We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Seo rogha de na postálacha a foilsíodh ar an leathnach Facebook le nuacht as Gaeilge ina raibh tionchar na Síne le braith air.

An bhfuil Beising ag iarraidh tionchar a thréisiú le nuacht as Gaeilge déanta sa tSín?

D’fhéadfadh go bhfuil baint ag leathnach Facebook le nuacht as Gaeilge le h-iarracht na Síne tionchar a imirt in Éirinn.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SCÉALTA NUACHTA as Gaeilge, agus moladh don tSín á thuairisciú ag sciar maith acu, á fhoilsiú ar leathanach Facebook le tuairim agus mí anois, tá sé tagtha chun solais.

Dornán scéalta atá i gceist agus an chosúlacht orthu gur aistrigh inneall aistriúcháin iad ó Bhéarla nó teanga éigean Síneach go Gaeilge.

I measc na scéalta is déanaí a tugadh faoi ndeara ar CGTN Gaeilge, tá tuairisc ar theachtaireacht chomhghairdis a sheol Uachtarán na Síne Xi Jinping chuig Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tar éis gur insealbhaíodh í an tseachtain seo.

Sa phostáil ar Facebook, tuairiscítear an méid seo faoi theachtaireacht atá luaite leis an Uachtarán Xi JinPing go dtí an tUachtarán Connolly:

Dúirt Xi gur bhain an tSín agus Éire amach rath iontach trí chomhfhoghlaim, trí chomhoibriú cairdiúil, agus trí chomhfhorbairt le 46 bliana anuas ó bhunú chaidreamh taidhleoireachta.

Is ionann an teachtaireacht seo agus postáil ar shuíomh idirlín Buan Mhisean na Síne dos na Náisiúin Aontaithe agus Eagrais Eile. Tá an Buan Mhisean seo suite i Vienna na hOstaire.

I scéal eile tá tuairisc faoi mholadh don tSín as ucht a ról san “aistriú glas” ag COP 30 atá ag titim amach sa Bhrasail faoi láthair.

Tá go leor míreanna eile ar an leathanach Facebook, scéalta gairid le pictiúr tarraingteacha atá i gceist ach níl aon nasc go dtí suíomh idirlín seachtrach le cliceáil air. Anuas ar sin, níl aon fhoilsitheoir luaite leis an suíomh faoin gclib eolais a bhíonn ar Facebook.

Dar leis an eolaí slándála, Declan Power, tá an cuma ar na scéalta atá á fhoilsiú gur iarracht é seo ‘cumhacht bhog’ a úsáid chun tionchar na Síne a threisiú in Éirinn.

“Tuigeann na Sínigh go bhfuil eiginnteacht agus teannais in Éirinn agus bhí gnóthaí na hÉireann le feiceáil go hidirnáisiúnta le tamall anuas mar gheall ar an toghchán Uachtaránachta,” dúirt Power le The Journal.

“Is cosúil go bhfuil lucht cumarsáide straitéiseach na Síne ag iarraidh adhmaid a bhaint as an méid sin agus ag cur cruth níos mó orthu féin ag an am céanna.”

I measc na bpostálacha ar ghnóthaí na hÉireann atá ar an leathanach Facebook seo, tá scéalta freisin faoin tSín, ceann amháin a chuireann síos ar ionaid nua thógtha do chluichí náisiúnta na Síne ina maítear go bhfuil siad ag glacadh le “fís inbhuanaithe”.

Dar le Power, go raibh na postálacha seo, cosúil le cinn eile dírithe ar phobail eile san iarthar, ag iarraidh daoine a mhealladh lena dteachtaireachtaí atá gairid agus léirithe le pictiúr tarraingteacha agus go raibh sé sa nádúr ag daoine ceangal lena leithéid de chuntas mar nach n-iarann iad mórán airde.

“Ní thugann daoine mórán airde orthu mar níl cuma pholaitiúil orthu – ach is bealach iad chun an phlé a threorú i dtreo áirithe, nach bhfuil naimhdeach don tSín.”

Dúirt sé go raibh grúpa ag comhoibriú idir an tAontas Eorpach agus Eagras Chonartha an Atlantáigh Thuaidh (ECAT/NATO) chun dul i ngleic le bréag eolas agus mífhaisnéis agus eolas a mhalartú mar gheall air.

“Ar feadh na mblianta fada ní raibh baol orainn teacht i ngiorracht don pháirc chatha chinéiteach, an áit a mbeadh an troid idir fórsaí míleata, ach anois tá cogaíocht hibrideach ar bun.

“Ní féidir leis an Stát an t-eolas sin a choimeád amach mar gur stát oscailte is saor sinn – má dhéanann siad amach go bhfuil an t-eolas ag imirt tionchar, beidh siad san áit gur féidir leo an teas a ardú ar cheisteanna níos conspóidí.”

Dúirt sé gurb é an chosaint ab fhearr daoine a chuir ar an eolas faoin méid a bhí ag titim amach ionas go bhféadfaidís a gcinntí féin a dhéanamh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds