We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Standún, Birr, Co. Offaly. Conor Brummell.

'Tá níos mó béime ar earraí Éireannacha tar éis Covid': Standún i mbun gnó le 80 bliain

Beidh lán fáilte roimh an nGaeilge sa siopa nua i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

TÁ AN GNÓ Gaeltachta teaghlaigh aitheanta, Standún, tar éis suíomh nua a oscailt i mBiorra, Co Uíbh Fháilí, agus iad ag ceiliúradh beagnach 80 bliain ar an bhfód.

Bunaithe ag Máirtín Standún, Gaeilgeoir ón Learpholl agus a bhean chéile May Mulready in 1946 i Spidéal, Co. na Gaillimhe, d’fhreastail Standún’s ar dhaoine áitiúla i gConamara.

Bhí earraí tí, breosla agus pé rud eile a bhí ag teastáil ag muintir na háite ag an am sin ar dhíol ag Standún.

Ag labhairt di le The Journal, dúirt Clíona Ní Standún, stiúrthóir bainistíochta an tsiopa sa lá atá inniu ann, go bhfuil fás ollmhór tar éis teacht ar an gnó ón 1946. 

“Nuair a bhí mo mhamó agus daideo ag ríocht ar an siopa, bhí teachín bheag acu sa Spidéal agus ní raibh ach siopa amháin ann,” a dúirt sí. 

“Agus ansin in 1973, thosaigh mo dhaid ag ríocht ar an siopa agus thug sé faoi dheara go raibh níos mó turasóirí ag teacht chuig tír ag an am sin agus thosaigh sé ag díriú orthu féin. Thosaigh sé ag díol earraí cosúil leis an ngeansaí Árranach.”

Ó 2010 ar aghaidh, thosaigh Clíona í féin agus a deirfiúr Laragh Ní Standún ag bainistíocht an tsiopa sa Spidéal agus d’oscail siad áit nua in Uachtar Ard i gCo. na Gaillimhe i 2018. 

Rinne siad an cinneadh díriú ar dhaoine áitiúla Éireannacha agus turasóirí araon, agus bíonn meascán idir an dá ghrúpa sin ag teacht chuig Standún anois.

Ach, mar gnó Gaeltachta, conas a tháinig an bheirt dheirfiúr ar an gcinneadh siopa nua a oscailt i lár na tíre?

“Bhuel, bhí muid ag cuartú siopa agus áiteanna ar feadh tamaill,” a deir Ní Standún, “agus tháinig an siopa seo aníos ar an bpríomhshráid [i mBiorra].”

“Is baile oidhreachta í seo agus bhí sé tábhachtach dúinn áit a roghnú a mheallann turasóirí agus go mbíonn go leor daoine áitiúla ann freisin. 

“Thuig muid faoi deara nach raibh aon duine ag díol na hearraí Gaelacha óna ceantracha atá timpeall orainn i gConamara i lár na tíre, agus thaitin an áit go mór linn,” a dúirt sí. 

Dúirt Ní Standún go mbíonn dúshlán faoi leith acu i rith an gheimhridh nó tar éis an samhradh nuair a bhíonn níos lú daoine ag teacht go Conamara ar laethanta saoire, ach dar léi, “bíonn mí Eanáir agus Feabhra i gcónaí ciúin”. 

“Níl sé mar a bhí sé nuair a bhí mo dhaid ag bainistíocht ar an siopa agus é ag brath ar thurasóirí amháin. Bhí an siopa dúnta ar feadh sé mhí ag an am sin.

“Ach na laethanta seo, sílim go bhfuil sé mar a chéile do chuile áit i ndiaidh na Nollag agus is dóigh go dteastaíonn an t-am sin uainn le rudaí eile a fháil déanta.” 

Agus iad ag freastal ar phobal nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhteanga san áit, dúirt Ní Standún go mbeadh “fáilte mhór roimh an nGaeilge” sa stór má tá muintir na háite ag iarraidh a gcúpla focal a úsáid. 

“Tá go leor comharthaí agus earraí sa siopa le Gaeilge scríofa orthu. Má tá mise anseo, beidh lán fáilte roimh dhaoine Gaeilge a labhairt liom,” a dúirt sí. 

Ag amharc ar aghaidh ar an am atá le teacht, deir Ní Standún gur bhreá leo níos mó siopaí a oscailt timpeall na tíre sna blianta amach anseo agus go bhfuil siad ag tnúth go mór le 80 bliain ar an bhfód a cheiliúradh in 2026. 

“Tar éis Covid, thug mé faoi deara go raibh níos mó béime ar earraí Éireannacha agus bhí daoine ag iarraidh tacaíochta a thabhairt do ghnólachtaí Éireannacha freisin.

“Is dóigh go bhfuil muid ag cuimhne ar na hathruithe uilig atá tagtha ar an ngnó ó thosaigh sé 80 bliain ó shin.

“Agus is dóigh, níl mórán comhlachtaí atá fós ar an bhfód ón am sin so táimid an-sásta faoi agus beidh cóisir mór againn i gcuile siopa.”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds