We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Deirdre Ní Choistín tar éis bheith ag obair i réimse leathan postanna ó thosnaigh sí ag deireadh na 1990í. Anois is í an Ard-Stiurthóir. TG4

TG4 ag díriú ar thodhchaí geal tar éis 30 bliain ag fás, de réir an Ard Stiurthóir

Tá súil – agus súil eile – ag TG4 go mbuafaidh scannán as Gaeilge Oscar go fóill – ach tá pleananna eile ag an Ard-Stiurthóir freisin.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

GAN Í FIÚ bliain i bpost an Ard-Stiúrthóra ag TG4, tá go leor spriocanna ag Deirdre Ní Choistín. Agus tá go leor á bhaint amach aici freisin.

Thosnaigh bean Chill Dara ag obair leis an staisiún go gairid tar éis di céimniú ó Choláiste na Tríonóide sna 90í agus atá ag obair i bpostanna éagsúla i mBaile na hAbhann ó shin.  Chaith sí tréimhse go dtí Aibreán anuraidh ina ceannaire nuachta ag TG4, tráth gur fógraíodh a ceapachán i bpost an Ardstiúrthóir.

I measc na n-aislingí atá ag Ní Choistín, ba mhaith léi go mbuafadh scannán Ghaeilge ‘Oscar’, ba mhaith léi go mbeadh clár siamsaíochta Ghaeilge ag mealladh lucht féachana chuig an staisiún mar a mheallann leithéidí Traitors agus Love Island go cainéalacu eile agus ba mhaith léi go mbeadh seirbhís nuachta ar líne ag an staisiún faoin am a dhéantar ceiliúradh ar 30ú lá breithe TG4 ar Oíche Shamhna.

B’shin a bhí le rá aici in agallamh a rinne sí le The Journal le déanaí. 

The Journal / YouTube

Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, a deir an seanfhocal. Le seachtainí beaga anuas tá sé fógartha go bhfuil lucht féachana TG4 ag fás leis. Fuair an staisiún sciar de 2.3% den lucht féachana in Éirinn anuraidh, an chúigiú bhliain as a chéile inar tharla ardú agus céim chun tosaigh, más céim beag féin é, ó 2.2% i 2024.. D’fhéach breis is 77.2% de lucht féachana na hÉireann ar an gcainéal tráth éigean le linn 2025.

Thairis sin tá an staisiún ag ceiliúradh deich n-ainmniúchán do Ghradam IFTA i mbliana. Fuair an scannán Aontas sé ainmniúchán, ceann don scannán is fearr san áireamh. Sa chatargóir seo tá an scannán in iomaíocht le leithéidí ‘Saipan’ agus ‘Blue Moon’. Ceithre ainmniúchán atá faighte ag Báite.

river-1 Fuair An Cailín Ciúin, scannán a fuair tacaíocht ó TG4 tríd an scéim Cine 4, ainmniúchán d'Oscar i 2023. The Journal The Journal

Níl cúpla bliain caite ó bhí scannán eile a fuair tacaíocht ó TG4, An Cailín Ciúin, ar an ngearrliosta le h-aghaidh gradam mór na scannánaíochta, Oscar. Bhí an scannán a stiúrach Colm Bairéad agus a léirigh Cléóna Ní Chrualaoi, atá pósta ar Cholm, ar ghearrliosta don scannán i dteanga eachtrach (nach í an Bhéarla) agus is amhlaidh gur bhuaigh scannán le buiséad ollmhór an gradam an bhliain sin.

Ba sin All Quiet On The Western Front, scannán a shaothraigh ainmniúchán don Oscar ar son an scannán is fearr ar fad an bhliain sin.

Thiar i 2017 uair a bhunaigh Alan Esslemont, réamh chomharba Ní Choistín ag TG4, an scéim Cine 4, scéim atá dírithe ar thacú le léiriú scannáin as Gaeilge agus a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, b’é an aisling a raibh aige go mbuafadh scannán ón scéim Oscar.  Tá an aisling sin ag Ní Choistín, freisin.

Is éacht go raibh An Cailín Ciúin san iomaíocht leis a léiríodh ar bhuiséad an- an-bheag i gcomparáid leis na scannáin eile sa chatagóir seo is dócha an sprioc atá againne ná scannán ar ardchaighdeán agus go bhfuil siad siamsúil agus tarraingteach don lucht féachana.

“Ba bhreá linn Oscar a bhaint amach agus táimid ag iarraidh go dtarlóidh sin,” dúirt sí, ag míniú go raibh naoi scannán léirithe go dtí seo faoin scéim agus go mbeadh an deichiú ceann réidh i 2027.

Cé go mbíonn daoine dírithe ar ghradaim Oscair, ag an am seo den bhliain ach go hairithe, tá go leor eile ar an gclár oibre ag Ardstiúrthóir TG4.

B’ise an feidhmeannach Molscéal do phobail Ghaeltachta agus Gaelacha ar fud na tíre agus tháinig Bloc, seirbhís d’fhíseáin ar líne don aos óg, faoi bhlath agus í mbun seirbhísí digiteacha TG4. Cuid iad san d’iarracht TG4 lucht féachana níos leithne, go háirithe dream níos óige nach bhfuil ag faire ar an teilifís faoi mar a rinne a dtuismitheoirí.

Tá sí ina ceannaire ar an stáisiún tráth go bhfuil cultúr na teilifíse i lár réabhlóide. Bhíodh daoine ag faire sa mhodh líneach, ag fánacht seachtain idir eagráin nua sa tsraith.

Anois táimid beo i ré na seirbhísí sruthaithe, is féidir leat amharc ar chlár ar bith ó thús na sraithe go deireadh in aon suí amháin más mian leat. Ní gá fánacht seachtaine le h-aghaidh an chéad eagrán eile mar a bhí ort déanamh fadó. B’é sin an ré líneach i stair na teilifíse. Bhí sé simplí – ach anois tá sé níos casta, tá daoine ag amharc ar ábhar físe ar na seirbhísí sruthaithe agus ar na meáin sóisialta.

B’shin an uair go raibh ort aeróg éagsúil a fháil do TG4 seachas an aeróg a bhí de dhíth le h-aghaidh RTÉ. Bhí deacrachtaí sa bhreis rochtain a fháil ar an gcainéal ó thuaidh.

Tá muid i ré an rogha agus tá rogha ag an lucht féachana céard air céard gur mhaith leo breathnú air tá an lucht féachana is dócha i gceannas nó in uachtar.

“Nuair a thosaigh TnaG (Teilifís na Gaeilge mar a bhí aithne ar TG4 roimhe) bhí an cineál cumhacht más maith leat ag na craoltóirí, chuir muid sceideal le chéile, chuir muid ar fáil é agus bhí an lucht féachana in ann suí síos agus breathnú ach ní raibh rogha acu seachas athrú ó chainéal amháin go cainéal eile.”

Anois tuigeann Ní Choistín go bhfuil athrú tagtha ar an gcultúr agus tá sise agus an craoltóir ag iarraidh dul i ngleic le lucht féachana atá ag íoc as seirbhísí sruthaithe, teaghlaigh le cuntas sruthaithe amháin nó níos mó acu san teach.

“Ó thaobh TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí caithfimid dul i ngleic leis sin agus tuiscint ar mheon an lucht féachana i leith cén uair go bhfuil siad ag iarraidh breathnú ar ábhar agus céard iad na pátrúin fhéachana anois atá ann maidir le ré an rogha.”

 Tá seinnteoir TG4 thar a bheith gnóthach agus áirítear é ar an seinnteoir is fearr ná seinnteoir RTÉ. Tá go leor ábhair le fáil air, sruthú beo, sraith dhrámaí, cláracha siamsaíochta agus bratlong TG, is dócha, is é sin Ros na Rún.

“Rud atá tugtha faoi deara againn mar shampla ná go bhfuil an-éileamh ar Ros na Rún ar an seinnteoir agus go bhfeicfidh muid ó na figiúirí féachana a fhaigheann muid ar an seinnteoir go bhfuil an t-uafás daoine ag teacht ag breathnú ar Ros na Rún,” dúirt sí, ag tabhairt le fios go bhfuil eagráin Ros na Rún a chraoltar dhá uair sa tseachtain ar an teilifís, ar an Máirt agus ar an Déardaoin, á scaoileadh amach ar an seinnteoir an lá róimh ré.

Tá sé i gceist seo a dhéanamh leis an tsraith iomráiteach, Laochra Gael, i mbliana agus beidh an t-eagrán na seachtaine ar fáil ar an seinnteoir ar an lá céanna go dtéann sé amach ar an teilifís.

Sraith eile atá ag mealladh lucht féachana agus airde ná Crá, sraith bhleachtaireachta suite in iargúltacht Thír Chonaill, an chéad sraith inchreidte dá leithéid déanta in Éirinn is cuma cén teanga, deirtear.  D’éirigh go geal leis an gcéad séasúr agus tá tús curtha le léiriúcháin ar an láthair ar an dara sraith le seachtain.

Agus TG4 ag druidim le 30 bliain ar an aer, tá sé curtha roimpi ag Ní Choistín go mbeidh seirbhís nuachta ar líne ag an gcraoltóir faoin am go mbeidh an lá breithe suntasach sin á cheiliúradh ar Oíche Shamhna.

The Journal / YouTube

Faoi láthair faigheann TG4 a seirbhís nuachta ó RTÉ mar chuid de shocrú atá ann, a leagadh síos sa reachtaíocht nuair a bunaíodh TG4 (TnaG mar a bhí) go solathródh an chraoltóir náisiúnta luach uair a chloig de chláracha in aghaidh an lae don gcainéal Ghaeilge.  San áireamh san uair a chloig sin tá clár leath uaire nuachta a chraoltar gach lá ag 7in.  

Tá caint ag dul i dtreis go mbeadh seirbhís nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ le tamall, go háirithe ón am gur ghlac an Rialtas le moltaí i dTuarascáil Um Thodhchaí na Meán a foilsíodh i 2022, ceann acu ar mhol go mbeadh seirbhís neamhspleách nuachta ag TG4, ceann eile a mhol go ndéanfaí tuarascáil ar leith ar na meáin Ghaeilge.

Tá roinnt céimeanna glactha agus á nglacadh ag TG4 i dtreo seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú. Tá seirbhís nuachta don aos óg, Nuachta Cúla4, ar an aer ó Mheán Fómhair 2023 agus tá an tseirbhís nuachta sin á sholáthar do TG4 ó chomhlacht Chonamarach, Fibín, atá ceannáras agus stiúideo acu béal dorais le ceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann.

Rud atá ar iarraidh, áfach, ná seirbhís nuachta ar líne nó, is cirte a rá, uile-ardán agus tuigeann Ní Choistín go bhfuil gá ag TG4 lena leithéid go práinneach.

Rinne muid féin taighde a choimisiúnú faoi seo i 2021 – rinne Ollscoil na Gaillimhe agus Red C an taighde agus léiríodh go suntasach go raibh 79% de phobal na Gaeilge ag lorg nuacht ar líne ag an am sin agus bhain sé siar sin siar as pobal na Gaeilge agus as iriseoirí mar níor thuig daoine go raibh sé amhlaidh.

“Bhí nuacht ar an raidió sa darna háit agus nuacht teilifíse sa tríú háit – tá obair le déanamh ag TG4 maidir le seirbhís a chur ar fáil don lucht féachana mar atá uathu.”

Tá sé i gceist ag Ní Choistín go mbeidh an tseirbhís nua beo le linn 2026. Go deimhin tá sprioc ar leith aici.

“An sprioc atá againn go dtosóidh muid seirbhís nuachta ar líne, go mbeidh sé ceangailte leis an tseirbhís teilifíse Nuacht TG4 ach go mbeidh muid ag forbairt seirbhís seacht lá na seachtaine a bhéas ar fáil le freastal ar an lucht féachana san áit a bhfuil siad ag lorg an nuacht ar dtús agus is é sin ar líne.

“Beidh muid tríocha bliain ar an aer ar Oíche Shamhna i mbliana agus tá súil againn go mbeadh tús le seirbhís nuachta ilardán thart ar an am sin freisin.”

Sprioc uaillmhianach ach ab aisling é TG4 riamh agus tá sé cuí go mbeadh an staisiún aislingeach i gcónaí. An rud b’iontaí faoin agallamh ná gur éirigh linn breis is leath uair a chloig a chaitheamh ag caint gan maoiniú, an cheist is giorra don scornach ag an gcraoltóir Ghaeilge ar feadh na mblianta, a lua uair amháin.

Sin scéal do lá eile!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

 

 

 

 

 

 

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds