We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Nollai, a very tall deer, has a Christmas adventure on this festive animation which will be broadcast on Christmas Day. TG4

Féasta cheoil, spóirt is fáisnéise do lucht féachana na Nollag ar TG4

Beidh scannáin fáisnéise faoi Christy Moore, Gene Kelly agus George Best le feiscint ar TG4 le linn na Nollag.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ TÚS SPLEODRACH curtha ag TG4 lena gceiliúradh ar an Nollaig agus físeán ina bhfuil páistí ó Ghaelscoil Pheig Sayers i gCorcaigh ag canadh amhrán a chum siad féin chun beannachtaí na féile a ghuí do chách á scaipeadh acu ar na meáin soisíalta.

Réamhblaiseadh é ‘Nollag Do Chách’ ar an bhféasta atá á ullmhú ag an gcraoltóir Ghaeilge dá lucht féachana agus go leor buaic phointí ar na bacáin.

TG4 / YouTube

Ina measc tá mór scannán faisnéise faoi Christy Moore agus an cheithre scór bliain bainte amach aige, an uair a d’imir George Best do Cork Celtic nó scannán anamúlachta faoi faoi fia óg, Nollai, agus a chuid eachtraí trath seo na bliana.

Buaic phointe eile ar sceideal Nollag TG4 craoladh ar cheolchoirm a reáchtáladh sa Cheoláras Náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Uachtarán Mícheál D Ó hUigín sular tháinig deireadh lena dhara théarma san Áras.  

Agus ar Lá Nollaig leanfaidh an staisiún lena thraidisiún scánnáin faisnéise faoi réaltaí ón aimsir cháite le ceangal Éireannach a chraoladh. Roimhe seo bhí scannáin acu faoi Richard Harris agus Peter O’Toole – i mbliana is é Gene Kelly, an rínceoir iomráiteach a raibh an bhródúil faoina nasc le hÉirinn agus a thuill cáil as a ról sa scannán ‘Singin’ in the Rain’, a bheidh sa spotsholas. 

Beidh deis ag an lucht féachana athchuairt a thabhairt ar imeachtaí is ócáidí móra i saol na Gaeilge is na Gaeltachta i gcaitheamh na mbliana nó beidh cláracha faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta i Rath Chairn, Corn Uí Riada, Steip agus comórtais na lúibíní is na n-agallamh beirte ag an Oireachtas chomh maith le ceolchoirm bhuaiteoirí Gradaim Ceoil TG4 ag Expo 2025 a tionóladh in Osaka na Seapáine.

Chuaigh TG4 chomh fada le Lorient na Briotáine freisin chun scannánú a dhéanamh ar an ngrúpa ildánách ‘Bláth na hÓige’ ann maraon le grúpa iomráiteach eile, Cuas.  Beidh na scannáin sin le feiscint ar Lá Cinn Bliana agus an lá dár gcionn. 

54922070682_8ef416c99d_o Craolfar Cartlann Christy Moore ar Oíche Chinn Bliana ar TG4 TG4 TG4

Ceann de na cláracha is mó a bheidh ag an lucht féachana ag súil leis ná Cartlann Christy Moore a bheidh á chraoladh ar 31 Nollaig agus sa scannán seo beidh an amhránaí is an ceoltóir a thug amhráin ar nós Lisdoonvarna agus Joxer Goes To Stuttgart dúinn ag comhrá le Liam Ó Connor chun súil siar a chaitheamh ar a shaothair ceoil.

Ar Lá Nollaig a chraolfar George Best i gCorcaigh, scannán a ínsíonn an scéal faoin uair a d’imir iar imreoir Manchester United agus Tuaisceart Éireann le Cork Celtic leath chéad bliain ó shin.  Ní raibh 30 bliain slánaithe aige nuair a d’imir sé trí chluiche le Cork Celtic ar IR£1000 an bhabhta ach d’aithin go leor a bhí sa slua go raibh an chuid is fearr dá shaol imeartha ar a chúl – ach tháinig siad chuig an chluiche ina sluaite agus fuair an cumann a chuid airgid ar ais agus tuilleadh le cois. 

Beidh scannáin as Gaeilge ar nós An Cailín Ciúin, Roise agus Frank agus Fidil Ghorm á dtaispeáint maraon le scannáin clasaiceacha ar nós O Brother, Where Are Thou, Die Hard, Guess Who’s Coming To Dinner agus African Queen go léir le feiscint ar an gcainéal. Do na páistí tá Kung Fu Panda,  Shrek, Ice Age – Continental Drift agus Dr Seuss’ The Lorax ar an gclár. 

54923010196_85b315531d_o Becky Ní Éalaithe, a bhuaigh an príomh dhuais don damhsa ar an sean nós, ag an Oireachtas i mBéal Feirste an mhí seo cáite. TG4 TG4

Scannán ar leith le téama féilteach a bheidh na súile in airde ag go leor ar a shon ná Nollaí(Lá Nollag), fia a théann ar aistear chun a fháil amach cé h-é féin agus a dheineann dearúd ar an teaghlach a thóg é. 

Beidh deis ag lucht leanúna an spórt suí siar agus sult a bhaint as chluichí móra na bliana arís freisin.  Beidh cláracha le buaicphointí ó chluichí ceannais na hÉireann sa pheil, san iomáint agus an cluiche leath cheannais i bpeil na mban idir Átha Cliath agus Gaillimh. 

Beidh go leor cluichi rugbaí beo le feiscint freisin agus na coimhlintí idir chúige go mór chun tosaigh le beochraoladh ar Laighean in aghaidh Chonnacht chomh maith le cluichí eile ón gCraobh Rugbaí Aontaithe.  

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds