We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gael na nGael), Pádraig Mac Suibhe (An Suibhneach Meann) agus Dómhnall Ó Ceocháin a bhunaigh an Dáimh Scoil ar Lá 'le Stíofáin 1925. Dáimh Scoil Mhúscraí

Dáimh Scoil Mhúscraí ag fiafraí an féidir leis an intleacht shaorga dán Ghaeilge a chumadh?

Tá cúirt filíochta a athbunaíodh céad bliain ó shin ag tabhairt slán traidisiún filíochta Mhúscraí i gContae Chorcaí go fóill.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

IS BEAG DÚSHLÁN nach féidir an intleacht shaorga a úsáid chun tabhairt faoi i ndomhan atá ag brath níos mó ná riamh ar theicneolaíocht ach, anois,tá an cheist á chur ag institiúid filíochta Ghaeltachta cé acu an féidir é a úsáid chun filíocht a scríobh? Dán as Gaeilge abair?

Is mise an Cléireach ar Dháimh Scoil Mhúscraí, tionól bliantúil filíochta a thagann le chéile idir an dhá Nollaig, Lá Nollaig Mhór agus Lá Nollaig na mBan, agus is é ceann de na cúramaí a bhíonn ag an Cléireach ceist a scríobh a spreagfaidh na filí agus na rannairí eile chun pínn.   

I mbliana, ós rud é gurb é an intleacht shaorga ainnir na h-uaire, nó údar conspóide na linne más fearr leat, spreagadh me chun an cheist a chur ag fiafraí cé acu  an bhféadfaí an uirlis nua theicneolaíochta seo a úsáid chun dán as Gaeilge a scríobh?

Tionólfar an Dáimh Scoil san iarnóin (ag tosnú ar 3in) an Domhnach beag seo, 28 Nollaig, in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí.  Athbhunaíodh an Dáimh Scoil céad bliain ó shin sa cheantar tar éis go raibh sé imithe i léig beagnach 100 bliain roimhe sin.

Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gaedhal na nGaedhal a thabharfadh sé air féin mar ainm chléite), Dómhnall Ó Ceocháin agus Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann) an triúr cara le suim sa bhfilíocht a tháinig le chéile ar Lá Fhéile Stíofáin 1925 chun Dáimh Scoil Bhaile Mhúirne a bhunú – d’athraíodh an ainm níos déanaí chun a chinntiú go mbeadh fáilte roimh dhaoine ó gach cúinne de Mhúscraí, barúntacht Ghaeltachta i gcroí lár Chontae Chorcaí.

Bhíodh cúirt filíochta i mBaile Mhúirne i dTigh na Cille in aice le Reilig Ghobnatan. Thug Aogán Ó Rathaille cuairt uirthí sin timpeall na bliana 1700. 

Reacaireacht seachas comórtas

Ní mó ná ócáid chomhluadair é an Dáimh Scoil go fóill.  Tagann daoine ann, bíonn dánta ag roinnt acu agus bíonn an chuid eile ag éisteacht agus ag baint taithneamh as na saothair a bhíonn ag na rannadóirí.  Níl aon chomórtas ann ná moltóireacht ná breithiúnas – is é an rud is mó ar feidir leis an bhfile bheith ag súil leis ná scairteadh gáirí is bualadh bos. 

Sa lá atá inniu ann, tá an Dáimh Scoil an chosúil leis an cineál ócáide a bhíodh ann céad bliain ó shin.  Sa chéad dul síos déanann Uachtarán na Dáimhe cuireadh atá scríte aige nó aici i bhfoirm véarsaí a aithris agus bionn deis ag na filí freagra a thabhairt ar an Uachtarán, arís i bhfoirm véarsaí.

I mbliana tá Seán Óg Ó Duinnín, ard mhaistir ar mheánscoil áitiúil agus fear atá tar éis dhá cheoldhráma a raibh rath orthu a chumadh agus a léiriú, tofa ina Uachtarán don gcéad uair.

D’fhéadfá a rá go bhfuil filíocht san fhuil ag Seán Óg mar a bhí a athair, Seán, rann pháirteach gan teip sa Dáimh Scoil thar na mblianta agus é ag aithris dánta greannmhara is caointe is eile ann go bliantúil go dtí gur cailleadh é i 2009.  

Tá traidisiún na filíochta insan oidhreacht agamsa freisin. Bhí m’athair, Dónal, ina fhile a ghlac páirt sa Dáimh Scoil gach bliain agus bhí m’úncail, Peadar, ina Chléireach romham.  Sean úncail liom abea Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann).

Thar na mblianta ó bunaíodh é ghnóthaigh an Dáimh Scoil cáil sa mhéid is go bhfuair dánta agus amhráin a cumadh ann éisteacht níos forleithne.  Go deimhin bhí ‘An Poc Ar Buile’ ar bharr na gcairteacha in Éirinn breis is trí scór bliain ó shin, amhrán a chum Dómhnall Ó Mulláin,  feirmeoir le feith na filíochta a raibh cónaí air i Screathan na nGamhan, taobh thiar de Chúil Aodha.

FleadhTV / YouTube

Uair éigean sna 1940í, a chan an Mullánach An Poc Ar Buile don gcéad uair ag an nDáimh Scoil.  Timpeall ar scór bliain níos déanaí rinne Seán Ó Sé, amhránaí ó láimh le Beanntraí ach a raibh ag múineadh i gcathair Chorcaí, agus Seán Ó Riada é a thaifead.   

Is mar thoradh ar an dtaifead sin go raibh an amhrán ina ‘bhuile’ nó mar a deirtear as Gaeilge, ‘i mbéal na ndaoine’.  Agus is minic atá sé canta ó shin ag Ó Sé, chomh minic sin, go deimhin, go dtugtar ‘An Pocar’ air mar leasainm i gCorcaigh!

Amhráin agus dánta a chum filí na Dáimhe

Is iomaí amhrán eile, amhráin ar chuala tú iad ar scoil b’fhéidir, leithéidí ‘Táimse agus Máire’, ‘Scoil Bharr d’ínse’, ‘Na Táilliúirí’ agus eile, a chum an Mullánach agus filí eile sa cheantar don nDáimh Scoil, ócaid thaithneamhach a thugadh daoine le chéile le h-aghaidh comhluadar agus éigse i ndúlaíocht an Gheimhridh.

Bhuaigh filí na Dáimhe, leithéidí Pádraig Ó Cruadhlaoich, Pádraig Mac Suibhne agus Proinsías Ó Ceallaigh, duaiseanna go leor ag Oireachtas na Gaeilge lena saothair filíochta agus bhí dánta ag scríbhneoirí eile ar nós Peadar Ó Liatháin agus Séamus Ó Céilleachair a roghnaíodh chun dul ar shiollabas na Gaeilge do dhaltaí meánscoile ar feadh seal.

San am go raibh an Dáimh Scoil in ard a’réime, agus na céadta ag freastal ar an imeacht ó gach cúinne den tír sna 1940í-1960í, bhí an saol i bhfad níos dorcha ná mar atá sé anois, gan fiú soilse phoiblí i gCúil Aodha gan trácht ar theilifís nó idirlín agus mar sin bhíodh fuíollach ama ag dhaoine bheith ag tabhairt faoin bhfilíocht a chumadh.  Bhíodh córas ag an Dáimh Scoil, mar a bhíodh ag na bard scoileanna in Éirinn fadó,  chun ceadúnas a bhronnadh ar scríbhneoirí a raibh caighdeán ard bainte amach acu lena saothar ag léiriú go raibh na scileanna cuí acu agus go bhféadfaidís filí a thabhairt orthu féin.

Rialacha na filíochta

Ní raibh aon ghá le ceadúnas chun do véarsaí a chuir i láthair ag an nDáimh Scoil – agus níl fós.  Is amhlaidh gur meabhrú a raibh ann go bhféadfadh duine a chuid scileanna a fheabhsú agus slacht a chuir ar a shaothar.

Tá rialacha maidir le rithim, rím, meadracht agus comhréir siollaí is a leithéid agus is féidir iad a fhoghlaim chun saothar níos fearr agus níos fileata a chumadh. 

Is é an rud atá ar chúl cheist na bliana seo ná an féidir leis an intleacht shaorga an méid atá déanta go dtí seo a thabhairt san áireamh agus a úsáid chun dán as Gaeilge a chumadh? 

Ag suí anseo cráite ag iarraidh ceist a scríobh,                                          Cad a fhéadfaidh mé a shlánú ó ghorta véarsaí?                                    An bhfuil uirlis nó app a thabharfaidh mé slán                                       Nó an féidir gur AI a scríobhfaidh mo dhán?

eNí fios an bhfuil an intleacht shaorga ábalta filíocht a chumadh ach b’fhéidir go neosfaidh ócáid na bliana seo an féidir nó nach féidir.  Mar sin féin, maireann an traidisiún filíochta i measc an phobail i Múscraí go fóill. 

Beidh imeachtaí na Dáimh Scoile á chraoladh ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta go luath san Athbhliain.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds