We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Chaith Morgan McSweeney na blianta ag obair i bPáirtí an Lucht Oibre sara ceapadh ina cheann foirne é ag Uimhir 10, Sráid Downing. Alamy Stock Photo

Morgan McSweeney, an fear a chuaigh ó Mhaigh Cromtha go hUimhir 10 Sráid Downing

B’é ár comhfhreagraí Gaeltachta an t-aon iriseoir Éireannach ar éirigh leis agallamh a chuir ar Morgan McSweeney, fear ó Maigh Chromtha ar imeall na Gaeltachta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SEANFHOCAL BHÉARLA faoi Mhaigh Chromtha, an baile ar imeall Ghaeltacht Mhúscraí inar rugadh agus tógadh iar cheann fóirne Keir Starmer, Morgan McSweeney, a deir faoin mbaile i gcroi lár Chorcaí: ‘Macroom, the town that never raised a fool’.

Cé gur tháinig deireadh tubaisteach ar an Domhnach le seal McSweeney ag Uimhir 10 Sráid Downing mar gheall ar an mbrú faoin dtacaíocht a thug sé do cheapachán Peter Mandelson ina ambasadóir do Mheirceá, ba léir nárbh aon amadán é an Chorcaíoch seo nó is beag amadán a shroicheann barr an chnoic i bpolataíocht na Breataine mar a rinne sé. 

Ceithre bliain ó shin agus é ceaptha ina stiurthóir toghcháin ag Keir Starmer, ceannaire an fhreasúra ag an am i bPairlimint Westminster, labhair McSweeney leis an iriseoir seo faoina ról.   Leag sé béim gur fear é a theastaigh uaidh fanúint as an spot sholas ach de bhrí gur nuachtán áitiúil a bhí i gceist, The Corkman, a bhíonn ar díol ina bhaile dhúchais.   

Dúirt sé go n-inseodh sé scéal a shaoil dom ach ná beadh sé féin ag labhairt ‘ar an taifead’ mar bhí sé ag obair don bpáirtí agus, dar leis, is ag na h-ionadaithe tofa is na h-iarrthóirí a raibh an ról labhairt ar son an pháirtí agus bhí sé sásta labhairt liom mar go bhfuilim ón gceantar céanna.  Go dtí seo creidim nár éirigh le h-aon iriseoir eile ó Éirinn é a chuir faoi agallamh.

Bhain McSweeney le clann a raibh – agus atá – lárnach i bpolataíocht Mhaigh Chromtha.  Agus é ag fás suas ann, bhíodh a thuismitheoirí ag canbhasáil ar son Donal Creed agus a mhac, Michael Creed.  Bhíodar beirt ina dTeachtaí Dála d’Fhine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh agus chaith Michael seal ina Aire Talamhaíochta is bhí a athair, Donal, ina Aire Stáit. 

Ní raibh an oiread sin suime ag McSweeney sa pholataíocht agus é óg – bhí sé saite sa pheil agus é ag imirt le fóirne faoi aois CLG Mhaigh Chromtha. Le linn na 1980í, b’é an sonóg d’fhoireann idirmheanach an chumainn nuair a bhuaigh siad craobh Chorcaí.  Bhíodh sé ina bhall freisin do Chumann Dornálaíochta Réileán. 

Ó shuíomhanna tógála Londain go kibbutz

Nuair a chuaigh sé go Sasana le linn na 1990í, ni h-é go raibh brú ar dul, bhí fonn na h-eachtraíochta á thiomáint.  Chaith sé seal ag obair ar na suíomhanna tógála agus chuaigh sé go hIosrael freisin chun obair i kibbutz. 

Ar na suíomhanna tógála i Londain, fuair sé tuiscint ar na dúshláin a raibh ag na h-oibrithe eile níos sine ná é, pá íseal, easpa seasmhachta ó thaobh na h-oibre de.   Ar an kibbutz fuair sé spreagadh ón sásamh a bhfuair sé bheith ag obair gualainn ar ghualainn le daoine eile i dtreo na sprice a raibh acu go léir.

An cor chinniúnach a chuir ar bhóthar na polataíochta é a bheadh Downing Street ag a dheireadh gur thug sé faoi chéim sa pholataíocht in Ollscoil Middlesex agus é ina mhac léinn aibí.  Ghlac sé ballraíocht i bPáirtí an Lucht Oibre mar gheall ar ról an pháirtí sin i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Peter Mandelson

Bhí an t-adh leis agus é ag lorg taithí oibre.  Fuair sé deis dul ag obair i gceannaras Phairtí an Lucht Oibre i Londain agus bhí Margaret McDonagh, bean de shliocht Éireannach a raibh ina Ard Rúnaí ar an bpáirtí.  Nár sheas duine éigean a bhí ag obair ar an mbínse fáiltithe ar thairn agus cuireadh McSweeney ag obair ansan ina áit.  Is léir gur chuaigh sé i bhfeidhm ar na pearsaí éagsúla a tháinig isteach go dtí an ceannaras, Peter Mandelson ina measc. 

Bhí rólanna éagsúla aige sa pháirtí ina dhiaidh sin – bhí sé ag obair ar an dtalamh i dtuaisceart na Breataine Bige agus é ag tacú le h-iarrthóir ón Lucht Oibre i dtoghchán don Senedd ansan.  Chabhraigh sé freisin le h-iarrthóiri an pháirtí i dtoghcháin éagsúla ach b’é a ról mhaistriúil i mbua an Lucht Oibre i Lambeth i 2006 a chinntigh go mbeadh áird ag ceannairí an phairtí air.   I ndiaidh sin d’éirigh leis an Lucht Oibre a stiuradh go bua caithréimeach i Barking agus Dagenham nuair a thug siad bata agus bóthar d’iarrthóirí an BNP. 

Bhain sé taithneamh as an obair toghcháin ach ansan cuireadh ag obair é ar thogra chun an frith Sheimíteachas a ruaigeadh ón bpáirtí.   Ról é seo a chothaigh deighilt idir é féin agus eite clé an pháirtí sa mhéid is go raibh leithéidí Jeremy Corbyn ag stocaireacht go laidir ar son na Palaistíne.  Nuair a toghadh eisean ina cheannaire ar an Lucht Oibre i 2015, bhí an Lucht Oibre in ísle brí agus d’éirigh leis dul chun cínn suntasach a dhéanamh in olltoghchán 2017 – cé gur bhuaigh na Coimeádaigh agus d’fhill siad ar chumhacht agus bhí Theresa May ar ais i Sráid Downing. 

Teacht i gcumhacht Keir Starmer

Tugtar an-chreidiúint do Morgan McSweeney san fheachtas chun Corbyn a chuir chun bealaigh agus Starmer a chuir ina áit. Bhí cogadh cathardha fíochmhar ar bun sa pháirti – idir ‘Na Corbynistas’ a cheangal an pháirtí le go leor cúiseanna radacach seachtracha agus eite McSweeney is Starmer a chreid gur cheart go mbeadh an páirti ar ais i gcumhacht chun athruithe a dhéanamh a bheadh ar leas an phobail i gcoitinne.  Ar shli b’é seo an troid céanna a raibh ag Tony Blair agus an Lucht Oibre Nua leis an sean dream ins na 1990í. 

Is cinnte go raibh an t-adh le McSweeney sa mhéid is gur chlis na Coimeadaigh go tubaisteach i 2024, rud a thug an Lucht Oibre ar ais go Sráid Downing le móramh ollmhór.  Bhí an t-adh leis freisin go raibh ar Starmer an bata agus bóthar a thabhairt do Sue Gray, a raibh ina cheann fóirne i Sráid Downing nuair a toghadh Starmer, agus ansan ceapadh eisean. 

Ach le linn a sheal sa pháirti bhí go leor cairde cothaithe aige ach bhi fuiollach naimhde cruthaithe aige.  Dúirt Margaret Thatcher uair nárbh fhiú morán do chuid iarrachtai mura raibh naimhde agat dá mbarr.   

Sa deireadh thiar, áfach, nuair a tháinig an crú ar an tairne faoin ról a bhi aige i gceapachán Mandelson, ní raibh aon dul as aige ach éirí as.  Ní h-é go bhfuil sé ag imeacht ón bpolataíocht ar fad, áfach, nó is MP a bheanchéile, Imogen Walker, duine de dhornán feisirí a toghadh don Lucht Oibre in Albain. 

Agus is cinnte go mbeadh spéis ag pairtithe na hÉireann ina chomhairle.  Tá col-ceathrar leis, Clair Mungovan, ina comhairleoir in Oifig an Tánaiste.   An rud atá cinnte, áfach, nach aon amadán é McSweeney agus nach fada go mbeidh sé diomhaoin. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds