We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Cuireadh an Taoiseach Mícheál Martin faoi agallamh ar eagrán na seachtaine seo de 7 Lá ar TG4. Screenshot ó 7 Lá

'Níl morán taobh thiar' d'fheachtas Shinn Féin ar son reifrinn d'aontú na tíre - An Taoiseach

Creideann Mícheál Martin go mbeadh reifreann ar aontú na hÉireann i 2030 ró luath agus nach n-eireodh leis.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SINN FÉIN ag iarraidh ceist pholatúil a dhéanamh as iarracht an pháirtí ar son reifrinn ar aontú na tíre ach níl morán ar chúl an fheachtais, dúirt an Taoiseach Mícheál Martin agus é faoi agallamh ar 7 Lá ar TG4 aréir. 

In agallamh leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra, dúirt an Taoiseach gurb é an togra faoi An Oileán Comh-roinnte atá á chur chun tosaigh ag a Roinn an togra ba thábhachtaí maidir le h-aontú na tíre ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus dúirt gurb é athmhuintearas a chothú an tosaíocht a bhí aige, mar a bhí ag ceannairí eile ar Fhianna Fáil roimis, leitheidí Seán Lemass agus Éamon Devalera.

Thug sé le fios nár chreid sé go mbeadh reifreann ann ar an gceist roimh 2030 mar nár chreid sé go mbeadh móramh ar son athaontuithe na tíre faoin am sin.

Is minic é tuartha agus éilithe ag Sinn Féin go mbeadh reifreann ar an gceist i 203o agus iad ag cur brú ar an Rialtas bheith ag réiteach ar son reifrinn agus ag feachtasú ar son athaontú na tíre.  Faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta, is ag Stat Runaí Thuaisceart Éireann an amlíne do reifreann a shocrú agus a fhógairt.

“Caithfimíd daoine a thabhairt le chéile agus, mar shampla, táimíd congarach anois chun an droichead ag Narrow Water a chriochnú,” dúirt sé, ag tagairt don droichead trasna Loch Cairlinn a cheanglaíonn Caol Uisce i gContae an Dhúin agus Oméith i gContae Lú. 

Togra é seo atá tábhacht siombalach leis, dar leis, ach anuas ar sin, creideann sé go mbeidh sé ina leas mhór eacnamúil don bpobal a chónaíonn ar dhá thaobh na teorainne sa cheantar. 

“Tá sé beagnach ann,” dúirt sé, ag tabhairt le fios go mbeadh an droichead criochnaithe roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Ag freagairt na ceiste ón laithreoir faoin chaint ar reifreann ar athaontú na tíre, dúirt an Taoiseach. 

“Séard atá i gceist ag Sinn Féin agus pairtithe eile ná polataíocht agus saghas feachtas ach níl morán taobh thiar de, níl morán substaintiúil ann i mo thuairim féin.

“Mar is obair an chrua é daoine a thabhairt le chéile, caithfidh tú é a dhéanamh lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana.

“An rud is tábhachtaí ar an oileán seo faoi láthair i mo thuairimse ná i bhfad níos mó ceangailtí idir dhaoine, i bhfad níos mó tuisceana idir dhaoine agus sin atá faoi chaibidil againn, cúrsaí cultúrtha, filíocht, litríocht.

“Tá grúpaí tagtha le chéile de bharr an tionscnamh seo, tá sin ana thábhachtach agus i bhfad níos fearr ná reifreann a bheith againn ró luath nó níl aon dealramh ar an scéal go mbeidh reifreann ann roimh 2030 agus go mbeidh vóta i bhfabhar aontú na tíre.

“Diaidh ar ndiaidh, tá daoine ag éirí níos muiníní agus ba chóir dúinn seans a thabhairt don bpróiséas seo.”

Dúirt sé gurb é an cheist ba thábhachtaí a raibh ann, níos tábhachtaí ná cén córas pholatúil a bheadh ann, ná an mbeadh daoine ábalta obair le chéile agus traenáil le chéile.

Le linn an agallaimh, freisin, dúirt sé go mbeadh sé ag dul go Washington ar Lá Fhéile Phádraig agus go gcasfadh sé leis an Uachtarán Trump ann.  Tá ceannairí Shinn Féin, Mary Lou McDonaldh agus Céad Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, tar éis a rá nach rachadh siad go Washington don dara bliain as a chéile mar agóid in éadan ionsuithe Iosrael ar Ghaza. 

Thug an Taoiseach le fios freisin go mbeadh sé ag leanúint ina ról mar cheannaire ar Fhianna Fáil go dtí an olltoghchán cé gur admhaigh sé go raibh bliain ana dheacair aige anuraidh agus go raibh díomá pearsanta air faoin slí ar chriochnaigh an toghchán don Uachtarántacht gan aon iarrthóir óna pháirtí bheith san áireamh cé gur thug seisean tacaíocht d’iar bhainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, bheith ina iarrthóir d’Fhianna Fáil. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds