We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Scoil Náisiunta Leitir Mealláin suite i gCeantar na n-Oileán 50 km siar ó chathair na Gaillimhe. Bríd Ní Liatháin

Ceist chothromais é soláthar na mbéilí i scoileanna beaga iargúlta - príomhoide Gaeltachta

D’fhágadh scoileanna i gceantair iargúlta ar an dtrá folamh nuair a fograíodh coinníollacha nua do Scéim na mBéilí Te díreach roimh thús na scoilbliana. Seo scéal priomhoide amháin.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here

TÁ SCOIL NÁISIÚNTA Leitir Mealláin i measc na scoileanna is faide siar sa tír, 50 cileaméadar ó chathair na Gaillimhe, agus ní mór taisteal thar dhroichid atá caol agus casta chun é a shroichint nó tá sé suite ar oileán bheag i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara.

Chuir príomhoide na scoile Bríd Ní Liatháin tús leis an scoil bhliain an tseachtain seo caite le dúshlán breise, ceann nach raibh sí ag súil leis, chaill an scoil an clár béilí te scoile go tobann agus gan míniú cén fath.

Seachtain níos déanaí agus tar éis aird bheith tugtha don scéal sna meáin, níl aon tuiscint ag Ní Liatháin ar cén uair a réiteofar na fadhbanna.

Cúig dálta is fiche atá ag freastal ar an scoil, scoil atá áirithe ina scoil DEIS agus atá ina chuid den Clár Criochnaithe Scolaíochta. Bhí gach rud réidh don scoilbhliain nua.

Ach an lá sarar oscail siad fuair an príomhoide scéal go raibh na béilí te le gearradh. Ní ó roinn Rialtais a tháinig an scéal ach ó sholáthróir na mbeilí te dá scoil mar nár fágadh aon rogha aige toisc go raibh coinníollacha nua i bhfeidhm.

“Ghlaoigh sé orm agus bhí sé trína chéile – creidim nár bhain sé féin aon bhrabús ónár scoileanna beaga an bhliain seo caite ach choinnigh sé linn mar gur thuig sé luach na seirbhíse dár ndáltaí – anois tá sé dodhéanta de bharr na gcritéir nua.”

Ceann de na critéir nua atá ag cur stop leis an tseirbhís ná nach féidir le h-aon mhúinteoir nó ball d’fhoireann na scoile bheith páirteach i seachadadh na mbéilí te, is ar an soláthróir a thiteann an t-ualach go h-iomlán. 

De bharr gur scoil beag atá i gceist le Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, bhíodh na béilí á dtéamh i sorn i scoil níos mó ná raibh chomh fada sin uathu. Thugtaí ‘piggy-backing’ ar an bpróiseas ach níl sé seo ceadaithe a thuilleadh.

Ní Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin amháin a raibh an soláthróir seo ag glaoch orthu. Bhí sé ag glaoch ar bhreis is 100 scoil eile chun an drochscéal a roinnt leo go mbeadh siad ag cailliúint a seirbhís béilí freisin. Mar a mhínigh an príomhoide:

“Sin soláthróir amháin – cé mhéid scoil eile ar fud na tíre atá ag cailliúint na mbeilí te, cé mhéid páiste eile a bheidh fágtha as an áireamh”

Roimh shaoire an tSamhraidh, bhí na scoileanna tar éis próiseas tairisceana a thosnú do chonradh na mbéilí te de réir na gcritéir ag an am sin agus ní go dtí an lá roimh thús na scoilbhliana nua a tháinig ciorclán ó Aonad Chuimsiú Shoisíalta na Roinne Coimirce Sóisíalaí ag cuir coinniollacha nua agus éagsúla in iúl.

“Ní raibh aon am againn le h-ullmhú, ní raibh aon dara rogha, ní raibh aon tacaíocht, ní raibh aon réiteach,” dúirt sí.

I measc na riachtanasaí nua atá le cur in áit sna scoileanna, ní féidir le scoileanna níos mó ath-théamh a dhéanamh ar bhéilí do scoileanna beaga, ní mór do gach scoil fearas cistine thionsclaíoch a chur in áit agus na béilí a ath-théamh ar an láthair. Anuas ar sin ní mór do gach scoil ball foirne a fhostú chun an trealamh seo a úsáid – ach níl maoiniú ná treoir ann chuige seo agus caithfear an bia go léir nach n-itear a choinneáil ar an suíomh go mbailíonn an solathróir é. 

WhatsApp Image 2025-09-05 at 12.01.12 PM Bríd Ní Liatháin, Príomh Oide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin

“Ní féidir seo a dhéanamh – níl an spás againn dos na h-oighneacha ná an t-airgead chun duine a fhostú chun iad a oibriú agus tá sé ar mire bheith ag súil go dtiocfaidh an soláthróir ar ais go dtí ceantair tuaithe chun bia atá fágtha a bhailiú.”

Tá daoine thíos le seo cheana féin. Gearradh na h-uaireanta oibre ar an nduine a bhí ag seachadadh na béilí go tobann agus gan fógra. 

“Chaill sí ioncam thar oíche – lá amháin bhí sí ag tacú lenár scoileanna agus ag déanamh obair le brí agus tairbhe – bhí a post inár scoil agus dhá scoil eile imithe an chéad lá eile.”
Buaileadh scoil do dhaltaí le riachtanais spéisíalta atá congarach do Leitir Mealláin freisin.  Scoil le scór dálta atá i gceist agus cé gur deineadh uasghrádú ar an scoil le tamall anuas, tá teipthe orthu caighdeáin nua na Roinne a shroichint – cé nach bhfuil a fhios ag éinne cad iad na caighdeáin seo.

“Ní raibh aon phlean, ní raibh aon amlíne, ní raibh aon nod fiú go mbeadh maoiniú breise ann d’uasghrádaithe eile  – tost an t-aon rud a raibh ann. 

“Idir an dá linn tá páistí fágtha gan teacht acu ar sheirbhís atá siad i dteideal.

“Ní h-é an scéal anseo go bhfágfar páistí ocrach – tá sé seo mar gheall na páistí seo bheith san áireamh, tá teidlíochtaí acu agus ba cheart go gcaithfí le gach páiste go cothrom, cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu.”

Is cuid de scéim DEIS agus an Clár Criochnaithe Scolaíochta Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin. Scéimeanna iad seo a thacaíonn le pobail atá faoi mí-bhuntáiste agus chabhraigh na béilí seo cothromas a thabhairt dos na pobail sin. 

“Nuair a shuíonn gach páiste síos agus an béile céanna te rompu, níl aon chomparáid, níl aon stiogma, níl aon pháiste ag fiafraí cén fath go bhfuil cuma éagsúil ar a bhéile – is é sin an chuma atá ar chuimsiú agus bhí sé sin againn – ach anois tá sé caillte againn.”

Fiú is an ciorclán faighte acu, níl an Roinn Coimirce Sóisíalaí ná an tAonad Cuimsiú Soisíalta tar éis teacht i dteagmháil leis an scoil go díreach chun réiteach nó tacaíocht a thairiscint. 

“Tada, ní raibh glaoch guthán, ní raibh éinne ag fiafraí cad a bhí ag titim amach, ní raibh fiú admháil agus is fúinne atá sé seo a mhíniú d’ár dteaghlaigh, dár gcomhleacaithe agus, is tabhachtaí ná sin arís, ár bpáistí.”

Dúirt sí gur tháinig riomhphost Déardaoin ón Roinn ag rá nach mbeadh gá ach le tairisicint ó sholáthróir amháin le h-aghaidh béilí te feasta – ach mar a mhínigh an phríomhoide, ní cabhair é seo mar níl aon soláthróir ábalta na coinníollacha atá á lorg ag an Roinn a bhaint amach.

Tá Ní Liatháin go fóill ag labhairt amach agus ag caint le grúpaí tuismitheoirí agus na meáin áitiúla agus í ag iarraidh áird a tharraingt ar an rud atá ag titim amach. 

“Ní fadhb d’ár scoil amháin é seo – má raibh ar sholáthróir amháin 100 scoil a ghearradh, cé mhéid páiste eile ar fuaid na tíre atá thíos le seo, cé mhéid páiste eile atá ag cailliúint amach?”

I bhfreagra ar cheisteanna a sheol The Journal chuig an Roinn Coimirce Soisíalaí, bhí an méid seo le rá ag urlabhraí:

“Níl aon athruithe ar na riachtanasaí maidir le béilí te do scoileann atá i gconradh faoi láthair,” dúirt an t-urlabhraí.  “Tá na mionleasauithe atá curtha in áit le déanaí  ar an gcóras soláthar, ar a sheasann an chlár, á ndeartú tre caighdeáin seasmhacha agus i gcomhréir le chéile a bheith i réim i ngach scoil atá páirteach.

“Léiríonn siad freisin an ionchur leanúnach ó roinnt ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit le cinntiú go bhfuil scoileanna agus solathróirí ag feidhmiú go sábháilte agus ag cloí le na caighdeáin i réimsí ar nós sláinte bídh, sláinte agus sábháilteacht, sábháilteacht tine agus rialacha togála.”

Dúradh sa ráiteas freisin go raibh “réitigh eatramhacha” seolta ag scoileanna a raibh an soláthróir tar éis an seirbhís a aistharraingt orthu ar 4 Meán Fómhair agus go raibh roghanna don scoil sna teachtaireachtaí san le cinntiú go mbeadh rochtain acu ar chlár na mbeilí scoile.

Tá taithí ag an bpríomhoide i SN Leitir Mealláin ar an gcraiceann is a luach a bhaint as achmhainní atá gann ar fuaid na tíre – agus is an scéal céanna atá aici is atá ag go leor príomhoidí i scoileanna tuaithe agus oileáin.  

“Níl aire speisíalta uainn, níl uainn ach Cothrom na Féinne – d’oibrigh an chóras an anuraidh agus d’fhéadfadh sé oibriú go fóill, dá n-éistfeadh na daoine atá i gceannas.”

Ceist símplí atá aici agus tá macalla na ceiste seo ag príomhoidí i scoileanna ar fuaid na tíre.

“Conas go bhfuil seo ceart nó cóir?”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
8 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds