We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Alamy Stock Photo

Tuairim Má táimid dáiríre faoin nGaeilge, tá sé réasúnta a bheith ag súil go mbeadh an tUachtarán in ann í a labhairt

Tá tiomantas ó chroí don Gaeilge riachtanach don Uachtarán, a scríobhann Prof Laura Cahillane agus Dr Seán Ó Conaill.

(You can read an English version of this piece here.)

I RITH AN fheachtais reatha tá ceist amháin á fhiosrú arís is arís eile: Ar cheart go
mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán?

Mar fhreagra ar seo chur Daithí Ó Sé ceist eile leis: “An bhfuil aon tír eile ar domhan ann a chuirfeadh an cheist seo orthu féin, an bhfuil sé riachtanach go mbeadh céad teanga na tíre ag an gCéad Saoránach?”

Tá cás ann le rá go mba cheart go mbeadh cur amach ag an Uachtarán ar an nGaeilge de bharr ndualgaisí bunreachtúla atá ar an Uachtarán.

Nuair a lead Éamon de Valera amach ról an Uachtaráin ‘sna díospóireachtaí Dála ar an mBunreacht, rinne sé cur síos air mar ról “chun cearta na ndaoine a chosaint agus go príomhúil leis an mBunreacht féin a chosaint”.

Tá an fhreagracht seo le feiceáil go soiléir ‘sna sé chumhacht lánroghnacha atá ag an Uachtarán agus é/í in ann iad a úsáid ar a chomhairle féin; an chumhacht le billí a chur os comhar na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26, go príomhúil, nuair a ardaítear ceist faoi bhunreachtúlacht.

Tábhacht bhunreachtúil

Gan dabht, is í an chumhacht a bhaineann le bíllí a chur os comhar na Cúirte an chumhacht is tábhachtaí agus tá leas bainte aisti cúpla n-uaire, níl leas bainte ag aon Uachtarán as na cumhachtaí eile lánroghnach go dtí seo.

Is cumhacht thromchúiseach í an chumhacht seo, nuair a dhearbhaíonn an Chúirt Uachtarach go bhfuil bille bunreachtúil, ní féidir le haon duine cur ina choinne ar an mbonn sin arís. Ciallaíonn sé seo go bhfuil gá go mbeadh tuiscint láidir ag an Uachtarán ar nithe bunreachtúla le measanú a dhéanamh maidir le cathain ar cheart bille ar chur os comhar na Cúirte.

Tá ról faoi leith ag an nGaeilge anseo. Is í an leagan Gaeilge an leagan údarásach de Bhunreacht na hÉireann agus ní an leagan Béarla. Ní aistriúcháin simplí í an leagan Gaeilge ach an oiread.

Go luath sa phróiseas, nuair a bhí an Bunreacht á dhréachtú, bhí sé ar intinn ag De Valera leagan i nGaeilge amháin a bheith ann. Sa deireadh, dréachtaigh foirne faoi leith leagan i mBéarla agus leagan i nGaeilge agus de bharr seo tá difríochtaí sna téacsanna.

Mar shampla, luann an teasc i mBéarla “Every citizen who has reached his thirty-fifth year of age is eligible” le beith ina Uachtarántugann sé seo le fios go mbeadh duine atá 34 bliana d’aois cáilithe don ról. Deir an leagan Gaeilge áfach gur cheart go mbeadh “cúig bliana tríochad slán” (35 bliain críochnaithe) ag aon duine sula baineann siad an ról amach agus dá bhrí sin tá riachtanais ann go mbeadh an t-iarratasóir 35 bliana d’aois.

Tá níos mó ná ábhar suime teicniúil anseo – léiríonn sé dúinn go bhfuil tús áite dlíthiúil ag an leagan Gaeilge.

Níl aon cháilíocht faoi leith ag teastáil don Uachtaránacht. Toisc scóip teoranta na gcumhachtaí lánroghnacha, bheadh sé deacair argóint gur cheart go mbeadh líofacht sa Ghaeilge nó fiú traenáil i ndlí bunreachtúil riachtanach ó thaobh na Bunreachta de. Níl i gceist ansin, áfach, ach dearcadh dlíthiúil. Feictear tionchar na hUachtaránachta sa siombalachas agus sa ról atá ag an oifig mar ionadaí ar Mhuintir na hÉireann.

Má táimid dáiríre faoinár bhféiniúlacht chultúrtha, ár n-oidhreacht, ár dtraidisiúin, agus ár dteanga, tá sé réasúnta a bheith ag súil go mbeadh an tUachtarán in ann ár dteanga náisiúnta a labhairt go leibhéal áirithe.

Molann an teoiric Governmentality, a chuir an scoláire Francach Michel Foucault chun cinn, go gcuirfeadh an rialtas dlíthe agus polasaithe i bhfeidhm chun a shochaí a mhúnlú.

Má tá Stát na hÉireann dáiríre faoin nGaeilge, bheadh sé réasúnta le súil go mbeadh ionadaí na Saoránach in ann an Ghaeilge a labhairt.

Taispeánann stáit dhátheangacha nó ilteangacha eile cé chomh tábhachtach is atá sé seo. I gCeanada, mar shampla, táthar ag súil go mbíonn na Seanascail líofa go hiomlán i mBéarla agus san Fhraincis.

Sa bhliain 2021, ceapadh Mary Simon, bean a labhair Béarla agus Inuktitut ach a raibh a Fraincis teoranta, agus díospóireacht mhór dá bharr seo. Cé gur gheall sí feabhas a chur ar a cuid Fraincise, léirigh an chonspóid sin cé chomh domhain is a bhí an dátheangachas fréamhaithe i meon sochaí Cheanada.

Fiú i gcásanna ina sroicheann iarrthóirí oifigí arda gan líofacht sa dá theanga, bíonn an t-ionchas ann go bhfoghlaimeoidís an teanga oifigiúil eile. Infheistíonn Ceanada acmhainní suntasacha freisin i dtraenáil bhreithiúna chun Béarla agus Fraincis a fhoghlaim mar an chéad chéim tar éis a gceapacháin, sula dtosaíonn siad ar a ndualgais fhoirmiúla fiú.

Tiomantas don teanga

Tá taithí den chineál céanna in Éirinn. Cé nach raibh Mary McAleese líofa sa Ghaeilge nuair a thoghadh í, d’aithin sí tábhacht na teanga ina hoifig agus d’oibrigh sí go dian chun feabhas a chur uirthi. Le himeacht ama, bhí sí compordach ag tabhairt óráidí agus ag plé leis an bpobal trí Ghaeilge, rud a léirigh siombalachas na teanga don Uachtaránacht.

Nuair a ceapadh Joe McHugh ina Aire agus freagracht aige as an nGaeilge, d’admhaigh sé nach raibh aon Ghaeilge aige. Chuir an tAire McHugh tús lena fhoghlaim, agus le díograis mhór d’éirigh leis a dhualgais oifigiúla a chomhlíonadh trí Ghaeilge laistigh de thréimhse ghearr.

Ní hé ár ndearcadh go mbeadh leibhéal éigeantach Gaeilge ag teastáil roimh d’iarrthóir bheith in ann seasamh don oifig; d’fhéadfadh meon dá leithéid drochthoradh a thabhairt, rud a bheadh eisiach agus d’fhéadfadh drochthionchair a bheith aige, cosúil leis na cásanna sa Bhreatain Bhig nuair a bhraith roinnt polaiteoirí gur mhothaigh siad míchompordach agus iad ag úsáid a mBreatnaise toisc nach raibh a dhóthain líofacht acu.

B’fhéidir nach mbeadh sé praiticiúil riail dhlíthiúil a dhéanamh den Ghaeilge don oifig, ach ba cheart go mbeadh ionchas daingean ann fós go dtaispeánfadh sealbhóir na hoifige aidhm shuntasach chun dul i ngleic leis an teanga ar bhealach macánta agus substaintiúil. Dá lagófaí é seo, ní hamháin go laghdófaí ról siombalach na hUachtaránachta ach bheadh sé ina chéim mhór ar ais i gcur chun cinn ár dteanga náisiúnta.

Mar a dúirt Daithí: “Is í an Ghaelainn a chuireann an t-uachtar isteach san Uachtarán agus tá’s againn ar fad go dtagann an t-uachtar amach ar barr.”

Is Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Luimnigh í Prof Laura Cahillane. Is léachtóir le Dlí Bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh é an Dr Seán Ó Conaill.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds