We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Manchán Magan, an scríbhneoir agus an déantóir clár teilifíse, imithe ar shlí na fírinne. TG4

Ní imithe uainn atá Manchán siúlach scéalach - ach romhainn

Fágann an scríbhneoir agus an déantóir clár faisnéise oidhreacht a mhairfidh na cianta, dar le léiritheoir a d’oibrigh leis.

(This article is by our new Gaeltacht team.  You can read an English version here)

BEIDH BUNDÚCHASAIGH SAN Astráil, i Meiriceá, i gCeanada agus ar fud na cruinne faoi bhrón inniu mar gheall ar bhás Manchán Magan. Go deimhin, cloisfear macallaí faoina bhás ar fud na cruinne.

Sin mar a labhair an léiritheoir teilifíse Brian Reddin ó Dearg Films, a d’oibrigh le Manchán ar an tsraith ceannródaíoch No Béarla agus a raibh réidh le tosnú ag obair ar an dara sraith an tseachtain seo chugainn go dtí go bhfuair sé glaoch ó Manchán coicís ó shin ag tabhairt le fios gurb fhéidir go dteipfeadh an tsláinte ar an gcraoltóir.

Le linn an ama san, blianta luatha an chraoltóra,  bhí daoine den tuairim gur eilifint bán ab ea Teilifís na Gaeilge (TnaG nó TG4 mar atá air anois)  - nó Teilifís De Lorean mar a bhaist tráchtaire áirithe air agus bhí tráchtaire eile a dúirt gurb fhearr an t-airgead a bhí le hinfheistiú i mbunú TnaG a chaitheamh ar phríosún.  Bhí Manchán i measc na réalta a chuidigh le TnaG briseadh amach as an gcarchar sin. 

Dar le Reddin, b’iad Manchán agus Hector na réaltaí a bhris an múnla do TnaG/TG4 agus bhí sé deacair dhá phearsa níos éagsúla a shamhlú.

“Fear fiáin, fear cuideachta, fear mire is ea Hector agus bhí an grá ag na leads óga do – ach bhí Manchán iomlán éagsúil – bhí seisean indírithe, intléachtúil agus machnamhach ach thug seisean a rud féin go dtí an obair.”

Dar le Reddin, bhí ceangal ar leith ag Manchán le bundúchasaigh ar fud na cruinne mar gheall ar na cláir a rinne sé leo.

Bhí sé ag obair le bundúchasaigh Cheanada le fíor dhéanaí – mothófar tonnáin a bháis ar fud na cruinne agus creidim go bhfuil sin go hiontach.

Dúirt Reddin freisin gurb é Manchán a chuir Patrick Duffy in aithne do – agus tá sraith dhíreach críochnaithe ag an léiritheoir leis an réalta a chuireamar aithne air i The Man from Atlantis agus Dallas – agus cuimhníonn sé freisin ar na bronntanais a thabharfadh sé chuige óna ghabháltas i lár na tíre.

“Fear ar leith ab ea Manchán, bhí sé neamhspleách, d’fhas sé a ghlasraí féin, bhí muca, cearca agus beacha aige – is minic is mé ag obair sa bhaile gur chuala mé clog an dorais agus théinn amach, ní bheadh éinne ann ach bheadh mála lán le hispíní ar an gcéim agus nóta ann ó Manchán ag beannú dom leis na hispíní a tháinig óna mhuca féin.”

Chuireamar, lucht féachana TG4, aithne ar Manchán, lena chéad sraith, Manchán san Ind, siar sa Gheimhreadh i 1996. Fear óg le Gaeilge le blas cathrach ar a chamchuairt san Ind, tír the Samhrata, tír nach nascfá leis an nGaeilge.

Agus tú ag faire ar an gclár seo, agus Manchán mar threoraí agat, d’fhéadfá tú féin a shamhlú ar bhruach an An Ghainséis nó ag gabháil trí lár na cathrach i nDelhi, Kolkata nó Mumbai. Gheofá an eispéireas iomlán óna bhéal – ní sparálfaí aon rud ort, idir na cineálacha éagsúla bia nó an boladh a ghabhann le na milliúin daoine bheith in áit amháin.

OtherVoicesLive / YouTube

Bhí tallann ar leith aige a bhain lena fhiosracht. Bhí sé béasach agus d’éist sé leo san ar labhair sé leo. Ar ball beag, thabharfadh sé a léargas féin ach thuig sé gurb é ról an treoraí ab ea a chúram. Sa tslí sin, d’éirigh an lucht féachana ceanúil air. B’é an ‘súil eile’ é gan amhras agus is tríd a tháinig go leor go dtí TnaG/TG4.

Bhí sé siúlach scéalach agus chuaigh sé timpeall an domhain ag taiscéalaíocht ar son TG4 agus bhí na turais sin taitneamhach agus eolach.

Ach ní go dtí gur tháinig sé ar ais go hÉirinn chun an tsraith ‘No Béarla’ a dhéanamh, sraith inar chuaigh sé timpeall na tíre ag labhairt go h-éisíach i nGaeilge, a raibh deis agam labhairt leis. Ag an am sin, siar i 2006, bhíos i m’eagarthóir ar Lá, nuachtán laethúil Gaeilge, agus bhí an spéis againn sa dúshlán a bhí Manchán ag tabhairt faoi agus chuireamar agallamh air ag an am.

Sa tsraith sin rinne sé sceanairt ar an fhimíneacht a bhaineann le Gaeilge ar fud na tíre: tá meas againn ar an teanga cinnte ach má dhéanann tú iarracht cumarsáid a dhéanamh sa phríomh theanga de réir na Bunreachta, is cinnte go bhfaigheann tú léargas ar an bhfíor meas atá ar an teanga.

Mhínigh Reddin go raibh ceangal ar leith idir Manchán agus Kneecap mar gheall ar No Béarla. “D’fhas Naoise agus Liam suas ag faire ar No Béarla agus bhí Manchán ag aithris fhilíochta ar albam Kneecap,” dúirt sé.

“Bhí sé i gceist go mbeadh tús á chur leis an dara sraith No Béarla an tseachtain seo chugainn, bhí coimisiún faighte ó TG4 agus bheadh sé ag dul amach an bhliain seo chugainn agus an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer. Bhí sé chun an clár seo a dhéanamh le Naoise (Moglaí Bap).”

Dar le Reddin, fágann Manchán oidhreacht ina dhiaidh a mhairfidh na cianta, idir a chláir theilifíse, a leabhair, a léirithe amharclainne. “Bhí rud éigean suimiúil le rá aige i gcónaí.”

Is féidir é a shamhlú anois, ar bhruach na sioraíochta, agus é ag cur tús le turas nach mbeidh, ar an drochuair, aon chlár faisnéise ann faoi ar TG4 ar ball, Manchán sa tSíoraíocht, chun treoir eolach Manchán a thabhairt dúinn faoin tír anaithnid sin.

Comhbhrón lena bhean, Aisling, a mháthair Cróine, a mhuintir go léir agus a chomhghleacaithe i measc na léiritheoirí neamhspleácha, agus a chomhoibrithe i TG4 agus RTÉ. Suaimhneas síoraí go raibh ag Manchán agus go n-éirí an bóthar leis.

Mar a deir an seanfhocal, ní imithe uainn atá sé, ach romhainn.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
8 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds