We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Cuireadh deireadh le toghcháin do bhórd Údárás na Gaeltachta i 2012 mar bheartas chun airgead a shábháil. Údarás na Gaeltachta

Toghchán Údarás na Gaeltachta go fóill ar an méar fhada agus go leor céimeanna le sárú ag Bille

Ní cosúil go bhfuil aon deabhadh anois ar an Rialtas na toghcháin d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here 

Is cosúil go bhfuil an dáta go dtionólfar toghcháin Údarás na Gaeltachta chomh fada uainn is a bhí riamh tar éis gur fhoilsigh an Rialtas liosta na mbillí atá ar chlár oibre an Oireachtais sa téarma Dála atá romhainn an tseachtain seo.

Cé go bhfuil Bille Údarás na Gaeltachta 2024 ag an gceathrú chéim dá dhul chun cinn tríd an Dáil ach beidh sé chéim eile le sárú ag an mBille, an chéim deireanach sa Dáil agus cúig chéim sa Seanad sula sroicheann sé láimh an Uachtaráin le go dtabharfadh seisean a bheannú do.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, bhí an méid seo le rá ag urlabhraí ar son na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta ar dhul chun cinn an Bhille a cheadódh d’fhilleadh na toghcháin don Údarás.

Beidh an tAire ag coinneáil deiseanna féideartha le haghaidh toghchán faoi athbhreithniú.

“Chríochnaigh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, Céim an Choiste roimh shos samhraidh na Dála,” arsa an t-urlabhraí.

“Tá an Bille os comhair Dháil Éireann faoi láthair, ag an gCeathrú Céim nó Céim na Tuarascála. Leanfar leis an mbille a chur tríd an bpróiseas reachtach agus na leasuithe a bhí luaite ag an Aire ag Céim an Choiste a thabhairt chun cinn.”

Bhíodh toghcháin ann chun comhaltaí boird ionadaíoch ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla a thoghadh go dtí 2012 ach cuireadh deireadh leo mar chuid de bheartais an Rialtais chun airgead a shábháil.

Is iomaí uair go bhfuil gealltanas tugtha ag páirtithe éagsúla go dtabharfar ar ais na toghcháin do bhord an Údaráis. Ina gclár toghcháin roimh olltoghchán na Samhna anuraidh, gheall Fianna Fáil go dtionólfadh an pháirtí “toghcháin dhíreacha do bhord an Údaráis”.

Faoi láthair ceapann comhairlí contae ina bhfuil limistéir Ghaeltachta ionadaithe – ionadaí amháin ó Chiarraí, Gaillimh, Maigh Eo is Tír Chonaill. Bíonn deis ag comhairlí contae ina bhfuil limistéir Ghaeltachta níos lú, Corcaigh, Port Láirge agus Contae na Mí uainíocht a dhéanamh ar a chéile ar feadh tréimhsí dhá bhliana.

De réir na reachtaíochta nua atá á mholadh, beidh bord le sé comhalta déag agus beidh deichniúr á dtoghadh le hionadaíocht a dhéanamh ar na bpobal Gaeltachta agus bheadh an seisear eile le ceapadh tar éis comórtas poiblí.

Níos túisce i mbliana, cheap Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, bord nua de dár dhéag le téarma dhá bhliana.

Ag an am, áfach, bhí sé á thuar go mbeadh an toghchán do bhord an Údaráis faoi na forálacha atá molta sa Bhille atá os comhair na Dála ar siúl an lá céanna leis an toghchán don Uachtaránacht, Deireadh Fómhair 24.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil. 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds