We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Lá speisíalta isea Lá an Dreoilín, Lá Fhéile Stíofáin, sa Daingean nuair a théann grúpaí ildáite ceoltóirí ó tábhairne go tábhairne ag seinnt ceoil is bailiú airgid. Aoife Granville

Is é Lá an Dreoilín buaic phointe na Nollag do mhuintir an Daingin

Téann buíonta ceoltóirí ó thábhairne go tábhairne ag seinnt agus ag céiliúradh ‘Rí na nÉan’.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

IS MÓ NA sceitimíní a bhíonn ar mhuintir an Daingin in iarthar Chiarraí agus iad ag súil le Lá an Dreoilín, seachas Lá Nollag. Sin a d’admhaigh Aoife Granville, saineolaí bhéaloidis agus ball de Dhreoilín Shráid Eoin, agus í ag labhairt le The Journal agus féile na bliana seo ag teannadh linn.

Ar Lá an Dreoilín – Lá Fhéile Stíofáin más fearr leat nó fiú Lá na mBoscaí – déantar ceiliúradh ar rí na n-éan le ceol agus damhsa.

Ar an Daingean ar aon nós, agus i roinnt áiteanna eile ar fud na tíre, téann buíonta ceoltóirí agus iad gléasta suas agus aghaidheanna fidil á gcaitheamh acu ó theach tábhairne go tábhairne ag seinm ceoil agus ag bailiú airgid do thórramh nó bál an dreoilín.

Dar le Granville, atá ag léachtóireacht sa Bhéaloideas i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, is dóichí gur thosnaigh traidisiún an Dreoilín sa Daingean timpeall tar éis lár an 19ú haois, tráth go raibh na cogaí talún ag borradh sa tír.

“Tá doiciméadú déanta air siar go dtí na hocht ndéag seascaidí agus mar sin do, tá sé athraithe gan dabht ó shin,” dúirt sí.

Dar léi. is cuid de thraidisiún lár an Gheimhridh a cheiliúradh, ceiliúradh a deineadh ní amháin sa Daingean ach ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Tá an ceiliúradh sin ar bun ón ré roimh Chríostaíocht in Éirinn.

“Nuair a bhíodh an séasúr is dorcha, bhí sé tábhachtach ceiliúradh a bheith ann.” dúirt sí.

Tá na buíonta éagsúla sa Daingean ón am sin, Sráid Eoin – agus tá Granville ag seinm leis an mbuíon seo á bhí sí an óg, Sráid na nGabhar, An Ché agus The Green and Gold.

Ar Lá an Dreoilín, nuair a bhíonn go leor eile sa leaba agus iad ag teacht chuthu féin tar éis féasta na Nollag, bionn na buíonta seo á n-ullmhú féin chun dul ar an dreoilín, ag smideadh agus ag gléasadh, ag cinntiú nach n-aithneofaí iad.

Ar dtús téann an dream óg amach ar an Dreoilín, tosnaíonn a gcamchuairt timpeall a 11 ar maidin. Bhí Aoife agus athair amuigh ag roinnt scoileanna le déanaí agus iad ag múineadh dos na páistí conas na clogaid tuí a dhéanamh.

Sna blianta fadó bhíodh buíonta den dreoilín ag dul ó thigh go tigh, go háirithe i gceantair Ghaeltachta ar nós Múscraí agus Corca Dhuibhne, agus chríochnóidís suas sna tithe tábhairne. Bheadh cúpla dreas ceol agus rince, b’fhéidir píosa de sheit, i ngach tigh agus bheadh an cur i láthair sa tábhairne níos faide chun am a thabhairt dos na báilitheoirí airgid dul timpeall agus roinnt Euro a mhealladh ón dream a bhí istigh.

Lá mór do thábhairní abea – agus is ea go fóill – Lá an Dreoilín mar is é an chéad lá tar éis Lá Nollag, lá go mbíonn na tábhairní dúnta mar a bhídís ar Aoine an Chéasta freisin, agus bhíodh agus bíonn sluaite móra ag tarraingt orthu.

Dar le Granville, tá an bailiúchán a déantar ina chuid thábhachtach den traidisiún. Mar. a deir an véarsa as Béarla, ‘The wren, the wren, the king of anall birds, St Stephen’s Day was caught in the furze, although he was little, his honour was great, jump up me lads and give us a treat.” Agus tá an teachtaireacht níos soiléire arís sa churfá: “Up with the kettle and down with the pan, Give us a penny to bury the wran.”

Cé go leanann an bailiúchán go fóill, níl ach sciar den airgead ag dul i dtreo an tórramh nó an ‘ball night’ anois. “Anuraidh chuaigh €10,000 ón méid a bailíodh go dtí an seirbhís bhus a thugann daoine le hailse go dtí an ospidéal i gCorcaigh,” dúirt Granville. “Cuirtear sciar i leataobh le h-aghaidh cúpla deoch agus greim bídh don dream a chuaigh amach ar an dreoilín agus bionn an oíche sin ann uair éigean san Áth Bhliain.”

Deir sí go gcabhraíonn sé go dtuigeann daoine go bhfuil an t-airgead ag dul ar leas áitiúil agus, i gcás an bus ailse go Corcaigh, bheadh aithne ag gach éinne ar duine éigean a bhain úsáid as an mbus céanna.

Tá an traidisiún beo go fóill sa Daingean agus beo ar éigean in áiteanna eile ar nós iarthar is oirthear Luimni, Gaillimh, Liatroim, Ard Mhacha agus i Loch Garman freisin.  Tá sé gafa thar sáile freisin go Talamh an Éisc agus Philadelphi i gCeanada agus Meirceá faoi sheach.

“Pé ait go mbíonn an ceol tábhachtach,” arsa Granville. “Chabhraigh sé sa Daingean go raibh traidisiún na mbannaí máirseála againn.”

Thar na mblianta chuir toscaí éagsúla isteach ar an dtraidisiún – na dlithe faoi thiomáint agus ól is ea sampla amháin. Ach tá beocht nua sa traidisiún anois agus is ar éigean go mbeidh leaba le fáil sa Daingean anois timpeall na Nollag agus daoine ag tarraingt ar an mbaile do Lá an Dreoilín.

Beidh sé le feiscint freisin ar na meáin sóisialta agus daoine ag déanamh scannánú ar an eispéireas – ach, ag an am céanna, ag cailliúint amach ar beagáinín mar go bhfuil siad ag scannánú seachas a bheith ag baint taitneamh iomlán as an eispéireas.

“Gan amhras beidh píosa ag Seán Mac an tSíthigh ar Nuacht TG4 agus anois is féidir linn féachaint ar sin ar líne,” dúirt sí.

An manna atá ag buíon dreoilín Sráid Eoin ná ‘We never died a winter yet’. Agus is léir go bhfuil dílseacht don traidisiún tábhachtach i gcónaí sa Daingean, rud a bheidh soiléir má théann go hiarthar Dhuibhneach ar Lá an Dreoilín!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds