We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is é Antóin Beag Ó Colla ó Ghaeltacht Thír Chonaill duine de na scríbhneoirí ar scannán nua faoi dhalta trasinscneach ag freastal ar Choláiste Ghaeilge sa Ghaeltacht. Antóin Beag Ó Colla

Scríbhneoir Gaeltachta ag súil le filleadh abhaile le scannán faoi dhéagóir thrasinscneach

Is é seo an scéal i ngearrscannán nua atá faoi scéim atá urraithe ag TG4, Fís Éireann agus Scáileann Thuaisceart Éireann.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SCRÍBHNEOIR Ó Ghaeltacht Thír Chonaill ag súil le filleadh ar a fhód dhúchais chun tús a chur le léiriú ghearr scannán nua atá scríte aige le fuirseoir aitheanta faoi dhéagóir thras-inscneach a théann go Coláiste Samhraidh agus na ceisteanna a chuireann sin ar lucht eagair an chúrsa Gaeilge.

Labhair an scríbhneoir Antóin Beag Ó Colla, fear aerach ó cheantair Mhachaire Rabhartaigh i dTír Chonaill ó dhúchas, dúthaigh atá gar don bhFal Carach, le The Journal faoin togra  dar teideal ‘Fear’ agus dúirt go raibh meascán den ngreann is dáiríre ann ach go raibh go leor pointí láidre á dhéanamh ann freisin. 

Dúirt sé nach de thimpist go raibh imeartas focal i gceist leis an dteideal, an focal céanna d’fhear as Gaeilge agus eagla as Béarla.

Is scríbhneoir é Antóin atá tar éis bheith ag obair ar shraitheanna ar nós Callan’s Kicks, Fair City, Hollyoaks agus atá anois ina thaighdeoir ar Emmerdale agus é lonnaithe cuid den am i Learpholl, Sasana, agus an chuid eile den am i mBéal Feirste. B’é Ó Colla a scrígh an scannán ‘Rúbaí‘, scannán faoi chailín Gaeltachta a dhiultaigh glacadh le Céad Comaoine agus a fuair go leor moladh nuair a léiríodh é i 2013.

Fuirseoir isea an scribhneoir eile, Grace Mulvey, agus fuair a seó ag an féile Fringe i nDún Éidean na hAlban ard mholadh anuraidh.   Is é Oisín Ó hEartáin an stiurthóir atá luaite leis an dtogra.

Is é an moladh le h-aghaidh ‘Fear” ceann de thrí mholadh atá ag fáil tacaíocht arbh fhiú €30,000 faoin scéim Tús, scéim atá á riar ag TG4 in éineacht le Fís Éireann agus Scáileán Thuaisceart Éireann.

Is scéim é seo agus a leath bhadóir, Céim Eile, atá ag iarraidh glúin nua scannáin a thabhairt chun tosaigh le go mbeidh siad san áireamh le h-aghaidh gradaim móra na scannánaiochta, mar a bhi ‘An Cailín Ciúin’ do Oscar i 2023.

Tá Ó Colla oscailte go bhfuil sé ag tarraingt óna eispearas féin mar dhuine aerach ag fás suas i gceantair tuaithe sa Ghaeltacht agus é ag tuiscint go raibh daoine á mhaslú is ag rá rudaí aineolacha faoi. 

In ainneoin a thaithí féin, áfach, thuig sé ná raibh sé chomh h-eolach is a cheap sé faoi dhaoine ‘trans’ nó d’admhaigh sé gur chaith sé tuairim is cúig mhí ag obair ar Hollyoaks le h-eagarthóir scripte a dúirt leis ag deireadh an tréimhse sin go raibh sé tras inscneach. 

“Ní bheadh a fhios agam seachas sin,” dúirt sé.

Bhí sé an shuimiúil domh féin mar shíl mé go raibh a fhios agam faoi chuile rud trans ach ansin thuig mé nach raibh an méid sin ar eolas agam.

D’iarr sé féin agus a chomh scríbhneoir scripte comhairle ón eagarthóir scripte céanna agus bhíodar sásta leis an aischothú a tugadh dóibh. 

“Nuair a raibh an script déanta againn sheol mid é chuig grúpaí éagsúla san earnáil in Éirinn agus sa Bhreatain le h-aghaidh ‘sensitivity read’ agus bhí siad an sásta carachtair a fheiscint ná rabhmar ag deileáil leis sa doigh céanna agus a deineadh i scannáin eile.

Nuair a chíonn tú déagóirí trans ar an scáileán go ginearálta, tá siad ag ínsint do dhaoine go bhfuil siad trans don gcéad uair agus tá sé trom – bhíomar ag iarraidh scríobh faoi dhuine a raibh sásta rá ‘táim trans agus sin é’.

Dúirt sé gur thuig sé féin agus an scríbhneoir eile go maith gur ábhar trom chúiseach atá i gceist le cúrsaí trasinscneach agus gur féidir go mbíonn daoine an bhuartha faoi ach gur thuig siad freisin go bhféadfaí pointí láidre a dhéanamh ag baint úsáid as an ngreann.    

Dar leis go raibh go leor tar éis athrú ó thaobh meon an phobail ina cheantar féin ón am go raibh sé ag fás suas agus, in ainneoin gur ceantar iargúlta í an Ghaeltacht, go raibh daoine ana fháilitiúil ann.

Nuair a bhíos deich mbliana d’aois i 1993 bhí sé fós i gcoinne an dlí bheith aerach – agus i 2026 tá posadh aon inscne dleathach.

Anois ar an bhFal Carach, tá féile bród ann agus an iarracht á dhéanamh a chinntiú go bhfuil fáilte ann roimh dhaoine aerach, rud a chuireann Antóin fáilte leis. 

Agus é lonnaithe i Learpholl imríonn sé sacar ann le foireann aerach le go leor baill trans, Mersey Marauders, agus le foireann trasinscneach mar go raibh siad ag lorg daoine sa bhreis, Liverpool Trans and Emby FC, agus tá sé tar éis go leor taighde a dhéanamh ag iarraidh eolas a fháil faoi dhaltaí trasinscneach agus coláistí Gaeilge. 

Cé go bhfuil deontas €30,000 ceadaithe don togra, tá go leor oibre le déanamh fós.  Tá Antóin ag súil go mór le tús na scannánaíochta agus é dóchasach gur féidir é a scannánú ina cheantar dhúchais féin, i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Ceann de na dúshláin a bheidh rompu aisteoir trasinscneach a fháil le Gaeilge Bhaile Átha Cliath chun ról Dhreoilín, an phríomh charachtair, a dhéanamh. 

Dúshlán eile atá rompu an trath ceart a fháil chun an scannánaíocht a dhéanamh nó beidh orthu é a dhéanamh le linn seal dea-aimsire roimh thús shéasúr na gcoláistí Ghaeilge.

Tá dhá togra eile ceadaithe faoin scéim chéanna, atá á riar ag TG4 in éineacht le Fís Éireann agus Northern Ireland Screen. 

Rámhaí óg ag streachailt le chaidrimh phearsanta agus mianta a chroí an príomh charactair in ‘An Scoilt’ agus is é Barra Convery a bheidh á stiúradh ag Upon Blue Ridge Productions.   Tá saol na dtionchóirí faoi chaibidil i ‘Haigh a Cháirde’, saothar atá á bheartú ag Danú Media. 

Ní bheadh a fhios agat ach go bhfeicfeá stiurthóir nó scríbhneoir ón mbaicle seo ar an ardán ag na hOscars sa todhchaí!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds