We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Joint Committee on Further and Higher Education, Research, Innovation and Science

Amhras ann go mbainfidh an rialtas a gcuid spriocanna earcaíochta Gaeilge amach faoi 2030

Ní bhainfidh an rialtas a gcuid spriocanna mura méadaíonn líon na gcúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ó níos lú ná 1% go 5%.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

DÚRADH AG AN gcruinniú coiste na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta inniu gur bheag an tseans é go mbainfidh an rialtas a gcuid spriocanna Gaeilge earcaíochta sa seirbhís phoiblí amach faoi 2030 mura gcuirfear níos mó cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar fáil sna ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal in Éirinn. 

Faoi láthair, tá gealltanas tugtha ag an rialtas go mbeidh 20% d’earcaithe úra sa seirbhís phoiblí in ann comhrá a bheith acu leis an bpobal agus seirbhís a thabhairt trí Ghaeilge faoi 2030.

Ach bhí sé luaite inniu nach mbeidh sé seo indéanta mura méadaíonn líon na gcúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ó níos lú ná 1% go 5%. 

Cabhróidh sé seo go mór le cumas agus muinín na ndaoine a bhfuil suim acu obair sa seirbhís poiblí an Ghaeilge a úsáid agus cinnteoidh sé freisin go mbeidh an mhéid daoine atá ag teastáil chun sprioc an rialtais a bhaint amach ar fáil sa todhchaí. 

Bhí na rannpháirtithe ag labhairt trí Ghaeilge agus iad ag tabhairt a gcuid teistiméireachta. 

Ag labhairt dó leis an gcoiste, dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ó Ollscoil na Gaillimhe, go bhfuil muid “ag pointe chinniúnach i dtacaíocht don Ghaeilge sa tsochaí s’againne” agus go bhfuil “gá le straitéis nua” sna institiúidí tríú leibhéal. 

“Tá roinnt tionscnamh ar fud na hearnála atá inmholta ina nuálaíocht agus ina n-acmhainneach. Tá go leor baill foirne a bhfuil an cumas agus an spéis acu múineadh trí Gaeilge,” a dúrit sé.

“Mar sin féin, le maoiniú ollscoile bunaithe anois ar líon na mac léinn den chuid is mó, tá dúshlán institiúideach ag baint le modúil le líon beag mac léinn.

“Dá bhrí sin, ní mór maoiniú níos sainiúla a thabhairt do mhodúil trí Ghaeilge agus tacaíocht a thabhairt dóibh mar chuid d’ualach oibre na hollscoile agus a foirne.

“Éilíonn sé seo tacaíocht freisin do théacsleabhair, do theicneolaíocht agus d’acmhainní teagaisc eile trí Gaeilge.”

An Bhreatain Bheag

Dúirt Padraic Mac Brádaigh, oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, nach bhfuil eolas ar fáil faoin mhéid daoine atá ag obair sna hinstitiúidí poiblí a bhfuil Gaeilge acu ag an tríú leibhéal. 

Mar sin, bheadh taighde ag teastáil chun an mhéid daoine a bheadh ag teastáil chun sprioc an rialtais a bhaint amach a mheas.

Rinne sé comparáid idir an Bhreatain Bheag agus Éire agus luaigh sé a thaithí féin faoin tréimhse a chaith sé ar Erasmus sa Bhreatain Bheag.

“Mar chuid den straitéis Ghaeilge don tríú leibhéal, beidh socrúchán Gaeltachta le cúrsaí nach cúrsaí Gaeilge iad go príomha an nuálach ar fad,” a dúirt sé.

“Ba chóir go mbeadh fáil ag gach mac léinn in institiúid tríú leibhéal in Éirinn ar mhodúil Ghaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach. Bíodh sé sin mar chuid den chúrsa nó taobh amuigh ansin.”

“Caithfear a chinntiú go bhfuil an rogha céanna ar fáil do bhaill foirne institiúidí chomh maith. Moltar go mbeadh modúl feasachta teanga riachtanach le déanamh amhail cúrsa cosaint sonraí nó suirbhé ar timpeallacht nó pé rud é.

“D’fhéadfadh an modúl nó tástáil sin cumas teanga an duine a mheas chomh maith le cearta teanga agus dualgais sí ar an gcomhlachtaí poiblí a mhíniú dóibh.”

Luaigh Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, sampla na Breataine bige agus an cur chuige atá sa Bhreatain bheag chomh maith.

“Cuimsítear sa reachtaíocht don oideachas ateangairí agus oideachais 2025 chur chuige stáit áirithe maidir le foghlaim na Breatnaise lasmuigh den chóras scolaíochta,” a dúirt sé.

“Tá institiúid náisiúnta ann d’fhoghlaim na Breatnaise atá freagrach as tacú le daoine de ghach aois chun na Breatnaise a fhoghlaim agus atá freagrach as forbairt na nuálaíochta.

“Is é an institiúid náisiúnta um fhoghlaim na Breatnaise an tiománaí lárnach d’fhoghlaim na Breatnaise do dhaoine fásta agus don daonra i gcoitinne,” a dúirt sé.

Tá straitéis 10 mbliana le plean gnímh ceithre bliana agus bunú institiúid a dhéanfaidh sainchúraim do mhaoiniú na Gaeilge ar fud an stáit á mholadh ag Foras na Gaeilge.

“Tá rud mar seo ag teastáil go géar orainn in Éirinn,” a dúirt sé.

Gá le Gaeilge sna printíseachta

Ní amháin go mbeadh níos mó cúrsaí Gaeilge ag teastáil sna ollscoileanna agus institiúidí poiblí, tá sé seo tábhachtach go mbeidh printíseachta agus obair fisiciúla clúdaithe in aon straitéis nua Gaeilge.

Sin a bhí le rá ag John Prendergast, bainisteoir abhcóideachta le Conradh na Gaeilge. 

“Cuir i gcás meicneoirí, pluiméirí, siúinéirí agus eile. Ní mór béim faoi leith a chur ar bhreis sna cúrsaí a bheadh ábhartha agus ag teastáil don roinn nua seirbhísí poiblí in Éirinn, mar shampla cúrsaí ateangaireachta, aistriúcháin agus pleanála teanga,” a dúirt sé.

Nuair a iarradh ar na rannpháirtithe cén fáth nár ardaíodh na himní seo leis an Roinn Forbartha, Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta go fóill, luaigh Ó Coinn nach raibh an deis ag Foras na Gaeilge nó na heagraíochtaí eile bualadh leis an aire Gaeltachta go dtí seo.

Dúradh gur súil leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta go mbeidh cruinniú ag na heagraíochtaí ar fad leis an Roinn Gaeltachta go luath.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds