú traochta má bhíonn tú ag taisteal leis an gcarr agus ní féidir leat dul thuas agus anuas in aon lá amháin. Chomh maith leis, bhí pian aige agus muid ag taistil sa charr,” a dúirt Meehan. 

Deir sí nach gcaithfidh tú fanacht thar oíche i mBÁC agus íoc as lóistín atá costasach nuair a eitlíonn tú agus is féidir le Declan freastal ar choinní ospidéil go luath ar maidin agus teacht ar ais ar an eitilt mhean lae leis an sceideal atá ann faoi láthair. 

Más rud é go gcaithfidh Declan fanacht don eitilt oíche as seo amach, bheadh siadsan ag fanacht thart in aerfort Bhaile Átha Cliath, rud nach bhfuil oiriúnach do Declan.

“Táimid ag brath ar na heitiltí seo ar feadh deich mbliana anois agus nílimid ach scéal amháin. Is féidir liom smaoineamh ar neart daoine agus páistí eile a bhfuil ag brath ar an tseirbhís seo,” a dúirt sí. 

Is í Máire Uí Chomhaill an bainisteoir in Ionad Naomh Phádraig, áit a bhíonn ag eagrú eitiltí d’othair a bhfuil cúram leighis ag teastáil uathu.

D’inis sí don Journal gur sampla é an t-athrú sceidil de “rud nach raibh briste a dheisiú” agus go n-úsáideann “30 go 35 duine an eitilt mheán lae gach lá”.

“Tá daoine ag taisteal le haghaidh diagnóis, cóireála nó coinní ospidéil. Bíonn othair nua gach seachtain ag lorg na seirbhíse seo,” a dúirt sí.

“Ní raibh fadhb ar bith leis an tseirbhís mar a bhí. Bhí an clár ama an-mhaith, agus cuirfidh sé níos mó brú ar dhaoine anois má stopfar an eitilt meanlae toisc go mbeidh ardú ar chostas na n-eitiltí níos mó éilimh ar na heitiltí maidine agus oíche,” a dúirt sí. 

“Nuair a thagann an eitilt oíche isteach gach lá, is cinnte an rud é go mbeidh sé réidh le himeacht ó Dhún na nGall an mhaidin dár gcionn. Ach anois leis an mhalairt sceidil, beidh ar dhaoine fanacht gach maidin go dtiocfaidh an t-eitleán ó Bhaile Átha Cliath,” a dúirt sí.

“Ba chóir go mbeadh PSO faoi na daoine a bhfuil ag brath orthu, ach is cosúil go mbaineann an cinneadh seo leis an aerlíne ná le haon rud eile.

“Tá an conradh nua atá le tosú i mí an Mhárta faoi athbhreithniú, agus is féidir é a athrú fós. Cén fáth nach ndéantar é sin anois seachas tar éis tamaill?”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds