We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá cáil ar Inis Meáin as ucht na puiteachaí - sméara dubha - blasta a fhásann ar an oileán. Sean O Mainnin

Puiteachaí blasta á gceiliúradh le féile ar leith ar oileán Gaeltachta

Beidh Féile na bPuiteachaí ag ceiliúradh sméara dubha ar Inis Meáin ag an deireadh seachtaine le comórtas bacála agus ceardlanna folláine.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here 

BEIDH PUITEACHAÍ, FATAÍ agus filíocht á gceiliúradh ag féile ar leith atá á reáchtáil an deireadh seachtaine beag seo ar Inis Meáin agus muintir an oileáin ag ceiliúradh a dteanga agus a ndúlra in éineacht.

Cé go dtugann muintir Inis Meáin puiteachaí orthu, sméara dubha a thugtar orthu in áiteanna eile ar fud na tíre. Is é an ócáid an deireadh seachtaine seo an t-aon áit a dhéantar an toradh blasta a fhaightear ar gach aon tor sa tír an t-aon fhéile in Éirinn a dhéanann na puiteachaí – na sméara dubha – a cheiliúradh mar is ceart.

An láithreoir teilifíse an colúnaí nuachtáin Aedín Ní Thiarnaigh a bhunaigh an fhéile agus is é seo an cheathrú uair a bheidh sé ar siúl. Dar le Ní Thiarnaigh, tá na croí luachanna céanna ag an fhéile ó bunaíodh é.

Is ceiliúradh í Féile na bPuiteachaí ar shaibhreas an dúlra agus an dúchais anseo in Inis Meáin. Bíonn na puiteachaí ag croílár na n-imeachtaí ar fad dar ndóigh, ach bíonn muid ag iarraidh aird a tharraingt ar shaibhreas teanga Inis Meáin agus ar scileanna an phobail chomh maith.

“Is ócáid phobail í go príomha, ach is aoibhinn linn go dtagann daoine ó ar fuaid na hÉireann chuig an bhféile freisin agus fonn orthu cuid den spraoi – agus dar ndóigh, na puiteachaí – a bhlaiseadh!”

Tá clár imeachtaí éagsúla beartaithe ag lucht eagraithe na féile agus beidh filíocht ag croí lár na n-imeachtaí ar an Aoine – Oíche Chultúir mar a tharlaíonn sé.

Ar an oíche sin beidh agallamh beirte cumtha don ócáid á chur agus filíocht á chur i láthair ag filí áitiúla.

feile-na-bpuiteachai-inis-meain-2024 Is é seo an císte a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas bacála anuraidh.....nom, nom! Sean O Mainnin Sean O Mainnin

Ceann de bhuaic phointí an deireadh seachtaine go mbeidh comórtas bácála na bpuiteachaí ann agus cuireadh ag daoine cístí agus toirtíní is eile a chuir faoi bhráid an mholtóra, Diarmuid Ó Mathúna ón gcaifé iomráiteach i gConamara, Pota. Is airsean a thitfidh an cúram na duaiseanna a roinnt ar na hiontrálacha is blasta.

Toisc go bhfuil iomrá freisin ar na prátaí – nó na fataí – a thagann ó Árainn, tá comórtas freisin don fhata is mó.

“Déanann muid iarracht rud éicint nua a thabhairt isteach chuile bhliain, anuas ar na hócáidí bliantúla”, arsa Gráinne Ní Chonghaile, comhstiúrthóir na féile. “beidh margadh ceardaíochta againn den chéad uair i mbliana mar shampla, agus beidh meascán earraí lámhdhéanta ar díol ann idir ealaín, cniotáil, mil áitiúil agus eile”.

I measc imeachtaí eile na féile beidh ‘Park Run na bPuiteachaí’, siúlóid dúlra, ceardlann ealaíne, agus ceardlann manglam puiteachaí ar fad ar siúl Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair.

Tá eolas faoi sceideal na féile ar fáil ag @FeilenabPuiteachai ar Instagram agus tá urraíocht á fháil ag imeachtaí an deireadh seachtaine ó Phleanáil Teanga Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Siopa Ruaidhrí Beag Inis Meáin.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds